'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'
Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]
CF 2
AS LEABHAR LEASA MÓIR
19ú haois. 9.6" X 7.5". 280 lch, uimhrithe 1-278 le peann luaidhe agus 95 agus 274 faoi dhó. Uimhriú níos aosta ar chuid de na lgh, agus é 9 chun cinn ar an bpeann luaidhe de ghnáth. Uimhriú eile (1-40) ar leithrigh ar lgh 232-278; duilleoga ceangail chun tosaigh agus laistiar. ‘Vol 2', ‘An Clár’ ar cheann acusan chun tosaigh. Nóta doiléir i bpeann luaidhe uirthi sin freisin ag tabhairt foinse an ábhair seo - ‘Book of Lismore’, ‘Leabhur na gCeart agus Lives of Saints.’ Eamun .h. Mathghamhna a scríobh i dTobar Rí an Domhnaigh i gCorcaigh in 1844-5 don Athair Muiris Cindfeich (cf. 46m., 95am., 107m., 230i.). Cóip mhíchruinn a rinne sé den ábhar ó BLism. (go 230i.). An leabhar ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1. ‘Manuscript. Vol II' in órlitreacha ar a chúl, agus ‘2’ greamaithe de.
1 . LEABHAR NA gCEART. ‘Incipit do Libur na Cert’. Indister do chisaib ocus tuarustlaib Eirenn amail roord Benen mac Sescnen salmcetlaid Padruic amail atfet Leabur Glindi Da Locha. Críoch. le Teamhuir tech i mbui mac Cuind.
46 m. Colafan: ‘An naeimad lá don mhis Treoghain chum usaide an Athair Muiris Cindfeich, ic in tTeampoll nGeal le Eamun .h. Mathghamhna, a cCaislean Bhlair ac Toibir Righ in Domhnaigh ic Corcaidh, aeis ár Tigern Íosa Críost mdcccfiiii.’ As sin go lch 48 bán.
49 . BEATHA BHRÉANAINN MHIC FINNLUGHU. ‘Beatus umqui timet dominnim mandatis er uolet nimis’. Tos. Is feactnac agua as firen foirbhthe in fer forfa mbi ecla ocus imuaman an coimdedh cumachtaigh. Críoch. ro issam roaitreabum in saecula saeculorum. Amen. (lch 70).
71 . BEATHA CIARÁIN CLUANA MHEIC NOIS. ‘Omnia quecumque vultis ut faciunt homines vobis ita et vos faciatis illis' .i. cech maith as ail libh do dhenamh duibh o dainibh bid amlaid sin ragnethe doibh. Críoch. Ailim trocuire nDe uasail uilichumhachtaig tre impide Noib Chiarán corrisam in aentaig sin ros aitrebam in secula seculorum. Ni me is cintuch risna focluib decheillidhi ata isin mbeathaidh sin, acht an drochairt (94i.). Lean. ‘Riaghail Patraig’ (6 1.) (94i.), ‘Cose Mocolmoc’ (8 1.) (95m.), agus As doilghi leam ina in t-ecc. 10 r. Nóta: ‘Ic sin Beatha Chiarain Cluana Mheic Nois le Eamond .h. Mathghamhna 1844’ (95am.).
96 . BEATHA MHOCHUA BALLA. ‘Homo proficiscens vocavit servos suos tradidit illis bona sua.’ Tos. O do chuaidh in fear mait for turas rocongair a mogada ocus ro fhodail daibh a indmasa. Críoch. ind oeine ina apstanait air crucifixus est mundus illi et ipsi mundo. Finit (107m.). Colafan: ‘Do Bheatha Mhuchua Balla, chum usaidi in Athar Muiris Cindféic ic an tTempull nGeal in naimhadh la dheichmhis innsa mblian d’aeis ár Slánathóra Íosa Críost mdcccxxxxiiii le Eamand .h. Mathghamhna a cCorcaigh.’
108 . Scéalta ar na Naoimh, gan teideal, agus as a chéile. (a) Ar Phádraig: Tos. Raili feachtus tainic Patraig cu Temhraig ar amus na righna. (b) Maolpoil hUa Cinaeta .i. ab mainistreach Cilli Becain, ro bui ocus manach aili ac luad astrolaice (lch 109). (c) Ar Ghuaire etc. Tos. Eachtus do Guairi Aidhne ocus do Cumain Fotai do Caimin Innsi Cealltrach isin eclais moir (109i.).
110 i. ‘Sgel ar Mulaing’. Tos. Moling Luachra dalta do Madhoc Fearna. Is do Moedhoc roghabhsom Tech Moling.
112 . ‘Cuid do Forbaois Droma Damhchuire’. Lean, ar aghaidh Re ndul amach indeoin ord cindbhear dhamh fobarsciath o Glinn Br co hAth Cliach. Bearna 112i.- 113m. Lean. ‘Crichad an Caoilli’ (142i.).
149 . Cormac Mac Cuilindain. Ba faidh an feinnidh bai sunn. 11 r. le nóta 3 1. roimhe.
150 . gana. Truagh Caiseal gan Cormac. 13 r.
151 m. gana. Oillill Olam amra an gein. 10 r.
153 . ‘Geasa ocus Urgarta righ Temrach ocus righ na gcúigead.’ Tos. Secht n-urgarta righ Temhra turcbail greine fair na loigi inniug Teamhrac.
158 m. Ar na hAitheachthuatha. Tos. Bai fodord mór ic aitheachaibh Eireann in aimsir tri righ nEirenn. Críoch. le Saerchlanda Eirenn uili. 12 r. (160i.).
161 . Feidhlimid mac Crimthan. Abair dhamh ra Muimnechaib. 23 r.
164 . gana. Maithi Muman ba fir soin. 13 r.
165 m. gana. Eirigh frisin iarmeirgi. 18 r.
167 m. Clomaidhi. Cormac co fecht ro ba sai. 8 r.
168 . Flaithbheartach hua hlnmhoinen. In cloichen bec fuil im laim. 16 r.
169 i. [SALTAIR NA MUICE]. Tos. Easpac uasal rabhui i Cluain mheic Nois, Caoncomrac a ainm. Críoch. nir caithset sruithi Gaeidil feoil isin capgait na aithle sin. ‘Finit’ (172m.).
172 . Maoliosa Ó Broluchain. Ocht n-aeiric na nualach 70 r.
180 . [AN tACALLAMH BEC]. Tos. Feacht n-oen dorala Oisin ocos Cailti a nDun Clithair oc Sliab Crott isin aimsir tainic Patraic docum nErenn. Is ead do mair d'iarsma na feine. Críoch. Ro bai Cailte i Temraigh amhlaidh sin co toireacht Oisin hicind triall ocus proind caocat cacha laithi do. ‘Críoch’ (230m.).
230 m. Nóta ar ‘Coicc bruighne hEireann’.
230 i. Nóta ón scríobhaí: ‘Crioch de sin chum usaidi in Athar Muiris Ceindfeic ic an tTeampull nGeal laimh re Corcaigh mhor Muman, isin mbliain d’aeis Críost ar tTighearna mdcccxlv le Eamond Ó Mathghamhna.’ An chéad lch. eile bán.
241 . BEATHA PÁIS AGUS BÁS ÁR SLÁNAIGHTHEORA ÍOSA CRÍOST. Tos. Airna fhaicsin don Trionóid ronáomhtha áon Dia uilechomhachtach go ttuitfeadh an chine daona. Stad. do choiméad an tuamba d’eagla a dheisgiobail dá ghoid leó agus dá rádh gur éirrigh ó bhás (247m.). As sin go 255 bán.
256 . DE STÁTU ET MODO BHIBHENDIA BHIRGINIS MAIRIE POST ASCENCIONEM FILI EIUS. Tos. Do staid agus do mhodh beatha Mhuire tar éis a Mic do dhul suas ; óir do dhan no do fhan Éoin Suíbhsgéaluidhe ag seirbhís don Bhaintighearna tar éis na n-apstal do imtheacht. Críoch. as í do rin creatúir don chruthaightheóir is í do choiméad agus do thionsgain creidiomh na geneamhna agus na Páise. (278m.).
