'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'
Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]
CF 31
FEIS TIGHE CHONÁIN
19ú haois. 7.5" X 6". 40 lch, gan uimhriú ach gur bhuail an clárthóir uimhreacha mar áis ar na lgh dá dtragraítear. Clúdach de pháipéar donn ar an ls bheag seo. ‘31’ buailte lasmuigh air sin agus laistigh ar lch 1. Níl ainm log ná dáta léi seo, ach is léir ón bpeannaireacht gurb é Murthy Sheehy a scríobh (cf. CF 32). Tá an pheannaireacht deacair le léamh agus an litriú míchruinn. Figiúir ar an gclúdach thiar.
1 FEIS TIGHE CONAN CINNTSLEIBHE. Tos. Sealg fiach agus fianchosgairt saoraobain agus fiadhach ardghoiseach do comorag le Fionn mac Cumhail agus . . . um Thorc. Críoch. is fada do bhiodar an sula rabhadar aballta ar aon la seilge do thabhairt. ‘Fheis Tighe Chonain cradh craoidhe is lean ort, / do ghreadais mo bheabhar ad bhreaca le caolphen, / as duall go bhfuilan tu iomarcach breagach’ (36i.).
37 gana. Do gheobhair gan dearmuid taisge gach seoid. 15 v. + loinneog. ‘Seoho an Leinibh’.
40i Dánfhocal. A laibhir bhig beag aimsir ann. 1 r.
