'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'
Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]
CF 11
LEABHAR GABHÁLA : GAOIS
19ú haois. 9.6" x 7.7". ii + 80 lch uimhrithe le duilleoga ceangail chun tosaigh agus laistiar. Tá ‘XI Drom sneachty’ breactha le peann luaidhe ar cheann díobh chun tosaigh. Eamonn. .h. Mathghamhna a scríobh don Athair Muiris Ceindfeic; an dáta cruinn 14-4-1844 sa cholafan (80i.). Luann sé ‘Leabhar Droma Sneachtaigh re Seaghan Ó Maolchonaire’ mar fhoinse sa lch teidil. Tá a chóip féin míchruinn go leor. An leabhar seo ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1 ; ‘Manuscript Vol. XI’ in órlitreacha ar a chúl, agus a uimhir ‘11’ greamaithe de.
[i] . Lch teidil: ‘Gearrtharang ó Leabhar Droma Sneachtaigh re Seaghan Ó Maolchonaire ocus crua sciobadh (sic) leis sin tiompchioll na bliaghna mdlx’.
[ii] . Clár.
[1] . [LEABHAR GABHÁLA]. Insint ghairid. A thosach bearnach mar go raibh an fhoinse doléite ; breiseanna beaga curtha isteach le peann luaidhe (l.d.). L.7. Is annsin ro ronnatur an doman ar tri .i. Eoroip agus Afraic, agus Asia. Sem an Asia, Cam ín Afraic, Iafit in Eoruip. Dréachtaí ar lár. Críoch. Is amhlaidh rungabsat hErind Tuatha de Danann, gabsat im Tailtin agus fíínit dona gabhalaibh anuasana huc usque (20m.).
[20] m. [FLAITHEASA ÉIREANN]. Tos. Incipit do flathasaibh Erind agus da n-aimsiribh o re mic Miled Espainne co haimsir Neill Noigiallaigh. Leantar ar aghaidh (lch 43) : do [fh]lat[ha]siaibh Eirenn agus dia aimsearaibh o flaith Laoghaire mic Neill cosin aimsir frecnarc (lch 43). Críoch. Mae[l]secloind . . . rí deighínech hErenn . . . (48m.).
[49] . ROSCADA FLANN FINA ‘mic Ossa, righ Saxan.’ Tos. Atcota sochell saidbre. Ina dhá cholún.
[55] i. Modcuda. Diambat reabhtach ba treabar. 6 r. (?).
[56] . gana. A fir feil / dena trocuire co leir. 5 r.
[56] m. gana. Rodead an Inis find Fail. 24 r.
[58] m. [T]RECHENG BRETH FEIN. Tos. Cend Erenn Ardmhacha. (ina dhá cholún). Críoch. Cotoet cona heisinibh eisi agus nocon fagbat curaid cia airm índoithi. Finid (70).
[70] m. gana. Dia fesaid línn nodas fuil. 13 r.
[72] . [MICHEÁL ARDAINGEAL AGUS AN PHIAST AR SHLIABH GARGAN]. Tos. Angelis suis mundavid de te Deus ut custodiant te in onibus unstuis. Críoch. coticfa Michel arís do cobur an chinneidh daena do chath fria hAnticrist i nderedh in domain. AnnteCrist duine tiucfes an doman d. etc.
[79] . gana. Re linn Constantín cen col. 20 r.
[80] i. Colafan: ‘Don Athair Muiris Ceindfeic icind tTempull nGell in ceithradh le dec don mhis Abhran san mbliadhan d’aeis Críost mdcccxxxxiiii le Emonn .h. Mathghamhna’.