ISOS logo
ga

LS CF 1

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 1

SEANMÓIR : FILÍOCHT

19ú haois. 9.6" x 7.6". 244 lch, uimhrithe 1-243 agus an chéad cheann gan uimhriú, le duilleoga ceangail chun tosaigh agus laistiar, agus lgh chláir chun tosaigh freisin. Eadhmonn O Mathghamhna a scríobh in 1842 don Athair Muiris Cinniféic (cf. 227m.). An leabhar ceangailte go stóinsithe i gcairtchlár faoi éadach dorcha le cúl agus cúinní leathair. In órlitreacha ar a chúl: ‘Manuscript. Vol. 1’; a huimhir ‘1’ greamaithe de.

vi . ‘Clár an Leabhair si’.

vii m.- viii . Bán.

[A] . ‘Seanmóir do sgriobh sagart foghlamhtha éigin air bheatha, air mhiorbhuillibh, agus ar gheineallach Naomh Pattraig .i. Abstal na hEirionn.’ Tos. Ecce sacardos magnus qui in diebus suis placitur. Ag so an sagart mor do tháinnig re Dia ionna laithibh ; is mor, mór ghuillios orm am choinsias, a cháirde an neamhthacht agus luighead an iomradh. Críoch. is an ccreidiomh caitiollaice Romhánach maille re himpidhe ar naomhpatrún Pattraig : beannacha Dé . . . do thuirlicean agus dfanmhuin go sioraide oruinn. Amen. Biodh mur sin. ‘Crioch’ (26m.).

27 . ‘Tosach agus Aistriughadh Mhiorbhuilleach Theampoill Mhuire Loreto.’ Tos. Teampall Loreto ba seómra é do thigh Mhuire anaice lerusalem san ccathair Nasaret. As ann do rugadh, tugadh suas. Críoch. do rugadar na haingil go cnoc na díse dearbhrathar é, mar adubhradh roime seo. Do chum glóire na banoighe ronaomhtha Muire (29i’.).

30 . Eamonn do bhFall. As diobhail ghéar creachtach a mbailte mora. 8 v. ‘Do Michael mac Réamoinn Mac Gearailt.’

32 . gana. Aileach Frighrinn. 74½ r. uimhrithe.

45 . ‘Cormacan Ecces mac Maoilbrigde, an t-airdfile.’ ‘At bath aois Crist dccccxlvi.’ A Mhuircheartaigh mhic Neill nair. 65½ r.

57 m. ‘Sceal ar Mhuirceartach ri Aileach o’n Leabhar Gabhala.' Tos. Ar na nDeisi do chor le Ceallachan, ri Caisil. Críoch. dia ro can an airceatal so . . . ‘Leabhar Gabala p. 212’ (58i.).

59 . IOMARBHAIDH LEITHE MOGHA AGUS LEITHE CHUINN. Torna Eigios. ‘405’. Dail chatha idir Core is Niall. 52 r.

70 . idem. Mo dhá dhalta ionnmhuin liom. 14 r.

73 . Tadhg Mac Daire. ‘1600’. Olc do thagrais, a Thorna. 31 r.

79 . Lúghaidh Ó Cléire. ‘1600’. Ná brost mise, a Thorna. 17 r.

83 . Tadhg mac Dáire. A Lughaid, labhram go seimh. 31 r.

89 . Sean Ó Cléire. ‘1604’. Eistig, a eigse Banba. 44 r.

98 m. Tadhg mac Daire Mac Bruaideadhe. Faighim ceart, a Chlann Eibhir. 38 r. ‘Ag iaraidh díola annsa ccosnamh do rinne air Leath Mogha le filéidhibh an tuaisgirt.’

106 . idem. Ar siol Eibhir as do thriúr. 16 r.

110 . ‘Geinealach Uí Mhaolchonaire’ (4 líne).

110 m. ‘Naonbhar naomh Shíol Chonnaire’, 11 líne próis. Lean. gana. Naonhhar naomh shíl Connaire. 5 r.

112 . Daibhidh Ó Bruadair. A thruipfir más musgailt ón mbaile h’álgus. 11 v. ‘do thrúipéir do bhí ag dul an arm . . . 1686’. Cúpla nóta i mBéarla.

114 i. idem. Giodh ainbhfiosach feannaire nár fhiar a ghlún. 7 v. ‘Ar dhobhuidheachas lucht millte an toradh air na coiniolaibh do frith . . . 1692’.

116 m. ‘Bladaireacht do rinne duine eigin do Dhiuic Úrmhúmhan.’ Is fearra fa seach don talamh a theacht. 1 v. Lean. ‘Freagra Dhaibhi Uí Bhruadair . . .’ A dhaoi re gliogar gidh be tusa. 21 v.

121 . idem. An áit an mhagaidh se an aitreabhaibh Gall do bha. 9 v. ‘lar ttógbhail a n-each ’s a arm ó Ghallaibh an 26 la don mhí Fheabhra . . . 1688’.

123 . idem. Is liachtain leasaighthe air chiach do caradsa a thriaithfhir calma ó gluais chughainn tásg. 3 + 1 v. ‘Mar ghnáthúghadh air laimheachta . . . Sur Seain Mic Gearailt . . . a ccath Landen . . . 1693 . . .’

124 . idem. Im ur eolais an sgeoilse do thig a ttír. 4 v. ‘Air an ngairdeachas do bhí air feadh Eirionn . . . iar mbreith . . . an pretender . . . 1688’.

125 . idem. Is mairg nar chreann re maithios saoghalta. 21 v. ‘An tan do thuit sé a loime agus a ndiothchairdeas is choistis . . . is gnáthach go muisglean foilmhe fuath carad.’

129 m. ‘Cré Dhein Swift’. Is e mo chreidiomsa. 4 r.

130 . Tadhg mac Daire. Mo cheithre rainn dhuit, a Dhonncha. 5 r. ‘1606. Dhoncha Mhór h Briain.’

130 m. h Dubhgáin. Triallam tíomcholl na Fodla. 189 r.

151 m. Seamas Mac Coitir. ‘1740’. Is me an chrinbhean bheag chnaoidhte gan áird. 16 r. + 7 v. ‘Don mhinistir Harisson . . . agus do Ribeárd Bouce .i. úcaire . . . do cheannaidh deachmhadh an Athar Siomoinn Uí Choinn . . .’

156 m. Dochtuir Ceidtinn. Beannocht leat, a sgribhinn. 6 r. ‘Ag cur slán chum na hEirionn’.

158 . ‘Iomarbhaidh idir Thadhg Gaodhalach Ó Súilliobhain, agus Seaghan Clárach mheic Domhnaill ag adhmhola Mhaire . . Is meinn liom d’aithris am labharthaibh béoil. 8 + 4 v.

162 m. Diarmuid mhic Seáin Bhuidhe Mac Carrta. Céad bhuidhe re Dia a ndiaig gach annfadh. 38 + 1 v. ‘An tan do chonnairc Tadhg agus Diarmuid arm an righ cheadna, agus bathlaigh an Bhéarla ag file air a ccearaibh duthchais . . .'.

171 . Seaghan Ó Dubhthaigh. Léig do'd comórtus duinn. 97 r. ‘Do Mhaolmhuire Mhagchraith . . .’.

191 . Daibi Ó Bruadair. Fáilte Uí Cealla re Sur Seamas 9 r. + 9 v., gach re ceann. ‘Iar theacht an Ridire Seamas Mac Coitir slán ó Shagsana.’

194 . idem. Teallach coisreaghtha críche Barrach. 42 r. le ceithre dréachta próis fite leo.

204 . Burdúin agus Dánfhocal. Do chealg mo chom go trom le haicídib. 1 v. Nach ait an nós so ag mórchuid d'fhearaibh Eirionn. 1 v. Beann tonnghlas seach gach tuladh. 2 r.

205 . Daibhi Ó Bruadair. A righ na cruinne do rinne ise is gach nidh uirthe atá déanta. 25 v. ‘Don Iarla ó Lucan .i. an Sairseálach’.

210 m. idem. ‘1630’. Eisd m'osnadh, a Mhuire Mhór. 21 r. + 1 v.

215 . ‘Taraingreacht Fhinn mic Cumhail air Erinn, agus Oisin mhic Fhínn ró chan do Pattraicc’. A Oisín iomráidhse línn. 46 r.

225 . File eigin a cContae Ciaruidhe. A chléirigh na leabhar suadh. 2 r. + 8 v. ‘Ag freagra d’eagailseach airigh do rinn gearán air thuras thriobloideach na hEirionn . . .’.

227 m. Nóta ón scríobhaí: ‘Iairna sgríobh an cuigidh lá don mhios trachtan san mbliaghain d’aois Criosd 1842. Chum usáide an Athair Muiris Cinniféic, le Eadhmonn Ó Mathghamhna.’

228 . Seaghan Ruadh Ó Seachain. Cé fada mé am mháistir dheárrach gheasúnach. 10 v. ‘Do Dhaith Ó Mhathghamhna.’

230 . ‘The following verses was made for Colonel Barry when he indavaured to persecute the Roman Catholick Clergy Anno Dom. 1733’. A léomhain nach tím a ttreas. 14 r. + 1 v. ‘Ceangal’.

232 . gana. Ó dheónaidh Mars is Pallas gniomheachtach. 7 v.

233 m. gana. A riogh laidir na ngrás, agus ’Athair na bhfeart. 12 + 1 v.

236 . ‘Aithrighe. chSeaghain .h. Chonnaill’. Admhuin fein le déaraib dearbhuim. 9 v.

241 . Seaghan h Murchughadh na Raithinidhe. Táid uaisle Banba ag atal ’s ag adhacht le mian. 9 v. ‘Do Dhochtúir h Briain iar suidhe dho a ccathaoir Cholmáin Chluana Umha’.

243 . idem. Le cumann don easbog do mhaithibh na mile ngrádhach. 4 v.