ISOS logo
ga

LS 1

LS 1

Iomarbháigh na bhFileadh; ginealaigh

© Breandán Ó Conchúir 2012

19ú haois. Páipéar. 32 × 20 cm (lgh 175–6 beagán níos lú agus lgh 191–200 beagán níos mó). Lgh [iv (lgh cheangail)] + 194 (uimhrithe 1–[178], 191–[204], ach 48 fé dhó, 102 ar chúl 100, agus 2 lch gan uimhriú idir 139 agus 140; uimhriú déanach pinn luaidhe, 1–194, ar an recto – fo-uair ar an verso) + 52 (bán). Scríobhaí: Seaghan Ó Cleirigh (lgh 177, 196, 203; agus [178], mar a bhfuil a ghinealach), ‘ó pharaiste Druing a cContaé an Chabháin' (lch 177), 1825 (lch 203). Nóta (i láimh Eoghain Uí Choinialláin, is cosúil) ar chúl an dara lch ceangail: ‘This Ms. was written by John O'Cleary the 5th in descent from one of the ‘‘Four Masters'. It contains a copy of the Contention of the Bards, and other poems by the following writers' [sic]. Baineadh cuid den abhar as RIA 23 G 25, a scríobh Mícheál Ó Cathasaigh, 1797–8 (féach an colafan ar lch 203 anseo agus RIA Cat, 2460–66).

Lgh bhána thall is abhus i gcorp na LSe (féach thíos); lgh bhreise (páipéar difriúil) a ceanglaíodh isteach leis an LS is ea 191–[204]. Mórán de na lgh línithe le bior tirim nó le peann luaidhe agus dhá cholún ar a bhformhór. Imill íochtair lgh 191–6 gearrtha chun siúil agus beagán den téacs ina dteannta. Deisiú déanta ar lgh 167, 169, 175–6, 177–[178], le paistí beaga páipéir. Droim agus cúinní de chraiceann lao le hórlínte ar an droim. Uimhir ceant [M] ‘l[8]' agus ‘IRISH MSS' (in órlitreacha) ar an droim. Leabharshuaitheantas ‘GAH' laistigh den chlúdach tosaigh; ‘MS 1' agus ‘S. P[ender]' (le peann luaidhe) ann chomh maith.

Gearrthuairisc (ag Owen Connellan) ar an LS, mar ‘a MS. the property of Lord George Hill, M.P.', in Christian Examiner Sept. 1832, 635; in úsáid, Dán na mBráthar (féach lch 175 a).

Nótaí as Béarla i malairt dúigh (lámh Eoghain Uí Choinialláin) thall is abhus (féach thíos).

lch

1 . ‘Iomarbhaidh. Tórna Éigis cc [malairt dúigh:] A.D. 405.' Dal catha idir Corc is Niall. 57 r.

5 a 25. ‘An Torna ceadna cc. [malairt dúigh:] A.D. 405.' Mo dha dhaltan niorsaid liúin. 13 r.

6 a 17. ‘Tadg mac Dare cct. [malairt dúigh:] about A.D. 1600 see Irish Writers.' Olc do thaigrais a Thorna. 36 r. Nóta (i malairt dúigh) ar bharr lgh 6: ‘Here begins the Contention of the Bards and ends at p. 98'.

8 b 6. ‘Lughuidh Ó Cleirigh cct.' A Thaidhg na tathaoír Tórna. 69 r. ‘Tadhg.' Eisdsi Lughuidh rem labhradh. 102½ + 85 r. Trí chéile i bhfoirm agallmha.

23 b 8. ‘Lughaidh Ó Cleiridh cc.' Do chuala ar thagrais a T[h]aidhg. 147¾ + 99 r.

38 a. ‘Roigh an comhraidh an so o Thaidhg mhac Daire ar Aodh O nDomhnaill ria ndol a ccean freargra [sic] do thabhart ar a dhán do reir uird agallmha. Tadhg mac Daire cc.' Ní ccuais leam thurchar a Aodh. 11 r. Lean. (lch 38 b 20): ‘Aodh Ó Domhnaill cc.' Measa do thagrais a Thaidg. 1 r. ‘Ta[dhg].' Ni breith oram do bhreith a Aodh. 3 r. Trí chéile i bhfoirm agallmha. Stad. go hobann ag bun lgh 38 b (féach lch 59); an chuid eile den lch agus lgh 39–40 bán.

41 a. ‘Roibeart Mhac Artuir brathair bocht dord San Phroinsias dochtúr san diadhacht ar ndeanamh an dana so a Lobháin a cathar ata san talamh iochtrach.' Measa a Thaidg do thagrais féin. 32 r.

43 a. ‘Taidg mac Daire cc.' Go ccead dot ghairm a bhrathair. 67 r.

46 b 29. ‘An brathair ceadna cc.' Ge shaoil tu [a] Thaidg nach dearna. 780 líne (formhór ina ranna). Críoch. lch 57 a 17. An chuid eile den lch agus lch 58 bán.

59 a (féach lch 38). ‘Roigh an comhradh an so o Thaidg mhac Daire ar Aodh O nDomhnaill . . . Tadg mac Daire cc.' Ni guais leam thurchar a Aodh. 11 r. Lean. (lch 59 b 22): ‘Aodh O Domhnaill cc.' Measa do thagrais a Thaidg. 70 r. ‘Ta[dhg].' Ní breith oram do bhreith a Aodh. 171 r. Trí chéile i bhfoirm agallmha.

73 b. ‘Toirrdhealbhach Ó Bríaín [sic] o Chathair Mheanainn cct anaghaidh Áod Ui Dhomnaill.' A Áodh óig na neach lúagh. 8 r.

74 a. ‘Lughaidh O Cleirigh cc.' Na brosd mise a mhic Daire. 18 r.

75 a 10. ‘Tadg mac Daire cc.' A Lughaidh labhram go séimh. 31 r.

77 a 9. ‘Lughaidh Ó Cleirigh cc.' An gcluine me a mheic Daire. 30 r.

78 b 30. ‘Fear Feasa O Cainte cc.' Na coigil labhra a Lughaidh. 1 r. (féach lch 79).

79 a. ‘Fear Feasa Ó Cainte cc.' Na coigil labhra a Lughaidh. 30 r.

80 b 17. ‘Baoghalach Rúadh Mhac Aodhagain cc.' Marg dar feicheamh fear gaoil. 13 r.

81 b 7. ‘Tadg mac Daire cc.' A dhuine labhras an laoí. 24 r.

83 a (féach lch 87). ‘Baoghalach Ruadh Mac Aodhagain cc.' Fuirigh rem thagrasa Thaidg. 19 r. (4 líne fé dhó). ‘Ta[dhg].' Ní theithim ría tagra mhaoíth. 25 r. Trí chéile i bhfoirm agallmha.

85 b 15. ‘Mac Diarmoda cc.' Do bhearrmaoís da naimhdheóin féin. 1 r. An chuid eile den lch agus lch 86 bán; cf. lch 89.

87 a (féach lch 83). ‘Baoghalach Ruadh Mhac Aodhagain cc.' Fuirigh rem thagrasa Thaidg. 18 r. Lean. (lch 88 a 14): ‘Taidg mac Dáire cc.' Ni theithim re tagra mhaoith. 25 r. + 3 líne (cealaithe). Ansin (lch 89 b 21; cf. lch 85): ‘Mac Diarmoda cc.' Do beirmaois da naimhdheoin féin. 1 r.

90 a. ‘Airt Óg Ó Caoimh cc.' A fhir a thagras an chaint bhaoíth. 17 r.

91 a 5. ‘Anlúain Mhac Aodhagain cc.' Nach ait an obairsi ar Thaidg. 13 r.

92 a. ‘Tadg mac Daire cc.' Fóiridh mo leisge a Leath Cuinn. 27 r. Críoch. lch 93 b 13. An chuid eile den lch bán.

94 a. ‘Seaghan Ó Cleirigh cct ar mbeith donn iomarbháid idir Leath Cuinn et Leath Mogha.' Eisdigh a eigsi Banbha. 68 r.

98 a 18. ‘An tUcaire Ulltach cct.' Na hosglaid Muimhnigh a mbéal. 1 r. Lean.: ‘An tUcaire Muimhneach ct.' Leath Eoghain ceart crodha is úirre slúagh. 1 v.

98 b. ‘Aodh Buidhe ct.' A eigse dfag ard fhíne Ír gan lúadh. 1 v. Lean. nóta (i malairt dúigh): ‘Here ends the Contention of the Bards'. An chuid eile den lch agus lch 99 bán.

100 a. ‘Seadhán Ó Dubhagain cc. [malairt dúigh:] A.D. 1372.' Rioghraidh Laighean clann Chathaoir. 56 r. Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the Kings of Leinster descended of Caithir Mór who mounted the throne A.D. 171'.

104 b 6. Eol damh seisear cloinne Cuinn. 5½ + 48 r. ‘A continuation' (i malairt dúigh) os a chionn.

108 a. ‘Giolla Caomhna O Cuirninn cc. [malairt dúigh:] A.D. 1072.' Eire ard inis na riogh. 124 r. Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the first colonization of Ireland in which are mentioned the different Monarchs that reigned until the coming of St. Patrick'.

115 b. ‘Conaing Ua Maolchonare cc. [malairt dúigh:] A.D. 1314.' Ata son forba fiosa. 37 r. + 3 líne. Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the Kings of Ireland from A.D. 463 to A.D. 1014'.

117 b 28. ‘O Dubhagann cc. [malairt dúigh:] A.D. 1372.' Crioch Osruidhe Leith Laighean. 23 r. Nóta (i malairt dúigh) ag bun an lgh: ‘On the teritory of Ossory, its connection with Leinster, its Kings, and its boundaries etc.'

119 a 22. ‘Sean O Dubhagan cc. [malairt dúigh:] A.D. 1372.' Caisiol cathair clanna Mogha. 306 líne (2 líne acu cealaithe). Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the Kings of Cashel from the year 380 to the year 1367'.

124 a. ‘Maoilin Mhac Bruaideagha cc. [malairt dúigh:] A.D. 1588 or according to Irish Writers A.D. 1602.' Tug dhamh taire Inis na Laoidh. 69 r. Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the O Brien family'.

128 a 24. ‘Maoilín Mhac Bruaideagha cc. an dúain thúas + nar ndiaigh.' Cuirfiod comaoin ar clainn Tail. 95 r. Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘By the same A.D. 1588. Tracing the first Earl of Thomond up to Milesius'.

134 a 5. ‘Tadg Dall O hIgín cc. [malairt dúigh:] A.D. 1588 according to the poem here or according to the Irish Writers A.D. 1610.' An ail libh seanchas shiol gCein. 80 r. Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the O Hara family of Nymph's field Co. Sligo'.

138 b 23. Eist re seanchas shiol cColla. 53½ r. Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘By the same A.D. 1588'.

140 a 15. Cuirim suas seanchas Laighean. 343 líne (4 líne acu cealaithe). Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘By Maolconaire A.D. 1603 as appears at p. 144, 18 lines from top c. 2'.

145 a 20. ‘Duibhthigh Ó Duibhgeanan cc. [malairt dúigh:] A.D. 1588.' Cumoín croinic chlana Neill. 60½ r. An méid seo (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the O Neill family'.

149 a. ‘Lughar file ollamna cc. [malairt dúigh:] A.M. 3982. See Irish Writers.' Clann Fearghus clann os cach. 38 + ½ + ½ r. Nóta Béarla (i malairt dúigh) ar an bhfile ag bun lgh 149.

151 b 18. ‘Donchadh Ó Máolchonaire cc. [malairt dúigh:] A.D. 1404.' Eisdigh a eigsi Banbha. 42 + ½ + ½ + ½ r. An méid seo (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the Kings of Connaught'.

154 a 18. ‘Giolla Caoimhghinn cc. [malairt dúigh:] A.D. 1072.' A eolcha Eireann airde. 44 r. Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the Milesian, T. D. D. and Fir Bolg Kings'.

157 a. ‘Geineileach Iarla Aondroim.' Tos. Raghnall mac Somharle mic Alasdrain..

157 b 6. Do dhean craobhsgaoileadh na cColla. 33 r. Nóta (i malairt dúigh) os a chionn: ‘On the Mc Donnells Earls of Antrim'.

159 b 17. Fuaireas a psaltair Chaisil. 36 r.

161 b 27. ‘Taidg Dall Ua hIgín cc.' Maighean dhioghla Druim Laighean. 45 r.

164 b. ‘Dúan an Phreachain.' Arrsaidh sin a eoin Acla. 110 r.

171 a 14. ‘Se Righphoirt Eireann.' Se righphuirt Eireann anall. 7 r.

171 b 18. (a) Ni comhfhada barradh na méar. 1 r. (b) Ní gnath gort gan deasach fíaigh. 1 r. [lch 172 a:] (c) Cáoch an inghean caoch an mhathair. 1 r. (d) Ma dfosgail se a chosa ar chleas ar bith. 1 r. (e) Go crích Roisdách na ród nglann. 37 r. (Na ranna so agus rr. (a)(b)(c)(d) fé aon cheannscríbhinn amháin: ‘Aongus na nAoidhear .i. an Bard Ruadh cc'.)

175 a. ‘Tadhg Ó Dalaigh cc.' Beann ar naitheirghe Éire. 39 r. In úsáid, Dán na mBráthar, uimh. 1. Lean. (lch 177.30) colafan: ‘Críoch re Seaghan O Cleirigh ó pharaiste Druing a cContaé an Chabháin'.

[178] a. Colafan agus ginealach an scríobhaí: ‘Scriobhtha le Seaghan Ó Cleirigh mac Pattruig mic Cosnamhaigh . . . mic Cuinn Céadchathaigh'.

191 a. ‘Muirchadh Ó Dalaigh cct.' Canfuighear liom lorg na bhfear. 97 r. An ceathrú líne de rr. 16, 55, 64, 81, 90, ar iarraidh (imill íochtair gearrtha amach: cf. thuas).

196 b 30. Sé Tomais don buidhéin bhuirb. 1 r. Lean. colafan: ‘Scriobhtha re Seán O Cléirigh'.

197 . ‘Ag so craobhsgaoleadh seanchus Gearaltach le Torna Ua Maolconra ó theacht teaghacht [sic] Muiris Moir ar ttus go hEirinn go haimsir Seamais mic Gearoid an tighearna deanach.' Tos. Muiris mac Gearailt an cead duine do thainicc go hEirinn diobh. Críoch. (lch 203 a 13) do [sic] eigionn do dul fa coilltibh ceilt fein gur baineadh a cheann de a nGleann na nGince. Lgh 200–201 fágtha bán. Lean. colafan: ‘As Leabhar Ardmacha do sccriobh an brathair bocht Micheal O Cleirigh san mbliadhain 1627 as leabhar Micheail Ui Cleirigh do sgriobh Seán O Cathain san mbliadhain 1722 as leabhar Sheaghain Ui Chathain do scriobh Micheil O Cathasaigh Anno Domini 1798 an reim Gearaltaigh soinn as leabhar Micheil Ui Chathasaigh do scriobh Seaghan O Cleirigh Ano Domini 1825'. Lch [204] bán.

© Breandán Ó Conchúir 2012