'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'
Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]
CF 15
SAOTHAR SHEÁIN UÍ CHOILEÁIN
19ú haois. 9.2" × 7.3". (a) Lgh 1–50, uimhrithe le peann luaidhe l.d. Pól Ó Longáin a scríobh i gCarraig na bhFear in 1842 don Athair
Muiris Ciniféic. (b) Lgh 51–106, uimhrithe go leanúnach ó (a), le peann luaidhe. Níl ainm, log ná dáta leis an gcuid seo, ná dáta sa mharc uisce. De réir na peannaireachta is é Seosamh Ó Longáin a scríobh, don Athair Muiris Ciniféic, is dócha; cóip d’fhormhór an ábhair i CF 30 atá anseo. Í ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1 ; ‘Manuscript XV’ in órlitreacha ar a cúl agus a huimhir ‘15’ greamaithe de.
1 . Lch teidil : ‘A Dialogue between Death and the Patient. Written originally in Irish by Denis O’Daly, Abbot of Boyle in the 14th century. Translated by John Collins of Myross in 1816. And written now in 1842 for the use and amusement of the Revd. M. Kenefick, by Paul Long of Carrignavar.’ Lgh 2–3 bán.
4 . COMHAGAL IDIR AN BÁS AGUS AN tOTHAR. Tos. Cia sin thall aig teacht go ttígh me ? 128 v. le 6 líne i gcúpla ceann. Ar na lgh ar chlé amháin.
5 . ‘A Dialogue between Death and the Patient.' Tos. What slender form is that, what palefac’d spright ? 128 v. Ar na lgh ar dheis amháin; lch 50 bán.
51 . AGALLAMH ‘air eadairmheas litreach oghaim agus do thionnsgnamh na Gaóidheilge’. Leagan Béarla ar cholún taobh leis : ‘A Dialogue on the invention of letters, on the ancient Cryptography and on the formation and commencement of the Irish Language.’ Tos. Cia cineal foghlama do thionsguin a ttosach ? Q. What kind of literature commenced in the beginning ? Críoch. á rá go bhfuil leabhar leighis ag an údar, a scríobhadh i meamram: 1179 le duine darbh ainim Giolla Padruig Ó hlcídhe. Críoch (74i).
75 . ‘Of the Cryptography and mysterious writing of the Irish called Ogham.’ Tos. The ancient Irish had an occult manner of writing called ogham, which their literati preserved as a piece of the greatest value. I mBéarla agus i nGaeilge le go leor léaráidí. Foranna ‘The Virgean Cryptography’ (lch 80), ‘The Hazel – tree Cryptography’ (lch 83), ‘The Consonant Cryptography’ (lch 84), etc. Tá an duilleog 99–100 stróicthe sailithe, agus na duilleoga as sin ar aghaidh sailithe. Críoch. le ‘The Secret Historical Cryptography, Ogham ruin na ndéagharsgar’ ‘which is the best adopted of all the virgean alphabets’ (lch 106).
