ISOS logo
ga

LS CF 4

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 4

CAITHRÉIM THOIRDHEALBHAIGH
AN LEABHAR MUIMHNEACH

19ú haois. 9.7" X 7.5". 386 lch uimhrithe, le duilleoga ceangail chun tosaigh agus laistiar. ‘Vol. iv Cathreim Tordh. and Genealogies’ ar lch ceangail thiar. Pól mac Mhíchíl Uí Longáin a scríobh i gCarraig na bhFear in 1840-42 don Athair Muiris Cinniféic (cf. 385i. 240i.). An leabhar seo ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1. ‘Manuscript Vol. IV’ in órlitreacha ar a chúl agus a uimhir ‘4’ greamaithe de. Roinnt túslitreacha agus cinnlitreacha daite.

1 . CAITHRÉIM THOIRDHEALBHAIGH. ‘Ag so don tsean agus don phrímhleabhar seanchuis dá ngairmid eolaigh Caithreim Thoirdhealbhuigh . . . iarna chéidsgríobhadh le Seághan mac Rughruidhe’ . . . 1459 . . . ‘iarna nuaidhsgriobha . . . le hAindrias Mac Cruitín . . . 1721’. Tos. Ar tteacht d’úrlámhas Éiriond a seilbh Gall san mbliaghuin d’aois Chríost 1172 . . . agus iar sgaradh caoímhríghe re gach cloinn d’fhuil Mhíleadh (1i.). Críoch. go bhfuair bás agus gur hadhlacadh an Inis é, an bhliaghain d’aois Chriost 1355. Críoch. Colafan: ‘Iarna sgríobhadh don Athair Muirghis Cinneféic noch do bhí an tan sin a bporráiste an Teampuill Ghil a ndósias Cluana agus Rois, le Pól Ó Longáin, san mbliagain d’aois Chríost 1842’ (240i.).

241 . Blodh den [LEABHAR MUIMHNEACH]. Príomhtheidil: ‘Craobhsgaoileadh Shleachta Cuirc Mhic Lughaidh’ (lch 241); ‘Craobhsgaoileadh an Eochaidh so da ngoirthear Suilliobháin, an méad fuarusa le a bhfaisnéis díobh’ (lch 247); ‘Craobhsgaoileadh Shleachta Fhailbhe Flaind’ (250m.); ‘Cráobhsgaoíleadh Chlainne Carrtha Ealla’ (254m.); ‘Craobhsgaoileadh Clainne Cárrtha Mhusgraoidhe’ (255m.); ‘Craobhsgaoíleadh agus Coimhneasa Uá nEachach Múmhan’ (262i.) ina bhfuil: Éistigh re caoimhneas bhur ccaith. 126 r. (263i.); ‘Geineallach Mhéic Carrtha Mhóir’ (lch 275); ‘Geineallach mhic Amhlaoibh’ (285m.); ‘Geineallach hÍ Shúilliobháin Mhóir’ (lch 287); ‘Geineallach hí Chaoimh’ (289i.); ‘Cinéal Aodha Uairgairg’ (292m.); ‘Craobhsgaoileadh Chairbre Luachra mhic Cuirc’ (296m.); ‘Craobhsgaoileadh Shleachta Cormuic Chais mhic Oilill Oluim’ (298m.); ‘Craobhsgaoileadh Shleachta Chéin mhic Oilill Óluim’ (312m.); ‘Críoch do Mhuímhneachaibh go nuige sin’ (316m.). ‘An Leabhar Ultach’: ‘Craobhsgaoileadh agus Caoímhneasa Shleachta Ír Mhic Míleadh’ (lch 317). ‘An Leabhar Laighneach agus Connachtach .i. Cráobhsgaoíleadh agus Coímhneasa Shleachta Éireamhóin Mic Míleadh’ (lch 322); ‘Do Lághnuibh’ (lch 337); ‘Do chraobhsgaoileadh Shleachta Lughaidh Mhic Íthe’ (340m.); ‘Seanachus Gall’ (341m.). Críoch. iomad do shleachtaibh uaisle eile Seannagall táinig ó thaoíseachaibh eile, agus ó thriathuibh dhíobh nach luaidhfeam annso. Críoch de sin (349m.).

350 . ‘The Pedigree of Mc Carthy More’, coimriú ar chuid den ábhar romhainn.

359 . An Réim Ríogruídhe. Lean. (372m.) gana. A eólacha Éireann airde. 47 r.

377 . ‘Do na ríogaibh do ghaibh an Mhumhain agus Ríoghacht Leatha Mogha agus Caisil.’ ‘Críoch’ (385i.).

385 i. Colafan: ‘larna sgríobhadh le Pól mac Michíl Uí Longáin, san mbliadhain d’aois Chríost míle, ocht ccéad bliadhain agus dá fhichit don Aithir Muiris Cineféic (a bpoiróiste Charruig na bhFear)’.