'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'
Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]
CF 34
‘LEABHAR RUA RÁTH CHORMAIC’
SCÉALAÍOCHT DE GACH CINEÁL
19ú haois. 8" X 6.7". iii + 610 lch uimhrithe 1-609, ach 58 faoi dhó. Lgh bhána cheangail i dtosach agus laistiar. Tadhg Ó Conaill a scríobh lgh 1-406, i dTobar Rí an Domhnaigh, i gCorcaigh ; 1816 an dáta is luaithe aige (103i.) agus 1-12-1827 an dáta is déanaí (406i.). Seághan Mac Aodhgáin / John Egan, a scríobh an chuid eile (seachas, b’fhéidir, 429-31) i mBaile an Dúradh i bparóiste Charraig na bhFear in 1832-3 (cf. 471i. ; 609i.) agus é in aois 20/21 blian (cf. 471i., 569i.). Tá ‘John Morre’ breactha ar lgh cheangail chun tosaigh, agus cúpla nóta staire le peann luaidhe ar an duilleog dheiridh. Tá an fhuáil ar bogadh anois, ach tá an clúdach go daingean ; cairtchlár agus seiche bó le fionnadh rua air atá ann. I gcuntas Phóil Uí Longáin tugtar ‘Leabhar Ruadh Ráth Chormaic’ ar an leabhar seo ‘poch atá an tap so a seilbh an Athair Muiris Cinneféic, Sagart Paróiste Ráth Cormaic . . .’. Bhain sí lena chnuasachsan dá bhrí sin. Tá a huimhir XXXIV (ceartaithe ó XXV) grearnaithe de dhuilleog ceangail, agus ‘34’ scríofa ar an gclúdach laistigh anois, agus ar an gcúl thiar.
i . ‘Leabhar lán-díngthe / do starthaibh breágh Gaoídheilge / is blasta dár fríth liom / as leabharáin sgríobhtha.’
ii - iii . ‘Clár a bhfuil do sgéaltuibh san leabhar so’.
1 . CATH CNUCA. Tos. Do bhadar Laighnicc gan ríghe gan chóghnach d'éis Catha Muíghe hÁga do thabhairt ortha le Conn Céadchathach. Críoch. le laoi : Collma do chaithréim, a Chuinn. 7 r. Colafan. ‘Gurab é sin Cath Cnuca iarna ghrafadh líomsa Tádhg Ó Connaill an ’ 15-6-1817 (37i.).
38 . IONNSUÍGHE MUÍGHE LÉANA. Tos. Dala Chlainne datháille Deirgthine et Clanna lánghasda Luíghaidh agus Chlainne deaghláimhe Dáirine. Críoch. tré chailleamhuin urmhór a mhuintire. ‘Gonadh hí sin (Ionnsuíghe) Ionnsuíghe Mhuíghe Léana go nuige sin adeir an seanchas gurab air a leabaidh do marbhadh Eóghan le Góll’ (71i.).
72 . Nóta seanchais agus croiniceachta.
72 m. ‘An Faith fár cuireadh Caith Muighe Mochruimhe’.
74 i. CATH MUÍGHE MOCHRUIMHE. Tos. Áirdrígh uasal onóireach cródha cruithniamhdha ceartbhreitheach do ghaibh áirdcheannas . . . Art . . . Éinfhir. Críoch. ‘Nualldhubha Oiliolla . . .' : is gearr ina dhíaigh sin do mhair Oilioll Óluim. ‘Fóircheann le Tádhg Ó Conaill, cois Laoi 1816’ (103i.).
103 i. TEÓRUÍCHEACHT CHONAILL GULBAN '. . . air Eithne Uchtsholuis . . .’ Tos. Rígh úasal árdchómhachtach do ghabh flaithios et áirdcheannas Eirionn . . . Níall Naoighiallach. Críoch. rinneadh mórán onora agus ofaráladh air anam. ‘Gurab í sin Eachtra Chonaill Gulban . . . do sgríbh Caoímhghin Ghlinne Dá Loch ina dhiaigh sin í.’ ‘Foircheann le Tadhg Ó Conaill, cois Laoí lámh re Tobar Rígh an Dómhnaigh a ndeisceart Múmhan lámh le Corcaidh’ (143i.).
144 . CATH CRIONA. Tos. Rígh amhra oireadha bhí an Éirinn feacht n-aild .i. Cormaic Mac Airt. Críoch. as amhlaidh sin bhias go bráith, í bheith ag Síol Taídhg (152i.).
153 . CAITHRÉIM DHAITHI MAC FÍACHRA. Tos. Rígh sochurach sáerchineallach cródha cathbhuadhach . . . ró ghaibh flathus . . . Éirionn et Alban . . . .i. Dáithí mac Fiachra. Bearna, 166i.- 167i., agus focal ar lár anseo agus ansiúd ina dhiaidh sin. Críoch. le laoi: Atá futsa Fionn rígh Fáil. 6 r. ‘Foircheann le Tadhg Ó Conaiir (200m.).
200 m. [CAITHRÉIM] CHEALLACHÁIN CHAISIL ina ranna: ‘Do Mhoghsaine Gaoídheal’. Tos. Ag so síos go cumuir do Mhoghsuine Gaoídhiol fá Lochlonnaibh, et an cíos et an cáin do bhíodh oco orra. ‘Cathúghadh Cheallacháin . . (202i.); ‘Toruigheacht na tTaoiseach air Cheallachán’ (226i.). Críoch. go bhfuair ionmholta (sic) a cCaisiol reamhráidhte, san mbliadhain d’aois Chríost . . . 912. Colafan: ‘Gurab í sin Cathughadh Cheallacháin Chaisil . . . agus Toruígheacht na tTaoíseach . . . fá mar fúaramair romhuinn iad ; acht muna ndeárnamair focal dearmuid. Iairna sgríobhadh le Tádhg Ó Conaill cois Laoí láimh re Corcaigh Mhór Múmhan san mbliadhain . . . 1817’.
246 . Annálacha mar réamhrá don scéal le teacht: Tos. Anno Domno 913. Maolfhogartach mac Flainn etc.
250 . CATH CHLUANA TAIRBH. Tos. A.D.1014. Do tugadh an Cath so Aoíne an Chéasda. Sluagh mór le Maólmórdha. Críoch. Cheithre bhlíadhna is deimhin. 2 r. ‘Foircheann le Tadhg Ó Conaill' (259i.).
260 . CATH MUÍGHE GUILE. Tos. Ró fógradh cath idir Dómhnall Mac Dubhdabhoireann et Cían Mac Maolbhuadh. Críoch. le céad líne laoi, an chuid eile ar iarraidh: Inneosad mo theisd ar Chian (265i.).
266 . OIDHEADH CHLAINNE TUIRRIONN. Tos. Áirdrígh úasal oirdheirc árdchomhachtach oillghníomhach cródha cosantach . . . ró ghaibh flaithios . . . Núadhairgeadlámh. Críoch. fá tuirsioch Tuirionn et a inghíon dá ndéis: agus níor bh’íongnadh sin. ‘Gona bí sin imtheacht et oighde Chlainne Tuirionn go nuige sin. Iairna ghrafadh líomsa Tadhg Ó Conaill, cois Laoí láimh le Tobar Rígh an Domhnaigh . . . 1817’ (lch 300).
300 m. OIDEADHA CHLAINNE LIR. Tos. Dala Thúatha Dé Danann ó Chath Tailteann anúas do thíonnsuígheadur ós gach áit a rabhadar. Críoch. Ní cian go bhfuair Lairgneán’s a bhainchéile bás tré easguine an mhacaómh óig. ‘Ionnas gurab í sin Oidheadha Chlainne Lir go soiche sin le Tádhg mac Míchíl Uí Chonaill, an t-ochtmliadh lá don chéad mhí d’Fhómhar 1817’ (lch 311).
311 m. OILEAMHUIN CHÚCHULOINN. Tos. Cúchuloinn mac Subhaltaigh . . . iar mbeith ’na mhacaoimh óg áluinn do. Críoch. nó gur thuiteadar féin amach le chéile go baoth-chinneamhnach. ‘Aig sin agad a leaghthóir OiÍeamhuin Chúchulainn go nuige sin le Tadhg mac Míchíl Uí Chonnaill . . . 1817 lamh re Corca Mór Mumhan’ (330m.).
330 m. OIDHEADHA CHONNLAOICC MAC CHÚCHULOINN. Tos. Dala na mná toirche úd d'fhagaibh Cúchuloinn a ccríochaibh an domhain mhóir shoir. Críoch. do hádhnacadh a thaise le Cúchuloinn san áit chéadna. ‘Gona bí sin oidheadha Chonlaoich mhic Chúchuloinn’ (lch 343). Bán as sin go 345.
346 . COMHRAC FIR DÍA MAC DUBHÁIN IS CHONCHULOINN. Tos. Do bhadar cheithre hollchóige Eirionn d’aon áonta an áighidh Chóige Uladh. Críoch. le laoi: Cluithe gáire cómhrac chách. 4 r. ‘Gona bí sin cómhrac Firdia et Cúchuloinn go nuige sin.’ Colafan: ‘Iarna sgríobhadh líomsa Tadhg Ó Conaill chum m’úsáide féin, láimh re Tobar Rígh an Domhnaigh Cois Laoídh an chéad mhiosa d’fhómhar’ 1817. (367m.).
367 m. BRISLEACH MHÓR MHAÍGHE MHUIRTHEIMHNE ‘nó Oidheadh Chuchuloinn’. Tos. Feacht n-aón da ttangadar uaisle Uladh go hEamhain Macha go súgach soimheanmnach. Lean., gan briseadh : ‘Deargruathar Chonaill Chéarrnaicc air fhearaibh Éirionn’ (385m.) agus críoch. le laoi: Sgealadh Chuchulloinn ós ard. 35 r. ‘Fóircheann’. Colafan: ‘Gurab íad soin Brisleach Mhór Mhaíghe Muirtheimhne, Deargruathar Chonaill Cheárrnaicc, et Laoi na cCeann, nó Agallamh Chonaill is Éimhir .i. bean Chúchuloinn, go nuige sin, le Tádhg Ó Connaill, lámh le Tobar Rígh an Dómhnaicc, Cois Laoí a ndeisgirt Múmhan,’ 5-2-1826 (396m.).
396 . OIDHEADH CHLAINNE UISNEACH. Tos. Fleadh mhéidhirchaoín mhóradhbhal do rinneadh le Conchobhair mac Fachtna Fáthaigh. Críoch. ní raibh Eamhain ag Conchubhar ná ag aén duine dá shlicht ó shoin ille. ‘Ag sin Óidhe Chlainne Uisnig go nuige sin’ (406m.).
406 m. gana. Cathbhadh mac Maelccích na ccreach. 7 r.
406 i. ‘As leabhar do cuireadh a ccló a mBaile Atha Cliath go sgríobhadh Oidheadha Chlainne Uisnig. Deichmí .i. 1827. Tadhg Ó Conaill, Cois Laoí.’ (Trans. Gaelic Soc. i, Áth Cliath 1808 atá i gceist).
407 . (ó láimh eile). ‘Ag so síos an faith air cuireadh ár Chlainne Uisnicc’ .i. blodh as Forus Feasa. Tos. Lá n-aon dá ndeachaidh Conarbur . . . do chaitheamh fleagha. Stad. tar éis iomad coinbhliochta do thabhairt dóibh féin agus do mhuínntir an rígh do gach leith roímhe sin. ‘Ag so deire leis an adhbhar báis do bhí aig Clainn Uisnig.’ Colafan: ‘Airna ghrafadh líomsa Seághan Mac Aodhgáin chuim cathamh aimsire dom féin agus do gach duine eile badh mhian éisteacht líom, a mBaile an Dúradh. 1833’ (407i.).
408 . FEIS TIGHE CHONÁIN CHÍNN tSLÉIBHE. Tos. Seilg, fíadhach agus fíannchosgairt do comórag le Fionn mac Cúmhaill agus le fianna ghlanailne Gaodhal. uim . . . Torc. Críoch. as fada do bhádar a ccreacht dá ccongmbáil an othairluíghe sul fuaradar T.D.D. a leighios. ‘Críoch’ (lch 431).
432 . TOROIGHEACHT DHIARMADA IS GHRÁINNE. Tos. Lá dár éirig Fionn mac Cumhail an Almhuin leathanmhór Laighean. Laoi ar lár lch 471. Críoch. do chuir feasa agus teachta uaithe go nuig Clainn Diarmada go triucha céad Chorca Dhuíbhinne mur a raibh da leasughadh. ‘Gurab í sin Tóruigheacht Dhiarmada Ui Dhuíbhinne agus Ghráinne Inghean Chormaic’. Colafan: ‘Airna ghrafadh liomsa Seághan Mac Aodhgáin a bporróiste Charruig na bhFear’, . . . 1832 ‘and the 20th year of his own age. Pray for the writer’ (471i.).
472 . BÁS MHIC RÍOGH NA hEASPÁINNE ‘le hOsgur . . . air faithche na hAlmhuinne.’ Tos. Ríogh cródha céillíghe . . . ró ghaibh ceannas . . . na hÉirionn dár chómhainim Cormac mac Airt. Críoch. gur thuit an Macaomh Mór, mac righ na hEaspáinne do bhéimeannaibh borbnertmhura . . . Osguir . . . air faithche na hAlmhuinne. Colafan: ‘John Egan April 1832, the 20th year of his age. Finis’ (489m.).
489 m. EACHTRA THOIRLIBH MHIC STARAINN ’S A TRIÚR MAC. Tos. Lá aoibhinn geal ghréine dár éirigh amach Toirlibh mac Starainn, mac dearbhráthar ríogh Lochlann. Críoch. an chéad chuid: Sonn atá an laoch inna chodla fúm. 1 r. ‘Gona bí sin Eachtra Thoirlibh mhic Starrainn’ (529m.). Lean.: ‘Dála Thriúr mac Thoirlibh mur atá Cróchán, Sál agus Daithlionn’. Críoch. táinig an mhuir ortha agus d fuadaigh lé iat fá dhoimhnnios na mórfhairge ionnus náchair fríth a ttuairisg ón lá soin gus an la aniugh. ‘Gona bhí sin Eachtra Thoirlibh mic Starrainn gona thriúr mac go nuige sin.’ Colafan: ‘Iarna ghrafadh le lámhluath agus re tógha droichphéinn re Seághan mac Aodhgáin,' 8-1-1833, ‘a bporóiste cCarruig na bhFear. John Egan, January 1833, and the 21st year of his age’ (569i.).
570 . TÓRÚIGHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR. Tos. Lá n-áon dá raibh Fionn Mac Cúmhaill a nAllmhuin leathanmhór lánaoibhinn Laighionn. Críoch. gur ghaibh an Giolla Deacair a chead le Fíonn agus re Fiannuibh Eirionn. Fágbhus beannacht aco agus beireas an nídh céadna uatha. Colafan: ‘Gurab é sin T. an G. Deacair go nuige sin, iairna dhrochghrafadh le deifir mór re togha droichpheann le Seaghan Mac Aodhgáin a mBaile an Dúradh a bporróiste Charraig na bhFear san mbliadhain . . . 1833’ (609i.).
609 i. Dánfhocal. As na mná ciodh mór bhúr ndóith. 1 r.