ISOS logo
ga

LSB 175

COLÁISTE NA HOLLSCOILE, GAILLIMH, LÁMHSCRÍBHINN BHREISE 175: DRÉACHT-THUAIRISC

Ba le Mícheál G. Ó Máille, Ollamh le Máinliacht in Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, ó 1924 go dtí 1956, an lámhscríbhinn a chláraítear anso thíos, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, LS Bhreise 175. Iníon don Máilleach, an Dr Síle Uí Mhaolmhuaidh, An Ceathrú Bán, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, a bhronn i gcuimhne a hathar ar Leabharlann James Hardiman í, an 29 Aibreán 1987. Is dóigh leis an Dr Uí Mhaolmhuaidh gur othar a bhí féna chúram a bhronn an lámhscríbhinn ar an Máilleach, ach níl fhios aici cérbh é é, ná cathain a dhein sé an bronnadh san.

Leigheas

16ú nó 17ú aois. Páipéar. 14 × 9.5 cm. Lgh 234, uimhrithe anois (ar an recto amháin) le peann luaidhe. Gan ainm scríobhaí. Nóta ag Own O Kianan ar lch 96.1–5, a chríochnaigh (96.5–6) Padraic O Cíanan, b'fhéidir, scríobhaí lch 96.7–z (feic thíos).

An LS á cúd in bosca; ‘Ls. Breise [sic] / 175’ ar lipéad ar dhrom an bhosca; ‘Dr. Mulloy's Medical ms.’ clóbhuailte ar lipéad ar aghaidh an bhosca. An LS fillte in clúdach de pháipéar donn. ‘Alexander Ogilby Esqr./ Kilcatten [sic]/ Co. Derry’ ar an gclúdach tosaigh amuigh. ‘Bought from an old [? friar] / in Donegal’ ar an gclúdach tosaigh istigh. ‘Ls Breise [sic] / 175 [ceartaithe ó 176]’ (le peann luaidhe) ar an gclúdach deiridh lasmuigh; ‘Ls. Breise [sic] / 175 [ceartaithe ó 176]’ (le peann luaidhe) ar an gclúdach deiridh istigh. Rian fliucháin ar na bileoga go léir; na himill creimthe, go mórmhór na cúinní seachtracha íochtair, agus beagán téacs caillte ar mhórán bileog dá dheasca san. Formhór na bileoige lgh 71–2 stractha chun siúil, agus an téacs athá fágtha, 71.1–5, 72.1–5, easnamhach.

Comhdhéanamh: i24 (teastaíonn 1–9 [sála 2–9 roimh lch 1], 13 [sáil idir lgh 6 agus 7] agus 24 (i ndiaidh lch 26)), ii24 (teastaíonn 13 [blogh den tsáil idir lgh 50 agus 51], 24 [blogh den tsáil idir lgh 70 agus 71]), iii24, iv22 (teastaíonn 1), v24, vi22 (lgh 209–234; ord na mbileog: 221–32, 209–212, 217–220, 213–16, 233–4); téacs caillte roimh lch 1 agus i ndiaidh lch 234; bearnaí sa téacs i ndiaidh lgh 26, 232, 212, 220 agus 216. Colúin shingle. Léaráid de speculum nasi lch 125.

An méid seo leanas ar lch 96: (a) ‘The first is. own. in [ceartaithe ó when] all men sight,/ the next is. K. if ywo speek right/ But if ywo chance to speek Amiss/ looke under neth And there it is. / per me own.o. Kianan’. Lean. (96.5): ‘ro graif an / geabansa [no more at this time i litrithe na Gaeilge]’. (b) 96.7. ‘Uir mo carad tar [athraithe, le malairt dúigh, go ‘tair’] uir eile ní airthim ar ndol / sannuaigi si uat mo lam as Ni athriom / cnaimh an ti attaint[? aigh]inn uaimm’. (c) 96.10. ‘Truadh sinn a lebhrain bhig báin’. 1 r. Lean. (lch 96.12) colafan: ‘Padraic O Cíanan ro graif an geabansa / ⁊ arna sgriobadh mur bfuil[? mid] ⁊ is anann / la don mí an so ⁊ aigubh fein ⁊ cos[? m-] bfuil fios áoise an tigerna aige an papa / bot ar gualainn ói bfheasog’. Tá (a) 96.1–5, in láimh ‘Own’, agus 96.5–6, b'fhéidir, in láimh ‘Padraic’; (b) agus (c) in láimh ‘Padraic’.

Nótaí fánacha. Sanasaíocht Bhéarla ar imill uachtair na lch so leanas: (a) 17. Ceannfhocal: ‘ANGL. / DIVINITY’. Tos. ‘Is a doctrine of glorifying God’. (b) 93. Ceannfhocal: ‘Lat. & Grae. / GRATITUDO: / 1. veritas / 2. justitia’. Tos. ‘1. Est virtus agnosetis et profitens’. (c) 197. Ceannfhocal: ‘ANGL. MERCHANDRY.’ Tos. ‘[ ... ] esory by naturall [ ... ] is a saleable exchange of’. (d) 217. Ceannfhocal: ‘NATURA (scriosta’). Tos. ‘Est’ (scriosta). (e) 231. Ceannfhocal: ‘NECROMANCIE’. Tos. ‘Etymol. A divination by calling up or raising the dead’.

Bileog pháipéir (8 × 12.5 cm), uimhrithe 1–2, istigh sa LS, agus an méid seo scrite uirthi: ‘This is a fragment of a Medical work, which seems to be a translation from, or rather a commentary on, the writings of Galen. The writing is of the early part of the 18.th century, although the MS., from having been saturated with some discolouring fluid, looks much older.

Two persons of the O'Cianain (or Keenan) family, Owen and Patrick, have written their names in a blank page; from [lch 2] which it may be concluded that the MS. was either transcribed by some member of the family, or belonged to them.

The O'Cianans (or Keenans) were historiographers to the Maguires of Fermanagh.

Much older, [& scriosta] and more correct, copies of this Tract are preserved in vellum MSS. in the Libraries of Trin. College and the Royal Irish Academy'.

An t-aitheasc a thug an Dr Uí Mhaolmhuaidh uaithi ar ócáid bhronnta na LSE á chúd i mbosca na LSE (trí bhileog chlóscrite, uimhrithe [1]–3; focail cheangail; ceartúcháin agus eolas breise ón údar in dúch gorm.) Teideal: ‘A Medical Manuscript’. Tos. A Uachtaráin agus a dhaoine uaisle. Críoch. In his memory I present this manuscript to this seat of learning, whose medical graduates rank among the best in the world. (lch 3.7)).

lch

1.en [Petrus de Argellata, CHIRURGIA; achoimre den téacs a bhfuil leagan iomlán de in ARÉ LS 474 (24 P 26), lgh 177–286, 289.1–41, 288, 289.42–331.z, 333–52]. Tos. gan an tús [sa roinn dar tús [Q]uoniam Avcenna incapitulo defluxu sangune[vel i os cionn na líne]s fecit mencionem dé embresmate ⁊ cetera, in ARÉ 474, lch 263.x (= de Argellata, Chirurgia (An Vín 1480), lib. 1, tr. 4, c. 11),] fola a mbhel na c[uisli]onn ⁊ na nairtere .i. emborisma [= ARÉ 474, lch 264.2]. Bearna sa téacs i ndiaidh lch 26, a stadann [sa roinn dar tús [F]istula est ulcus cauernosum cum callositate ⁊ duricie carnis circundantis ipsum, in ARÉ 474, lch 280.31 (= Chirurgia, lib. 1, tr. 5, c. 10),] cennsaigh an tinnes le hola roise ⁊ le buidhén uidhe ⁊ gnaithigter ím asa [= ARÉ 474, lch 283.24]. Tos. athuair (lch 27) [sa roinn dar tús [In] hoc capitulo remouet Auicenna aliud accidens, in ARÉ 474, lch 284.26 (= Chirurgia, lib. 1, tr. 5, c. 12),] Et cnesider amail sin [= ARÉ 474, lch 284.36]. Críoch. [sa roinn dar tús [M]ultociens aparent uene intibiis. que uarices apellantur ⁊ cetera, in ARÉ 474, lch 351.22 (= Chirurgia, lib. 2, tr. 33, c. 3),] ader Rasis antinadh do nighle usqi armberbhter cac gabuir ⁊ salan berbh é ⁊ nigh antinadh leis (lch 164.13) [= ARÉ 474, lch 352.4]. Maidir le lch 96, feic thuas. Lch 97 bán.

164.14.en Sleachta. Tos. (a) Siroip do dhílegad anadhbair bhís san chliabh ⁊ da ullmugadh cum ionnarbtha leis so. Críoch. gidhedh ismó apidhther air an taobh thinn dha luighe air (lch 166.3); (b) Do ghalar an chinn tig o fhuaire ⁊ dílegtur cúis an ghalair so air tús (lch 166.4). Críoch. ⁊ saith mhór anénfecht ⁊ suiper déighnac 7rl– (lch 170.13).

170.14.en [Sleachta as tráchtaireacht ar Averroes COLLIGET, agus as tráchtaireacht ar Geraldus de Solo PRACTICA SUPER NONO ALMANSORIS.] Tos. Tuic let conndhentar tinnes áe ó 2 modh .i. do leth a folaidh no do leth a srebhann del ITem secain na nethe urchóides co coitcinn (lch 172.1). Críoch. ⁊ déntar cerín dibh ⁊ cuir air druim na náe ⁊ comfurtachti iad (lch 174.x). Dhá shliocht nasctha le chéile: freagraíonn lgh 170.14–172.1 do TCD LS 1436, lgh 281.13–z; freagraíonn lgh 172.1–174.x do LNÉ LS G 11, lgh 190b11–191a17, 191a30–35.

174.y.en [Sliocht as tráchtaireacht ar Geraldus de Solo, PRACTICA SUPER NONO ALMANSORIS.] Is iad so iomdaighes fuil derg mur ata feoil cerc ⁊ pátrisi úan ⁊ mennán ⁊ na huile bhiadh rostaidi ó iomdaigter fuil derg. Freagraíonn do LNÉ LS G 11, lch 191b7–9.

175.en [Guy de Chauliac, CHIRURGIA; achoimre den téacs a gheibhtear in LNÉ LS G 453, ff. 110–127 agus TCD LS 1436, lgh 17a1–35az.] Tos. Anatomia est recta diuicon determinacon corpus quiusqumque isedis anatomia ann dealugh criochnugh direc ball gac uile cuirp [= LNÉ G 453, f. 110v1, agus Cyrurgia Guidonis de Cauliaco (An Vín 1498), f. 5ra55]. Críoch. An .2. rann dertur tibia .i. an colpa 7 an .3. rann dertar pesparum .i. an troigh (lch 184.11) [= TCD 1436, lch 34a2, agus Cyrurgia, f. 10rb11].

184.12.en Sliocht. Tos. Mulierum mennstrum .i. ader Ipocraid antan tig an fuil mista andhath aindhíles ⁊ anaimsir nemdhlistin gur chomurta sin le riachtanus folmhugadh do tabairt malle purgáid do bheth air an mnaoi. Críoch. Mased da ligther a les dentar ancerín so .i. síl popin ghil el ⁊ curtar mur cerín ris na hairgibh ⁊ risin an édan (lch 191.11).

191.11.en ‘Anagaidh na plaghda.’ [Achoimre den téacs dar tosach Regimen pestelenciá diuiditur in duó primó in preseruatium ⁊ cetera a gheibhtear in LNÉ LS G 11, lgh 331b5–334a12. Aistriú is ea téacs sin G11 de na sé chaibidil tosaigh den tráchtas Laidne ar an bpláigh le Michael Boetus a bhfuil cóip easnamhach de in eagar ag Karl Sudhoff, ‘Pestschriften aus den ersten 150 Jahren nach der Epidemie des "Schwarzen Todes" 1348: XVIII Pestschriften aus Frankreich, Spanien und England’, /Archiv für Geschichte der Medizin/ 17 (1925) 12-139, lgh 46-51 § 260 (‘Ein therapeutischer Pesttraktat von Magister Michael Boeti in Montpellier (ca. 1400–1420)’).] Tos. Croiter [a scriosta] naluibhe air fud an tighthi mur áta raidleog ⁊ blath viola [= G 11, lch 331b29]. Críoch. is nimh doibh í lé na conmail abhad (lch 196.7) [= G 11, lch 334a10].

196.7.en [Tráchtas ar an bpláigh; achoimre den téacs dar tosach Nota ad preserandum corpus apestilencia a gheibhtear in LNÉ G 11, lgh 334a13–335a15.] Tos. Foillsigter coimhéd an cuirp air an flaigh ann so [= G 11, lch 334a14]. Críoch. is coir dhuit an corp do coiméd leis na nethe dubradh air eg[l] a na plágha (lch 199.8) [= G 11, lch 335a15].

199.9.en [Tráchtas ar an bpláigh; achoimre den téacs a gheibhtear in LNÉ G 11, lgh 335a16–335b13.] Tos. Nota secúndum Auerois do rer Aueróis nac dlegur biadh chaitim naimsir na plagha}. Críoch. ITem balad fúail bhocide is mait naimsir na plagha (lch 200.8) [= LNÉ G 11, lch 335b13].

200.9.en ‘Ag so Geralldus de Solo 7rl–a.’ [Achoimre den tráchtaireacht le Geraldus de Solo a gheibhtear in TCD LS 1315, lgh 79–121.] Tos. Comurtha brisde na sreabhann na hincinne .i. tuitim antoclaigte ⁊ nemcollad [= TCD 1315, lch 79b29]. Stad. (lch 234) le [n]óta antan do níther ó na b[ el ] [n] lennann élé Causa .i. [ el ] [= TCD 1315, lch 89ay]. Bearnaí sa téacs i ndiaidh: (a) lch 232, a stadann comr[ el ]in gluaisid na lenna ⁊ medaigid an pairilis [= TCD 1315, lch 85aw]. Tos. athuair (lch 209) Cáinnt ⁊ ré leimnidh ⁊ righidh go hanordaighthe [= TCD 1315, lch 86a6]; (b) lch 212, a stadann uormont ⁊ iubur [s]léibhe ⁊ a chosmuile Is iad so na legis [á] [= TCD 1315, lch 86b16]. Tos. athuair (lch 217) Litairgia ised is litairgia ann do rer Geralldus eslainti na hinchinn cuil [= TCD 1315, lch 86bx]; (c) lch 220, a stadann ⁊ uormonnt bris uile ⁊ cum[ el ] hoximel scillaticum ⁊ denter [= TCD 1315, lch 87b22]. Tos. athuair (lch 213) an constipation Balneum .i. fotragadh lucht an litargia [= TCD 1315, 88a5]; (d) lch 216, a stadann ITem nac cóir aon leges tesaidi do cur r [= TCD 1315, lch 88b34]. Tos. athuair (lch 233) énfecht sa bliadain no sa[ el ] mhí beres inntlecht ⁊ a cedfad [= TCD 1315, lch 89a15]. Maidir le hord na mbileog, feic thuas.

Aoibheann Nic Dhonnchadha, 16 Bealtaine 2003