ISOS logo
ga

LS R 68

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

R 68

FORUS FEASA

17ú agus 19ú haois. Páipéar. 7.2" × 6". [iv] + 365 + 13 (dearmaid san uimhriú) lch le duilleoga bána ceangail i dtosach agus i ndeireadh. Tá uimhriú ón bpríomhscríobhaí ó 15 go 100 ; uimhriú ón dara scríobhaí ó 101 go 238, agus uimhriú déanach i bpeann luaidhe ar an gcuid eile ; tá go leor dearmad san uimhriú céanna (14 tris, níl aon 132, téitear siar go 147 tar éis 156, 150 quater !). Ennri Mac Árdghuil a scríobh i gColáiste na mBráthar nÉireannach sa Phrág, agus tá 4-8-1663 mar dháta lena cholafan (cf. idir ii agus iii thíos). Leasaigh an Mícheál Ó Raghailligh an leabhar nuair a fuair sé é, agus chuir sé leathnaigh in áit a raibh tollta, agus d'iomlán sé an scríbhinn le cabhair cóipe eile den " dochtúir " (cf. lch 237). Is leis an Raghallach a bhaineann lgh i-14b, 156-237, 362-365. Tá sé d'ádh orainn go maireann colafan an phríomhscríobhaí againn fós. Tá an dáta 1838, agus " Inse Tigh Meádhain" le saothar Uí Raghallaigh. Tá an ls seo ceangailte i gcairtchlár breac le cúinní agus drom leathair. "Keating's Ireland 1663 : O'Renehan MSS. 68" in órlitreacha ar a drom.

[i] . Síniú : "Micheal O Reily of Ennistymon."

[ii]-[iii]. Bán. Eatarthu tá lch deiridh na bunlse ceangailte. "Do Thuathaibh D.D.....9 rígh .... Ar mhodh go bhfuil céad, a deich ceithre fithchead ríogh Éireann rl. Finis." Críoch. M. Ó Raghailligh Keat. mar seo ar lch 365. Lean. Colafan : "Ag sin saothar Dhochtuir Kéittin arna aithsgríobadh leis an mbrathair mbocht d'órd S. Phroinnsias .i. Ennri Mac Árdghuil a cColaisde na mBrathar nEirionnach a bPrága san mBóhémia an bhlíadhuin d'áois an Tighearna 1663. An ceathramadh lá do mhí August. Gach léightheóir do léighfios annso, guídheadh ar son Dé ar an sgríbhneóir, [Fr.] Henricús Ardelius." Faoi sin : gana. A righ na cruinne do bheir loinnir san ngréin go moch. 1 v. Ar a chúl seo síniú ainnis: "Séaghain Úa Spellighsadh (?) au Glancánmaine (?) an 6 la du mhiosa du Abraine 1794."

[iv.] . Míosa na bliana : Tos. Marta, March. Dúch dearg. 1. "FORAIS FEASA AIR EIRINN arna sgríobhadh a n-eagur a ccnuasacht le Seathrún Keiting sagart dochtúir diadhachta." Tos. "An Díonbhrollach" : Cidh beith duinne chuiris roimhe seannchus no sinnsearacht críche san mbíth do leanmhuin [nó] do lorgaireacht. Lean an Raghallach air aghaidh go 14bi. agus, gan briseadh sa téacs, an príomhscríobhaí as sin (Keat. i 33. x) go 155i. Colafan leis an Dionbhrollach : "bhur mbocht chara bithdhílis go bás. Seathrón Keitinn" (lch 34). Faoi sin : Ríghe an Chroibhdeirg, fa sáimh soin. 2 r. "Cuigear do bhí do ghnath saor ó árdchíos rígh Eirionn" : Ó Néill ó Oileach na n-each. 1 r. Nóta croinice ina dhiaidh sin. Lean. Míle bliadhain agus céud. 1 r. (34m.). agus : "William the Conqueror an cnéad lá do mhí Januarii do ghaibh ríghe, Anno Domini 1067."

35 . Tos. FORUS FEASA, faoin teideal "Do Seanchus Éirionn," "do gach ainm dá ttugadh uirre ...."; Ar tús cuirfiom síos gach ainm da raibhe ar Eirinn aríamh : an céad ainm tugadh ar Éirinn, Innis na bhFiodhbadh. Lean. an Raghallach ar aghaidh gan briseadh tar éis 155i. agus críoch. an chéad leabhar le colafan : "Ag sin deire leis an ccéad leabhar do stair Shéathron Keitinn ar ndeanamh an beagán nuadhscríobadh so le Micheál Ó Rághailliogh (ceartaithe ó -dh) a nInse Tigh Meádhainn. Aois Chríost an tan so 1838" (220i.). Lean. an Raghallach leis "An Dara Leabhar" (lch 221) go 231m., agus buaileann sin ag 337m. (==Keat. ii 509) le tosach lgh 238 atá ó láimh an phríomhscríobhaí.

Breacann an Raghallach an leath íochtarach de 237 mar leanas i ndúch dearg : "Bídheadh a fhios agad a léightheoir an tan do fuair mise an seanleabhar so go raibh tríocad duileóg deith tollta le luch do bhain mise na duileoga tollta as fuair me dochtúir oile do sgríobh mé an mhéid easbadh do bhí air mar is léir dhuit bí cinnte go bhfuil an stair foirlionta anois. M. O Rághallaidh." Ansin gana. A righ na cruinne, do bheir luinnir san ngréin go moch. 1 v. "Mícheál O Rághailliogh (ceartaithe ó - dn)." Lean. an príomhscríobhaí ar aghaidh go 361i. Tá nóta ag an Raghallach 361m. "Atá an mhéid so síos ar an lch thall." Ar lch 362 lean sé féin leis na Geinealaigh (leathlch athráite) go deireadh 365m. Faoi sin tá colafan : "Bidheadh a fhios agad a léighthior gurab bráthair bocht d'órd Naomh Proinnsias do sgriobh an seanleabhar so. Éinrígh Mac Árdghuil a ainm a cColáisde na mBráthar nÉirionnach a bPraga san mBohemia do sgríobh se é. An bhliadhain d'aois Chriost 1663."