ISOS logo
ga

LS CF 16

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 16

AN LEABHAR GABHÁLA

19ú haois. 8.2" × 6.3". 97 lch gan uimhriú ach ‘15’ ar an gcéad lch den scríbhinn. Lgh [66] agus [67] fágtha bán; lch agus roinnt mhaith duilleog bán laistiar. Duilleog cheangail bán chun tosaigh agus laistiar. Ioseph Ó Longáin a scríobh in 1850 (cf. [97]i.). An lámhscríbhinn seo ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1. ‘Manuscript Vol. XVI’ ar a cúl in órlitreacha, agus a huimhir ‘CF 16’ buailte ar an gclúdach laistigh agus ar an duilleog cheangail chun tosaigh.

[1] (15). AN LEABHAR GABHÁLA. Tos. Incipit gabhála Eireann ria ndileand, ⁊ iar ndileand amhuil adfet Chinn Droma Sneachta et Leabhar na hUidre. Críoch. Ni hairmhíghthear mar ríogaibh toghtha an chlann so Éibhir óir níor ghabhsat ceannas dá chéile, ⁊ ní mó ró fhaoimhsead sealadacht, as aire ró na tabharthar gairm airdríogh dhíobh. Colafan: ‘Iarna sgriobhadh le Ioseph Ó Longáin, san mbliadhain 1850. Crioch’ ([97]i.).