ISOS logo
en

MS M 109

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

M 109

4 B 12

DEABHÓIDÍ : SEANMÓIRÍ

TEAGASC CRÍOSTAIDHE

18ú haois. Páipéar. 6.3" x 4.1.” ii + 330 lch, agus Igh bhána ceangail i dtosach agus i ndeireadh. Uimhriú leanúnach déanach ar an leabhar uile. Ón gclár lámhscríofa i, is léir go bhfuil duilleog caillte tar éis ii. Tá an duilleog i-ii féin scartha ón gcuid eile anois. Dealraoínn sé go bhfuil trí (nó giota de thrí) ls ceangailte le chéile anseo. (a) 1 - 14 ; úinéir a bhreac lch i; ní fios cé scríobh an chuid eile ; Seán éigin b’fhéidir (12m.). (b) Lgh 15-232. Cé go bhfuil cuid den pheannaireacht níos néata ná a chéile, a déarfainn gurbh é Peadar Ó Hógáin (“ Pattair O Hogain ”) a scríobh an Is seo go léir. Tá na dátaí 19ú, 25ú Nollaig 1750 léi seo, agus Corcaigh mar log (cf 144i., 160i.). Tá cuid den Is ceangailte ar mhí-ghléas cf. lgh 75-84, 171-74 thíos. (c) Lgh 233-230. Tá an Is seo ceangailte ar mhíghléas. Treoraíonn an t-uimhriú déanach an léitheoir ó 308i. siar go deireadh an leabhair chun 309 d’aimsiú, ach ar cheangal na lch is ó chúpla duilleog ina dhiaidh sin a déarfadh duine a chuaigh an ceangal amú ; b’fhéidir gur chuid de ls léi féin freisin an chuid sin tráth. Proinsias Ó Donnobháin a scríobh í seo go léir seachas cúpla giota beag a luaitear thíos. Tá an litriú mí-rialta go maith aige. Scríobh sé an ls seo i 1758, '59 cf. lch 235, 241, 268, 294, 324i. Dealraíonn sé gurbh as Cill Chainnigh dó agus gur chuaigh sé isteach in ord N. Proinsias (Cap. ?) cf. lch 327. Tá ainmneacha úinéirí scaipithe thall is abhus ar fud an leabhair. Bhí an ls seo orthu siúd a bhí ar iarraidh ón gcoláiste tamall de réir an Athar Uí Íceadha sa chlár lámhscríofa, agus a fuarthas ar ais i 1904 (cf. M 72). B’fhéidir nach aon ionadh cuma na scríbe a bheith ar an leabhar bocht anois, dá réir sin. Bhí sé ceangailte i gcairtchlár deas breac trá, agus cúl leathair air. Tá sé anois ar leathchlúdach agus é maoldromach ; tá a bhfuil fágtha den chlúdach ar sileadh leis.

i . Síniú : “ John . . . ” an-doiléir. Rann scartha : Da maireadh Fionan Fhíann.

i m. “ Do leabharaibh Shéamuis Ui Chearna an tan se.’’ Véarsa fáin : Da maireadh air mhairbh an marbh se fútsa, a líog. An tideal agus an chéad dá fhocal scríofa laistíos i bpeannaireacht eile. Beagán scribleála.

[ii] . Dánfhocail ar mhí-ghléas. Is maircc gá mbíon an croidhe cruaidh. 1 r. Do rin Collam eilith rann. 1 r.

1 . Urnaithe roimh aifreann. Tos. A phobuil Criosdomhuil, atamaoid anso comhcurnaighthe do réir sangnathaibh ⁊ ordaighthe ar maithair naomhtha an Eagluis.

10 . “ Ortha Mhuire Máthair na Grasa anso sis.'’ Tos. A tigearna romhilis, a Iosa Criosd, aon Minc De, a Dhe na n-aingeal, a mhic na maighdine.

13 . Dánfhocail: Beag oram an crinith croum. 1 r. Is mairicc bharus a bhfad. 1 r.

14 . Sínithe agus scribleáil: “ Mick Slyne. Mick Sliney .... Cork May the 16 the 1807. John Ahearn .... 1807.”

15 . Liodán na Naomh gona orthaí. Tos. A Thighearna ná cuinigh air ar cionnta .... A Thighearna, dein trocuire oruinn. Ar 18m. tá sínithe : “ Sliney the Mason . . .''

24 . " An tSailm annso mur leanas ” (.i. An ‘ De Profundis’). Tos. Ó na doimhneasuibh do eigheas chugad a Thighearna, le Collecta do na mairbh.

26 . “ Don Choroinn Iosa, don mhodh air ar cor a radh ..." Dealraíonn se go bhfuil duilleog(a) caillte idir lch 26 agus lch 27. Tá stráice de dhuilleog (gan uimhriú) sáite eatarthu anois ; sínithe scribleálta ar a aghaidh agus téacs ar a chúl.

27 . Lean ar aghaidh, ag plé Corónach Sólás Muire : bhreith ⁊ dochife tú go soilóir gur mhair dha bhliadhain déug air thrí fichthid gonadh aire sin (as) as follus gurab dha Ave Maria dhéug.

29 m. Blodh de PHARRTHAS AN ANMA. “ An cheud rann don phartas so iona tteagaisgthear cionnas air coir dhuinn ár ng[n]athoibre laetheamhla sbioradalta ⁊ teamporalta do dheanamh do reir thoile Dé. An chéud chaibidil. Don urnaighthe . . . '' Tos. C. creud as indeunta san maidin. F. Gach ní as oircheas don Chriosdaidhe. Stad. : an bheatha shuthain thall (48m.)=Parrth. Anma 955.

49 . Blodh de THEAGASG CRÍOSDUIDHE UÍ DHUINNSHLÉIBHE. ".... do mhórthadhbhacht an teagaisg Chríosduidhe . . . Tos. Ceisd creud é an ní an teagasc Críosduidhe ? Tús Donl. agus cuid de Roinn 4. Tá duilleoga ar iarraidh, de réir dealraimh, idir lch 52 agus lch 53.

74 i. Sínithe :“ John Ahearne .... his ould Irrish book. Cork . . ."

75 . Ar bharr an lgh, anuas ar théacs : “ Mick Sliney, the Mason, his book.”

75 -84 84, 171-74. [SAILM NA hAITHRIGHE]. An teideal agus an chéad dá líne den Ainteafan beagnach doléite. Lean ar aghaidh: na cionnta ar ttúismhightheóiridhe's ná dein dioghaltus oruinn do thaoibh ar bpeacadha. Ba chóir na lgh a bheith san ord seo 75, 76, 81, 82, 77, 78, 171-74, 79, 80, 83, 84.

85 . Seanmóir ar an bPáis. Tos. In Dei nomine. Amen. Christus dedit . ... Do thoirbhir Críost é féin air ár son .... Is iongantach uathbhasach (a chairde) an taisbennadh adeir an an faidh soisgealda. (Ábhar difriúil le SMN ii 144). Colafan : " Ag sin finit le Seanmóir Aoine An Cheasta air na proceipt le S.D. a Labhan. Tugadh gach aon eisdeas no leighfios í beannacht air anmoin [an] sgribneora, Pattair Ó Hogain an naomhadh lá do (do) Desember 1750 a cCorca ” (144i.).

145 . SUIM BHUNUDHAS[A]CH AN TEAGAISG CRIOSDAIGHE, “ a ndán do réir an Athar Bonaventúra O Heoghusa . . . '' Tos. Atáid trí doirsi air theach nDé. Colafan: " Finis de sin le Pattair Ó Ogháin an 25 lá do Dhecember 1750.”

161 . “ Liottaián losa anso et da lóghadh.”

166 . “ Liottain Mhuire ⁊ da loghadh.”

170 i. (síos suas). Síniú : John Cronin Esquire.'

171 -74 . Feic thuas.

175 . DO CHRIOCHAIBH DEAGHNACHA AN DUINE. Tos. Tarla Pol Easbal aimsir dairighthe san cathruigh darab ainm Smiorna.

202 . [MERLINO MALIGNO]. Tos. A n-ainm na Trionoide. Do bhí feacht n-aill a rioghacht na Bohémia duine d’airghthe dárbh ainm Merlino Maligno.

233 -36 . Laidin agus Béarla. I litreacha móra : “ Ex libris Francisci Donovan 1758 ” (lch. 235).

237 . (cliathánach). Bannidhe (leg. Bain, a Dhé) dhum a craos re nduil ans gach lise. 6 1. Laistíos díobhsan 2½ 1. próis.

238 . (cliathánach). [Sh]uiomair ita ansa mbhioth a linos ⁊ thrais ’na riodh. 11 “ A description of the flowing and ebbing by Moses ” ar an imeall uachtrach. An chéad lch eile bán.

240 . Laidin (“ Ouid est lumen ?”) agus Béarla.

241 . SUIM ATHCHUMAIR AN TEAGUISG CRIOSTTAIGHE arna tharuing ó na scritiurí Dé, na Comharleacha, na hAthaireacha naomhtha, ó theagusg Criosttaighe Douai ⁊ o ghlantoibreacha eile na dioghachta .... maille re cunamh an Athar Bonaventura Cuimín cum sochar na gcreidmhach ⁊ go sunnrathach Chontae Cheill Chainneich. Airna sgriobh liomsa, Proinsias O Donován .... 1758'' Tos. Ceisde : An Criosdaighe thu ? Freagra. Is eadh, maille re grasaibh De.

266 . Liosta d’ainmneacha áiteanna, a bhformhór i ndeisceart na Fraince.

267 . gana. A bhlaithlitir laghach bear sgeula lat. 1 v. [Proinsias Ó Donabháin.] Míle beannacht slain uim. 4 r., ceann díobh cliathánach ar an imeall agus an chéad líne gafa sa cheangal.

268 . Air an Naomh-Shacraimint. Tos. Feachaidhmid (?) go grinn ar a ní so atá comhfad[a] as ata flaitheamhnas as cean na talmhain. Le colafan : “ Airna sgríobh le Froinsias Uadh Donnabháin. Suaimhneas siorruídhe go bhfagh a anum.”

269 . Seanmóir : “ Air an Breitheamhnas deighionach.” SMN ii 205. Le colafan : “ Ar na sgribh le Froinsias U Donovan ” (294m.).

295 . Seanmóir : “ Air Gloir Flaitheamhnais.” Cf. SMN ii 113.

308 . [? Proinsias Ó Donabháin.] Trócaire mharthannach go bhfagh anum an bhráthar. 3 + i v.

309 -19 . (ag deireadh na lse anois). Laidean a fhormhór. Ina measc teastas baiste : ''me seconda Aprilis anno millesemi septengentesimi quarti [1704] .... Franciscum O Donovan ex Cornelio O Donovan et Catharina .... ortum baptizasse . . . .'' Tomhaiseanna sa Laidin freisin.

320 . Teideal (agus sin uile !). “ Mion Ghraimeur Geodaluig airna sgriobh liomsa Proansius O Donovan cum sochar an aos óg a n-ainm De. Amen. Caoil sgcian.” Sínithe : John Brophy. Patrick Br.'' faoi sin agus faoistine duine díobh sin i Laidin ag líonadh an Igh.

321 . An “ Veni Sancte Spiritus ” (i nGaeilge) agus a phaidir mar eireaball leis. Tos. Dobhearmaid molla baithachus ⁊ glóre le Dia mór uillecomhachtach. Lean paidreache eile. Colafan : “ Arna sgribh liomse Proinsias Ó Donovan an dara lá de January 1759.” (324i.).

325 . “ Liottain Iosa ” gan chríoch.

327 -329 . Nótaí i Laidin, ach é seo i mBéarla (ó láimh P. Uí Dh.) : Received the habit of our holy Father St. Francis the 14th of December 1759.”

[330] . Bán.