ISOS logo
ga

Athair Maurus Ó Faoláin

Cainteoir dúchais ab ea Risteard Ó Faoláin. I gCill Rosanta, i bParóiste an Chomaraigh sna Déise a saolaíodh é agus chaith tamall dá óige ina dhalta scoile ag Seán Pléimeann. Chuaigh go Mellerí sa bhliain 1872 mar ar deineadh sagart rialta de in 1878 agus an t-ainm Maurus á ghlacadh sa chreideamh aige. Deineadh Ab Mhellerí de sa bhliain 1908. Díograis agus dúthracht lucht na mainistreach i saothrú na Gaeilge i ndeireadh an naoú haois deag agus i dtúis an fhichiú haois, is le Maurus a luaitear é sin, agus foinse thábhachtach ar stair ghluaiseacht na teangan an uair sin is ea cáipéisí an tsagairt seo. Fuair sé bás sa bhliain 1931.

Athair Maurus Ó Faoláin