ISOS logo
ga

Lincoln LS 1

BEATHA DHÉAGLÁIN; PÁIS ÁR DTIARNA; ÁBHAR SPIORADÁLTA

19ú haois. Páipéar. 16–16.5 × 11–11.5 cm. Lgh 58, gan uimhriú, maraon le bileog cheangail bhán ag an tosach agus ag an deireadh. Scríobhaí: Siomon O Faoláin (lch [4]) (S. Ø Faoláin, lch [1]; S. Ǿ. Faoláin, lch [33].z; S. O. F, lch [48].z) ‘Chum saoi searc-inchinneach do chaomhshliocht flatha as fior uaisle Fodhla – íodhon, Martan Ø Driscóil’ (lch [1]; feic leis lch [4] thíos). Gan dáta scríofa.

Clúdach odhar cairtchláir le drom de Rexine glas. Na bileoga ceangailte le chéile le trí cinn de stáplaí; stiall Sellotape anuas ar na stáplaí ag an tosach agus ag an deireadh agus iad féin agus an páipéar in aice leo rua le meirg. Imill na lch línithe síos suas le peann luaidhe: [5]–[6], [8]–[9], [12]–[36]; líniú le bior tirim le feiscint ar imill na lch [37]–[41], [46]–[48]; colún singil; 19–31 líne (12 líne, lch [4]); ceannlitreacha maisithe lgh [5], [14], [46]. ‘X’ (le peann luaidhe ag léitheoir déanach) ar imill lch [5], [23] (bis), [24] (bis), [25].

Ba ar Risteárd Neancól O.S. (1908–1958), ar shean-uncail dó Mártan Ó Driscóil [(fl. 1855), an Bán Ard, an Ghráinseach, Co. Phort Láirge] (feic thuas), a bronnadh an lámhscríbhinn; ba í Siobhán Lincoln (1919–2011), baintreach Risteáird, a chuir á ceangal í go dtí W. G. Field, Printing Works, Eochaill, c.1960; is i seilbh Richard Lincoln, mac Risteáird agus Siobhán, atá sí inniu (Risteard de Lioncól, ‘Siobhán Ní Mhurthuile, Bean de Lioncól, 1919–2011’, An Linn Bhuí 15 (2011) 155–7: 157).

Lch

[1] . ‘Chum saoi searc-inchinneach do chaomhshliocht / flatha as fior uaisle Fodhla – / íodhon, Martan Ø Driscóil’. A fharrire chaig a shar-fhir chaoin bhéasach. 4 v. ‘S. Ø Faolain.’

[2] [3] . Bán.

[4] . ‘Chum Óglaoch Deagh-Eólgach sar-mhúinte mo Chara Ionmhuin Mártan meanamnach Ø Driscóil.’ A chaig churadh ailchrothach a chara lucht leighion. 1 v. ‘Siomon O Faoláin.’

[5] . ‘BEATHA / DIAGLAIN NAOMHTHHA sonn.’ Tos. An Teasbog naomhtha re a raidhtear Deaglan is cine ro uasall é rígh Eirion do .i. neach do chaith cios agas canachus Eirion a tTemhraigh aimsir fhada a-n-dhiagh cheile mar foillseocham iona gheinileach. Neamhiomlán. Stad. (lch [30].5) D’iompuig Diaglan tar ais go h-Aithbreasail. An téacs as ord; freagraíonn lgh [5].1–[14].16, [14].16–[21].8 agus [21].8–[30].5 anso do P. Power (eag.), Life of St. Declan of Ardmore (London 1914: Irish Texts Society XVI) lgh [2].1–16.9, 28.12–40.16 agus 16.9–28.12, fé seach. Mar a chéile an leagan den Beatha anso agus an leagan atá in Acadamh Ríoga na hÉireann LS 23 M 50 (cat. 1008) (lgh 109.1–120.2; = ‘B’ in eagrán an Phaoraigh; feic ibid., lch xxv; ord ceart an téacs sa LS sin: 109.1–113.9, 116.9–120.2, 113.9–116.9); an leagan céanna arís i lámhscríbhinní eile, e.g. Óstaí an Rí LS 19 (lgh 627.1–648.6; ord ceart an téacs: 627.1–635.8, 641.1– 648.6, 635.8–641.1); agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh LS de hÍde 12 (lgh 9–26; ord ceart an téacs: 9.1–15.18, 20.z–26.z, 15.18–20.z); ó eisiomláir neamhiomlán a bhí as ord a shíolraigh na cóipeanna so ar fad go bunúsach, ní foláir.

[30] .6. ‘Ag seo ginealtas Diaglain mair leanas.’ Tos. Diaglán / mc Eirc / mc Treoin. Críoch. (lch [33].19) mc Ádam. / mc [ Ádhamh arna chealú le poinc] .i. Athair Choitcheann / an uile cinidh. Mar a chéile an leagan so den ghinealach agus an leagan atá in Acadamh Ríoga na hÉireann LS 23 M 50 (cat. 1008) lgh 121–2: cf. Power, Life of St Declan, 160 n. [25] (recte [29]), go háirithe an t-alt déanach den nóta san.

[33] .20. A naoimh mhorgach chaoín chómhachtac. 1 v. ‘S. Ǿ. Faoláiṉ’.

[34] . [Donnchadh Mór Ó Dálaigh.] ‘Air Phais Ar D-tiarna.’ Do bhi san tarrangeareacht. 71 r. ‘Amen.’ Comharthaí malartaithe ar imeall lgh [36] ag fógairt go bhfuil lch [36].11–14 [léitear san ord: 11, 14, 12, 13] le léamh i ndiaidh lgh [36].15–18.

[45] .17. Tríd’ phais a Chriosd díghion me. 1 v.

[46] . ‘Sochair an Afreainn annso.’ Tos. Ag so na sochair ata do dhuine an lá d’eistus Afreann go hiomlán o thuis go deire. Amhuil is dual do reir naomh Agustínn go bhfaighan cheithre thabharthas deag o Dhia. An cead thabharthas gch uile mhian anbfiasach do bheir neach go maitear an la san iad. Críoch. (lch [48].6) An 14 tabharthas gach mian peacadh da ndeintear le neach o’n n-Domhnach go air oile do geibh maithfeacas o Dhia ionta.

[48] .7. Eist Afrion an Domhnuig go dil. 3 r. ‘Crioch - S. O.F .’

[49] [58] . Bán.

© Aoibheann Nic Dhonnchadha, 2025.