'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'
Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]
CF 30
GRAIMÉAR : FILÍOCHT LE SEÁN Ó COILEÁIN
19ú haois. 8.7" + 7.2". i + 144 lch, uimhrithe go 64, agus uimhreacha buailte ar lgh eile ag an gclárthóir mar áis. Lgh bhána chun tosaigh; 65-83 agus roinnt mhaith tar éis 144 bán chomh maith. Cé go samhlaíonn an t-uimhriú 1-57 a bheith ón scríobhaí féin, tá lgh ar iarraidh idir 46 agus 47. Sean Ó Coileáin a scríobh 1-144; níl dáta cruinn leis an scríbhinn, cé go bhfuil dáta leis an dán lch 142. Ar an gclúdach tosaigh laistigh tá ‘John Collins’s Book July 4th 1823’ faoi dhó, agus scribleáil eile. Ar an gcéad lch tá ‘Rev. T. L. Murray P.P.’ Ar an lch deiridh tá ‘Anne Collins is me name and with the pen I wrote the same’ agus scribleáil eile. Ar an gclúdach thiar tá ‘John Collins’s Book, June the 3rd . . . 1817’, ‘Anne Collins Book June’ etc. Bhí an Is seo i seilbh an Ath. T. Ó Muireadha agus dealraíonn sé gur fhág sé le huacht ag Coláiste Cholmáin í in 1891. Í seo ceangailte faoi chairtchlár atá liathchaite anois, agus an cúl dreoite ar fad. A huimhir ‘30’ greamaithe dá cúl agus laistigh ar an gcéad lch.
i . Sínithe: ‘Thomas L. Murray’, ‘Tomás Ó Muireadha, Sagart Paroiste Iniscarra . . . 1873’. Lean. nóta ar an nGaeilge agus ar an gcreideamh: ‘In this parish only a few of the aged speak the Irish language at present. The old speak it and like to hear it spoken. But the young know nothing of it. It makes my heart bleed to see this ancient and grand language defunct by tyranny and penal enactments. Still . . . the Holy Catholic religion is as thoroughly . . . observed as at any former period . . ' . ‘R.T.L.M. P.P. Inniscarra. Pius P.P. nono = Crux de Cruce. Victoria Regina . . . Paul Card. Cullen Hib. Primas . . . Gulielmus Ep. Cloyenensis’.
1 . THE IRISH ALPHABET. ‘Aibchitir na Gaoidhilge’. Tos. In the Irish are seventeen letters as follows. ‘T.L.M. = 1873’ (marg. inf.).
17 . ‘A Table of the most useful contractions in the Irish Language’.
27 . AGALLAMH AIR EADARMEAS LITREACH OGHAM ‘agus do thionsgnamh na Gaoidhilge.’ Dhá-theangach ina dhá cholún. ‘A dialogue on the invention of letters, on the ancient Cryptography . . .’. Tos. Ceist. Cia cenéal foghlama do thionsgain a ttosach ? Question: What kind of literature commenced in the beginning ? Stad. ag cur síos ar na ‘cúig sórdaibh’ Gaeilge a bhí ann nuair a tháinig Pádraig. 1° An Béarla Feine . . . 2° An Béarla Teibe ina rabhadar achda solmunta creidimh a nDéithe, Beal agus Samhain, agus a leabhair leighis agus reulteolais. f.c. an (46i). (uimhriú na lch leanúnach).
47 . ‘OF THE CRYPTOGRAPHY or sacred and mysterious writing . . . call’d Ogham’. Tos. The ancient Irish had an occult and hidden manner of writing called ogham (le léiriúcháin). Críoch. le ‘The Cogwheel Criptography . . . an Chog-ogham choitchionn agus an chog-ogham shnáite’ (Ich 63).
64 . Sínithe: ‘J. Windle Blair’s Castle Cork’, ‘William Hacket Midleton.’ Bán go lch 84.
84 . COMHAGAL: AN BÁS AGUS AN tOTHAR. ‘Díonbhrollach’ ag tabhairt achoimre i bprós. Leagan Béarla ar na corrlgh. ‘Dialogue: Death and the Patient: The Argument’ (lch 85). Tos. Ce súd thall ag teacht go ttigh mé ? (86m.). What slender form is that what palefac'd spright ? 604 1. (87m.).
136 . ‘Duain do luing air na sgríobha le Muiris mac Dáibhi Dhuibh Mic Gearailt air dul don Easpáin Ó Bhéarra a bhflaithios bainrioghain Eilise’. Beanaigh an lung so, a Chriost cháidh. 10 r. + 2 v. ‘An tAbhrán Ceangail’. ‘Air luíng Domhnaill Chuím do bhí Muiris an tráth seo, ag dul don Spáin’ (138i.). Leagan Béarla ar na lgh ar dheis: ‘Ode on a Ship . . .’ Bless our good ship, Lord of heavenly hosts. 10 + 2 v. ‘The Epilogue’. ‘In Daniel Cam’s ship Maurice was . . .’ (139i.)?
142 . ‘The Melancholy Man’s Meditation’, ‘Machtnamh an Duine Dhoilghíosaigh. Seadhan Ó Coileáin cct. 1813. Air bhfaicsin Manistreach Thioghmolaige’. Oidhche dom go doilg dúbhach. 20 r.
