ISOS logo
ga

LS II

LÁMHSCRÍBHINN II

SCATHÁN SHACRAMUINTE NA hAITHRIDHE.

I8ú aois (?). Páipéar. 5½" × 3⅓". Tá cúdach teann leathair ar an ls. seo acht toisc é bheith rud beag scaoilte tá dornán leathanach caillte as an lámhscríbhinn anois. Níl aon chomhartha uisce le feiceáil san pháipéar. In áit einteacht i gCondae Liathdroma a scríobhadh í (?). Cóip de Scathán Shacramuinte na hAithridhe atá ann. Tá an leathanach tosaigh de’n Réamhrádh chum an Léaghthóra ar iarraidh. Toisíonn an Réamhrádh leis na foclaibh seo,—Sacramuinnte na hAthridhe do bhrigh go bhfuil coitchionn ag cách uile ’s go bhfuil na riachtanus ar an uile dhuine do rinne peacadh marbhtha &rl.1 Tá ceithre leathanach ar iarraidh i dtoiseach an téax féin fosta. Toisíonn an téax leis na foclaibh seo, —fan pheacadh an mhéid go bhfuil an agaidh Dé agus an ghrádha dlighthior Dho da ngorthior sa laidin contritio &rl.2 Toisíonn uimhriú leathanach an scríobhaí leis an téax. Ní dhearna sé aon uimhriú ar leathanaigh an Réamhrá. Críochnaíonn an téax ar leathanach 583 (uimhriú an scríobhaí). In a dhiaidh sin tá clár an leabhair scríofa isteach aige. Tá an clár neá-iomlán annseo de bhrígh go bhfuil leathanach ar iarraidh. Críochnaíonn sé leis na foclaibh, a nabair Luteir & Calbhan ag maslughadh na nAbstal, na naomhathair, & na seanchomhairleach. 3

Níl a fhios again cé scríobh an ls. seo. Ba le Bháitéar Ó Heisleannáin í insan bhliain 1759. Deir seisean, i nóta leis san Is., gur fhág a shean-athair, Donnchadh Ó Heisleanáin, aigesean í. Ar an ábhar sin ’sé is dóiche gur am einteacht i ndeireadh na 17ú aoise nó i dtoiseach na 18ú aoise a scríobhadh í. Idir na bliantaí 1812-20 ba le Séamus Ó Léanacháin í. Sloinneadh de chuid Chondae Liath- droma Ó Heisleannáin agus ainneoin go n-abrann an tAthair de Bhulf gur sloinneadh de chuid Roscomáin é Ó Léanacháin, 4 tá sé le fáil i mBreifne fosta agus an fhuaim L i:nehen air agna seandaoine. De ghnáth déantar Leonard de san lá atá inniú ann.

Insan dán údaigh le Tadhg Ó Neachtain ina n-ainmníonn sé na filí agus na scoláirí Gaeilge a bhí ina chomhluadar i mBaile Átha Cliath circa 1720-28 luann sé duine darbh ainm Cathal Ó Heislean- náin. Deir sé gurbh as Chonnachtaibh dó insan véarsa seo:

“Aodh Mac Gabhráin an Gaedheal glic,
’S Ó Heisleannáin ághbhar oirdheirc,
Cathal na gcumann Chríche Cuinn
Os Connachtaibh do chím an c(h)rodhbhuinn”. 5

Tá trácht ar dhaoiní eile as Connachtaibh insan dán seo acht ó tharla go luaitear MacGabhráin agus Ó Heisleannáin san véarsa chéanna agus siocair gurbh as Condae Liathdroma nó as Condae an Chabháin, 6 ar teorainn Liathdroma, do Mhac Gabhráin (go stairiúl ba chuid de Chonnachtaibh Teallach Eachach), tá cuma ar an scéal gurbh as an chondae sin Liathdroma do Chathal Ó Heisleannáin. Is dóiche go dtáinig Cathal Ó Heisleannáin go Baile Átha Cliath am einteacht i dtús na 18ú aoise, agus b’fhéidir gur mhac dó an Bháitéar Ó Heisleannáin seo. Deir O’Reilly faoi Chathal Ó Heisleannáin:

“Cathal O’Heislionan lived at this period [i.e., timpeall na bliana 1710.] He was author of the following poems. 1. Twenty-four verses addressed to Torlogh O’Donnell on his coining to Dublin, beginning ‘Fáilte dhuit go hÁtha Cliath’, ‘Welcome to thee to Dublin’. 2. Forty-four verses on the recovery of the Duke of Berwick from a fit of sickness beginning ‘Adhbhar gáire d’Inis Fáil’, ‘Cause of Joy to Inis-fail (Ireland)’ ” 7 Tá cóip de’n dán do Tharlach Ó Dónaill le fáil go fóill i Is. 23L32 in Acadamh Ríoga na hÉireann. 8

Bhí Bháitéar Ó Heisleannáin féin ina scríobhaí Gaeilge. Scríobh sé an chéad chuid de ls. 12065 M atá i Musaeum Learpholl 9 agus 23123 atá i nAcadamh Ríoga na hÉireann.10 Insan ls. atá i Learpholl tá an nóta seo leis le fáil : Air na sgríodhbhadh re laimh Bhatear Ó Heislinnan a ccurach a bhfairidh chircesta ttoirín na bhfinnghall. An bhflidhain d'fiois an tighearna XP m seacht gcead caogatt sa naoi 1759. Ón méid sin is soiléir go rabh an scríobhaí in áit einteacht darbh ainm Currach a (bhfairidh), ar teorainn Fhine Gall, san bhliain 1759.11 Creidim féin gur Curracha (Curragha) i gCondae na Mí an áit atá i gceist aige annseo, áit atá ar fhír-imeallaibh Fhine Gall. Lena chois sin ó thaobh ábhair de baineann lámhscríbhinní Uí Eisleannáin le scoil scríobhaithe na Mí agus Lughbhaí. Mhair traidisiún scríobhadh lámhscríbhinní san Mhí anuas go dtí céad bliain ó shoin. Ina theannta sin aríst luann sé Curracha. Insan Is. 23L23 tá cóip de’n dán Triúr atá ag bráth ar mo bhás12 agus ina dhiaidh sin leagan Béarla de’n dán céanna a n-abrann Ó Heislean- náin, an scríobhaí, faoi, English Version of same Englished by Mathew Fitzsimons of Curragha.

Is cosúil, ar an ábhar sin, gur duine de bhunadh Chondae Liathdroma é Bháitéar Ó Heisleannáin agus gur dóiche gur sa chondae sin a scríobhadh an ls. seo, b’fhéidir le Donnchadh Ó Heisleannáin, athair mór Bháitéir.

Tá cruthú eile againn, atá measartha deimhnitheach, go raibh baint ag Bháitéar Ó Heisleannáin le scríobhaithe Gaeilge na Mí. San Is. 23L23 tá cóip de’n dán iomráiteach Leig dodchoimheas dúinn, a chum an Bráthair Eoghan Ó Dufaigh do Mhaolmhuire MacCraith, 13 agus ag deireadh an dáin insan ls. tá an nóta seo:Aois Chriost 1759, Air na scríobhadh le láimh Phronsias mhac a Nolltaidh an leabhar Mhatéar Ó Sheaslinan. 14 Ina dhiaidh sin aríst insan ls. chéanna tá dán eile atá le fáil go han-choitianta i lss. Deisceart Uladh agus na Mí, Is áluinn dún Mhic Mhuire. 15 Tá an dán seo fosta i bpeannaireacht Phroinsiais Mhic an Ultaigh agus ag deireadh an dáin tá an nóta seo, i bpeannaireacht Bháitéir Uí Eisleannáin, Aig sin tuaruisgbháil Fhlaithiosa Dé agus iffrinn. Bhateir Ó hEaslinan fear an leabhair. 16

Scríobh fear darbh ainm Séamus Mac an Ultaigh, duine de bhunadh na Mí, de réir cosúlachta, an ls. 12E25 atá i nAcadamh Ríoga na hÉireann insan bhliain 1772, acht ba é Proinsias Mac an Ultaigh a scríobh an méid atá ar leathanaigh 117-127 den Is. chéanna seo san bhliain 1774. 17 De réir mar is féidir a dhéanamh amach ó nótaí atá san ls. seo ba i gceantar na Scríne i gCondae na Mí a cuireadh an ls. seo le chéile, nó, ar scor ar bith, ba le duine ó’n cheantar sin í tráth dá raibh. Níl Scrín Cholmcille san Mhí acht a sé nó a seacht de mhíltibh ó Curracha. Bhí dlúth-chaidreamh ag scríobhaithe agus scoláirí Gaeilge na Mí leis na scríobhaithe agus na scoláirí a bhí i mBaile Átha Cliath san 18ú aois agus lena chois sin le lucht scriofa agus saothraithe na Gaeilge i Lughbhaí agus i nDeisceart Uladh. Bhí Séamus Mac an Ultaigh féin seal i mBaile Átha Cliath ina chónaí, nó ar imeall leathanaigh i ls. 12E25 tá an nóta, James Nulty of the Lower Coombe, Dublin, 1780. 18

I dtaca le Muintir Uí Eisleannáin de i ndiaidh dóibh a theacht aniar bhí, de réir mar is féidir linn a dhéanamh amach, caidreamh acú le scríobhaithe Deisceart na Mí agus Bhaile Átha Cliath. Luann Tadhg Ó Neachtain Cathal Ó Heisleannáin ina dhán, agus is i ls. a scriobh Risteárd Tuibeir atá an t-aon dán amháin le Cathal Ó Heisleannáin a tháinig anuas chugainn (ar feadh m’eolais) le fáil. Ba ó Fhine Gall do Risteárd Tuibeir agus ba i mBaile Mhistéala i gceantar Caisleán Cnucha a bhí cónaí air. 19 Bhí caidreamh ag Bháitéar Ó Heisleannáin le Maitiú Mac Síomóin ó Churracha agus le Proinsias Mac an Ultaigh, agus, thig linn a bheith cinnte de, le Séamus Mac an Ultaigh fosta, beirt a rabh baint einteacht aca le ceantar na Scríne san Mhí. I dTeach Challáin (Stackallen) áit nach bhfuil ró-fhada ó Scrín bhí cónaí ar Sheán Mac Solaimh, an scríobhaí cliútach de chuid an chéad leath den 18ú aois, fear a chaith seal fosta i mBaile Átha Cliath. 20 Acht bhéadh alt iomlán ’dhíth le cuntas ceart a thabhairt ar an chuallacht seo a shaothruigh an léann Gaelach i ndubhlaíocht na 18ú aoise.

Nótaí i Láimhscríbhinn II

I dtoiseach na lse. tá ceithre leathanach a fágadh bán ag an scríobhai. Tá nótaí fánacha breactha síos ar trí chionn aca.

(a) Ar an chéad leathanach tá an méid seo,
An leabhar ban si gibe shrannus
na slad chuig mhéur
(sic)
A gcriocha nairde é go bhfaicfuir
aig beathudh éin.

A sé Bhateir Ó heslinnan fear an leabhairsi. Dfaig a shean Athair Donchadh O hElinan (sic) chum go mbiuidh sé ag guidh re na anam.

(b) Ar an darna leathanach tá an méid seo,
An bhlighain d'faois an Tighearna Críost go fíor míle seacht
gcead caogatt, dhá chathair, sa tháon.

Tá sé sin fosta i bpeannaireacht Bháitéir Uí Eisleannáin. Thíos faoi tá an píosa suimithe seo i bpeannaireacht Shéamuis Uí Léanachain

Mile seacht ccead = 1700
Caogatt = 50
Dhá cathair = 20 (sic)
sa thion = 1

Wrote the year 1771 (sic). Agus annsin an suimiú seo 18201771 = 49.

(c) Ar an cheathrú leathanach díofa seo tá an méid seo scríofa, Séamus ó Leanachain m'ainm gan gho / a leightheoir dhilis guidhe go géur an sriobhneoir (sic) bheith gan bhrón / sa dhol faoi rodh go Flaithios Dé. / Amen. Ar na sgriobhtha 1812.

Ar leathanach bhán atá go direach i ndiaidh an téax, Scathán Shacramuinte na hAithridhe, san Is. tá an véarsa seo,

Atá dís leaduidh air a ttreas luidh
air gach tiobh don bhac;
Tá fear aca na shean-chrín
agus é claoitidh lag;
Tá an fear eile leath chioch
is gan bhrigh na neart;
Se dughairt bean a tigh leis an ccailin
“Cuir a dís amach”

I bpeannaireacht Bháitéir Uí Eisleannáin atá an méid sin.

In ndeire an leabhair tá sé leathanach bhána agus ar an darna leathanach diofa seo tá an véarsa céanna scríofa is atá i dtús an leabhair acht é i bpeannaireacht Bháitéir Uí Eisleannáin an iarraidh seo agus an t-ainm athruithe dá réir. Tá téax an véarsa easnamhach annseo siocair an leathanach a bheith stróctha. Is dóiche gur ag déanamh aithrise ar an véarsa seo a bhí Mac Uí Léanacháin.

Bhaiteir O hEaslinnan m'ainm
A leighthóir chóir guí
&rl.

Thíos faoi an véarsa Gaeilge tá leagan Béarla de’n véarsa na dtugann an scríbhneoir Watt Heslin air féin

Fonótaí


  1. Línte 25-27 in eagrán an Athar Ó Maonaigh. 

  2. Línte 169-171 in eagrán an Athar Ó Maonaigh. 

  3. Línte 7114-7116 in eagrán an Athar Ó Maonaigh. 

  4. Woulfe, Slointe Gaedheal is Gall. leathanach 567 agus leathanach 582. 

  5. Curtha in eagar ag T. F. O’Rahilly, Gadelica, I, leath. 159 et seq. 

  6. Deir O’Reilly, Irish Writers, leath. ccx, gurbh as Condae Liathdroma dó, acht deirtear ls. 23N33 i nAcadamh Ríoga na hÉireann gurbh as Gleann Gaibhleann i gCondae an Cbabháin dó. 

  7. O’Reilly, Irish Writers, leath. ccix. 

  8. Ls. a scríobh Risteárd Tuibeir, fear de bhunadh Fhine Gall, san bhliain 1717. Féach Cat. of Irish MSS. in R.I.A., leath. 330 et seq. 

  9. Alf MacLochlainn, Irish MSS. at Liverpool, Celtica, IV, leath. 230 et seq. 

  10. Cat. of Irish MSS. in R.I.A., leath. 1110 et seq. 

  11. Tá Curracha suite i bparóiste agus i mbaile fearainn Crickstown ar a dtugtar i nGaeilge Ciorcioston. Féach Ordnance Survey Letters, County Meath, leath. 266 sa Iámhscríbhinn bhunaidh in Acadamh Ríoga na hÉireann. San chóip chlóscríofa tugtar Ciorciorton ar an pharóiste ach is dearmad é sin. Dá bhrí sin is é rud a bhí Ó Heisleannáin ag iarraidh a scríobh anseo: . . . i gCurracha i bhfairche [i.e. i bparóiste] Ciorcioston i dteorainn na bhFionnghall. 

  12. Ls. 23123, leath. 61. Cuireadh an dán seo in eagar ag T. F. O’Rahilly, Measgra Dánta, II, leath. 186 et seq. agus ag Dubhglas de hÍde, Religious Songs gf Connacht II. leath. 50 et sea. 

  13. Curtha in eagar ag Enrí Ó Muirgheasa, DántaDiadhaUIadh, leath. 284 et seq. 

  14. Ls. 23123, leath. 100. Sloinneadh coitianta san Mhí Mac an Ultaigh. Féach Woulfe, op. cit., leath. 319. 

  15. Curtha in eagar ag Enrí Ó Muirgheasa, Dánta Diadha Uladh, leath. 210, et seq., agus ag Seosamh Laoide, Irisleabhar na Gaedhilge, iml. II, uimh. 128, leathanaigh 88-90. 

  16. Ls. 23123 leath. 107. 

  17. Cat. of Irish MSS. in R.I.A., leath. 2633 et seq. 

  18. Ls. 12E25, leath. 104. 

  19. Gadelica, I, leath. 159, agus Walsh, Gleanings from Irish mss., leach. 202. 

  20. Ibid., leath. 159. O’Reilly, Irish Writers, leath. lxxxv.