ISOS logo
ga

Aindrias Mac Cruitín

Duine de mhórscoláirí na Gaeilge ó thosach an ochtú haois déag is ea Aindrias. Maireann thart ar scór lámhscríbhinní uaidh agus isteach is amach le dhá scór de dhánta. Le stair a ghaibh Clann Chruitín ó dhúchas agus cé go bhfuair Aindrias oiliúint chlasaiceach sa Mhaigh Ghlas, i gContae an Chláir, agus gur lean sé den bhfilíocht agus den obair scoláiriúil feadh a shaoil, ní raibh i ndán dó sa deireadh ach anró agus bochtaineacht. Fuair sé bás sa bhliain 1738.