'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'
Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]
CF 29
GRAIMÉAR : ÁBHAR SPIORADÁLTA
19ú haois. 6.7" X 5.8". 112 lgh, uimhrithe 7-121, ach gan aon 76 ann, agus 118, 119, ar iarraidh. Sé Igh caillte ón tosach; tá ceithre duilleoga eile a léafaí aniar, agus leath de dhuilleog eile, ceangailte laistiar. Tá an clúdach caillte ar fad ach a phréamha fágtha thiar. Tá an chéad lch deacair le léamh, agus na duilleoga breise thiar chomh maith. Tá deasca taise ar an Is go léir ach tá an dubhach athnuaite thall is abhus. Scríobh Donochadh Ó Muirihig / Denis Murray, an t-iomlán seachas beagán scribleála etc. Tá dátaí ó 27-5-1813 (12i.) go 14-10-1822 (95i.) lena scríbhneoireacht. Tugann sé Snipevale mar log ag 95i. agus ‘Tullyignearky County Cork’ ag 102 marg. dext. Tá uimhir na Ise ‘29’ anois ar an gcéad lch. Tá sí á cumhdach i gclúdach litreach teann; a huimhir ‘29’ buailte amuigh air sin.
8 . [THE IRISH ALPHABET]. Lean, ar aghaidh ‘The Five Ipthongs, Na Cúig Ifinne’ etc.. ‘The Fourth Chapter: of the Parts of speech’ (11i.). Téann sé ar aghaidh go dtí ‘The Seventeenth Chapter’, ‘Of the Abbreviations commonly used by the Irish, called nodaigheacht.’ (lch 49-54m.). Tá go leor síniúchán ar fud na lch seo i mBéarla agus i nGaeilge: ‘Denis Murray . . . 27th day of May . . . 1813’ (12i.); ‘Donochadh Ó Muirihig a lámh agus a leabhar Gaodhéilge’ (35i.; 44i.); ‘Críoch ar an aogham craobh le Donnchadh Ó Muirihig . . . 1813’ (45i.). Tá an tráchtas féin leagtha amach go slachtmhar. Fágadh lch 46 bán agus breacadh ainmneacha air ina dhiaidh sin - ‘Mary Murray’, ‘Denis Murray’. Burdúin leis an téacs: Mo mhuirinnse muirinn tar muirinnaibh áile críoch. 1 v. (18i.). ‘Comhairle an Athar don Mhac’: Ógáin fhinn ná bíse ad tfólánach. 1 v. (29i.). Ní chainim duine is ni thugaim mo shlán fa aon. 1 v. (48i.).
54 m. ‘Heighm Páttraig’. Cluintear sonn feacht fáil Eithne annsa gcill is búan bráon. A chríoch doiléir.
56 . ‘Ag so tracht ar MERLINO MALIGNO, agus ar an spioraid eolais . .’. Tos. Do bhí ahach n-aon ’na cómhnaídhe a riogacht na Bohemia . . . Meirlíno Maligno. Stad. an muintir do dhóirt iad féin ar dhianfhulaing (?) ar a son do shíor. ‘Crioch mo ourane’ ó láimh eile.
67 . Dréacht de litir etc. ar na lch 67-70: ‘Tallineskey April 24th, 1828. Dr Brother, I hope you will do me the service of sending me a Latin Grammar and a Caesar . . .’ ‘Daniel Donovan of Garane informs his friends . . . that he has for sale some pure corn for seed . . . Daniel Donovan . . . lived a rogue and died a tyrant’.
71 . ‘Duain chrabhadh do rinn duine criosdamhail eigin. Atáim an amhras gur be Donnoch diadha Ó Dalaidh . . .’. Fóir m’amgar a Dae bhidh. 13 r.
72 i ‘Moladh Mhuire . . .’. Óir na mban beancheann nimhe. 13 r. + 2 v.
75 . Nóta ‘Ge go ndéarnaidh an file cráibhtheach a dhíothchall ansa dúain reimráidhte, is fada ’s is fanach ó mholadh iomchuibhe Muire ghabhas a sháothar etc.' (6 1.).
75 m SGIAITHLUITHREACH CHOLM CILLE. Réamhnóta: ‘A n-ainm Dae, ag so sgiaithluithreach do rin Colum Cille ar ndul go hAlbuin a hEirinn . . . ataim deimhin gur bhfearr a lámh an duine naomhtha í na mar ta sí anois . . . ní bhfuilim dana do na socharaibh ata gealltha inte do bheith diongmhalta’. Aingil Dae dom dhidhean / fan ccaingin ccle a da cin. 34 r. Nóta ar a bhuanna ina dhiaidh (78i.).
79 . BEATHA SAN MARGREID. Tos. Gein naomhtha bheannuighthe mhiorbhúileach dhiadha dhearcach creidiomhach choisrigthe craibhtheach chaoindúthrachtach . . . Margréud. Tá lgh 88-9 geall le bheith doléite. Críoch. tré pháis Chríosd impidhe Mhuire Mhaithir, an mhaighdion glormhar, mar aon re sluag ainglidhe. Amen. Colafan: ‘Finished the Life of St. Margaret by Denis Murray Snipevale October 14th, 1822’ (95i).
96 . ‘Tuairisg Iosa Criosd mar leanas do réir rialaightheora (?) do rainig an aimsior san ar thalamh na geallamhna’. Cuid de doiléir. Críoch. ag iarra trócaire air do ghnáth tréna rúndíabharaibh glórmhara. Amen. ‘Críoch’ (lch 98).
98 m Burdúin. Gach planda ata folumtha san Gaodhal ársa. 1 v. ‘Ar Éirinn’. Mo mhíle creach badh mhaith an striapach í. 1 v. An v. deireanach seo i ndúch trom, agus sin mar atá as sin ar aghaidh.
99 . gana. Am bhios fós (sic) an tráith noch léigios. 18 v. ‘Marbhna Íarla Cloinne Cárrthadh’. ‘Denis Murray, Tullignearky County of Cork to wit’ (102 marg. dext.).
104 . Blodh de CATH FIONNTRÁGHA. Tos. Ríogh uasal oirdearc ró gabh flathas agus forlamhas for an domhan mór . . . Dáire Donn. Stad. Tanig Glas a ttír agus as e adubhairt is mór an briathar do bheirthi a ghaisgig air se agus ca hainim duit (117m.).
120 - 1 . Béarla; scéal faoi nótaí a cailleadh. Lch 121 bán. Duilleoga deiridh: ábhar i litriú foghrúil agus é deacair le léamh.
