ISOS logo
en

MS C 8

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

3 A 8

C 8

ÁBHAR LEIGHIS

Faoin aon chlúid dubh bogleathair tá anseo ls (a), agus (b) blodhanna de dhá leabhar clóbhuailte. Tá seanchlúdach na lse fós léi laistiar idir í agus na leabhair. Tá lgh ceangail roimh na leabhair agus iad breacaithe mar a deirtear inár ndiaidh (lgh 171-178). Greamaithe ar an gclúdach lasmuigh tá uimhir preasa agus sraithe.

(a)

16ú-17ú (?) haois. Páipéar. 7.7" x 5.5." 170 lch. Tá easnaimh ar an Is mar a thaispeánfar thíos. Tá na Igh uimhrithe go leanúnach (1-170) anois beag le peann luaidhe (corrlgh amháin de ghnáth) ; is beag rian de sheanuimhriú is féidir a aimsiú. Tá Igh caillte thall is abhus (cf. thíos). B’fhéidir go raibh triúr scríobhaithe : A lch 1-2m.; B 2m.-143m. (113-114 bán), C 143m.—169i. Níl ainm, log, ná dáta le haon chuid den Is, ach ón bpeannaireacht etc. is cosúil uirthi go mbaineann sí le deireadh na séú nó tosach na seachtú aoise déag. Bhí si i seilbh “ John Shiell ” (cf. 112 m., 131, 135) sa 17ú haois ; 1650 an dáta is luaithe uaidh (cf. 135 marg. dext.) agus 1672 (cf. 112 m.) an ceann is deireanaí (cf. Nicolaus ? 3 m.). Bhí sí ag Brian Mac Canna i 1708 (cf. 56 marg. sin.), agus ina dhiaidh sin, is dócha, ag “Semus Dubh Mac Bheathadh.” Bhain sí le Cúige Uladh thoirtheas, is dócha, san 18ú haois. Tugtar an téacs Laidine de na tráchtais agus aistriúchán paragraf ar pharagraf leo.

1 . Seanráite. Tos. Distantia loci non separat amisitiam, sed opera ... ni he imcheine an inaid (?) deaglus in cardis acht na gnimha no na hoibrighthe. Aristotelis dixit. Scribleáil ar na himill Ich 1. Athrú láimhe 2m. Lgh caillte tar éis 2i. Leantar leis na seanráite (Ich 3) : Me[m]orare novissima . . . .i. cuimhnig ar do [chrí] chadh (?) déanacha. Nóta : “ Liber N[icol]aui (?) Ó Shiell ” 3m. Tá 3 m. - i. bán.

4 . Leigheas agus piseoga i mBéarla ar an gcuid uachtarach den lch.

5 . Tráchtas leighis, tos. ar iarraidh, ag lean. ar aghaidh : Lassitudo spontanea est lassitudo quae . . . .i. is ed is lassitudo spontanea .i. sgis toilemail ann an sgis thig ona ghluaiseacht toilemail fein ⁊ ó chúis inmhedhonach. Tá breis téacsa curtha isteach lgh 12-16 marg. inf. Tá lgh caillte tar éis lch 26 (a chríoch. le : da gach áon nduine ard ⁊ isil a ngach h-oscc ⁊ ann) agus lch 27 (a thos. Contrariorum eadem est disciplina). Stad. . . . necessitatis vite et mortis. 42i. Lgh caillte ina dhiaidh seo.

43 . TRÁCHTAIREACHT AR SHEANRÁITE HIPPOCRATES. Tos. Vita brevis ars vero longa, ocasio autem preceps, experimentum autem periculosum ....i. o ta an ealadha go fada ⁊ an beatha go gearr ⁊ aimsir in leighis go prap ⁊ na derbhtha go guasachtach. Ina leabhair, uimhir na leabhar ar bharr na lch (i 43-51 m.; ii 51m.—60m.; iii 61—69m.; iv 69m.—82i.; v 82i.—95i.; vi 95i.—96) ; na leabhair roinnte ina n-ailt Stad. 96i. 1. vi § 11. Tá 60m. - i. bán agus cuid de 1. iii §1 ar iarraidh (easnamh sa bhunchóip ?). Tá lgh ar iarraidh tar éis 96i. Nótaí etc. : Ar 55m. marg. dext. gluais doiléir Laidine. Síniú úinéara 56 marg. sin. : “ . . . Mc Cann, his book and pen, and may God make him a good man . . . 1708.”

97 . Blodh de “ HIPPOCRATIS COI PRAESAGIORUM. " Lean. ar aghaidh, an tosach ar iarraidh, ag deireadh § 57 1. ii. Tos. § 58 : At vero urina purulenta. . . gideadh an fual víos amhail shilni ⁊ postasis gheal. Níl ach §§ 58-60 den leabhar seo fágtha. Lean. (97i.) : “ De Febribus Hippocratis Coi Praesagiorum Liber Tertius," na hailt uimhrithe go § 25. Críoch. : Sed nullius morbi hic non descripti nomen desiderandum est . . . .i. ni fhuil ainm áon eslanti iniartha ar nar cuireadh tuarusgbail annso. Oir na huile eslanti chrichnighther re spas na n-aimsir aderur (?) iad ona gcomhurthi inanna féin. Finis" (112 m.). Scribleáil ar an leath íochtarach de Ich 112 : “ John Shiell is the true possessor of this . . . 1672 . . . John Shiell his book and [may] God make him a good man . . . 16672."

113 . Bán ach scribleáil. Dáta 1811.

114 . Bán ach nótaí: “ Se so labhar do bhi ag Sean O Siegheil en tan do bhí beo agus ata nios a seilibh Bhrian Mhic Canna." Lean. oideas i Laidin. Faoi sin síniú : “ Semus Dubh Mac Bheathadh.”

115 . Teideal ag barr an lgh (beagán de bharr na litreacha sa chéad líne caillte) : “ Insigniores aliquae Sententiae ex Libris Aurelii Cornelii (?) Celsi medici inter Latinos eloquentissimo. Ex primo.” Tos. [An Chéad Leabhar] Ut alimenta sanis corporibus agricultura, sic sanitatem aegris medicina p[ro]mittit .i. Amhail ghellus an treabhoireach oilemaint dona corpaibh slána is mur sin geallus an leighis slainte dona corpaibh eslana. Ina leabhair agus a lán de ina ailt. Tos. Leabhar 2 ar 124m., Leabhar 3 ar 133m. Críoch. : Dubia spes certa desperatione est potior .i. Is ferr in dochas cuntabhartach na in mídochus cinnti. Finis ar Cornelius Celsus (152m.). Sínithe ar na himill: “ John Shiell ...” (131 marg. dext.), “ John Shiell. . . 16659 ” (135 marg. dext.). Tá nóta ón scríobhaí féin ag líonadh an líne deiridh Ich 133 : “Is olc leam mur taim.” Tá cuid de shíniú agus de sheoladh déanach ar 152i.: “ J[o]hn (?) H ... n of Inniskeen (?) County of Monghan . . . Tá duilleoga ar iarraidh idir lgh 152 agus 153.

153 . Blodh (deiridh) de thráchtas leighis le “ Colliget ” (?) (cf. 155 m.). Lean.: Dleaghur an saothar do denamh ar dá adhbhur roimh in bproinneachan. Críoch. : Calidiora calidioribus indigent . . . .i. na cuirp ti is nithe ti dleaghthur da bfurtacht ⁊ na cuirp fuara is nidhe fuara dleaghthur da bfurtacht. Finis ar Colliget. Amen. (155m.).

155 m.- 156 . Bán.

157 . EGIDIUS DE PULSIBUS (an teideal marg. sup. an dá fhocal deiridh den teideal beagán doiléir). Tos. Cor vite sedes : vitalis vita caloris . . . .i. Tuig leat gurab amhlaidh do suidighi an croidhe a lár microcosmuis .i. an domhun is lugha mur ata an duine ro the. Teidil foranna marg. sin. Beagán téacsa caillte ón gcúinne seachtrach laistíos de na lgh. Críoch. : o thogairm na fola gluaistear in .t. agus on .t. ardaightear an pulsa. Ni uil don Egidius a nGaoielg acht an becan sin. Finis. Finis. (168m.). Ar an gcuid íochtrach de lch 168 a fágadh bán ar dtús tá : “ Naomhta cearda Mhic Muire / Naomhta ó thus a throcaire ” i ndúch dorcha ; ansin sínithe déanacha : “ . . . Edmond Magenis.”

169 . Seanráite i Laidin le haistriúchán : Tos. quomodo (?) n[on] apparet puillvis ante faciem venti sic non apparet . . . .i. fa mar nach leiceann an gaoth comhnuídhe don luaithrigh. Tá peannaireacht cheathrair ar lch 170, ach scribleáil i gcuid mhór den lch.

(b)

LEABHAIR CHLÓBHUAILTE

Istigh chun tosaigh mar theannta leis an gceangal tá cheithre dhuilleog agus préamhacha duilleoige eile. Tá na duilleoga dreoite go maith. De réir na peannaireachta, is é Semus Dub Mac Bheathadh a scríobh formhór a bhfuil ar na duilleoga seo ach an Béarla agus an Laidin 177m.

171 -173 m. Abhar leighis agus oidis i Laidin. Síniú : “ Andrew Mac Cann ” (173m.).

174 -178 m. agus préamhacha duilleoige eile. Oidis agus seanchas leighis, a fhormhór i Laidin le haistriúchán Gaeilge e.g. 174m. Deana decoction, leis na luibhe le heorna bhig, ⁊ le licoris. Bruth iad sin. Tá peannaireacht níos aosta ná an chuid eile ar 177m.; i mBéarla anseo tá beagán i dtaobh na gcoimpléacs. Cheithre 1. Laidine faoi sin.

179 -180 . Iarlais duilleoige. Scribleáil uirthi. “ County of Loyt ” (lch. 180).

Ansin tagann dhá leabhar clóbhuailte :

A. VIGO OF ANATOMIE. 19 duilleog 7¹/₂" x 5" ; an lch teidil, an chéad duilleog agus ó dhuilleog 20 amach caillte (ó dheireadh an 16ú haois déag).

B. CERTAINE WORKES O CHIRURGERIE “ newlie compiled and published by Thomas Gale maister in Chirurgerie. London. Printed by Thomas East, dwelling betweene Paules Wharfe and Bainards Castle. 1586.” 12 lch (litreacha etc. dátaí 1563) + 31 duilleog 7¹/₂ x 5¹/₂" De réir “ The Contents ” níl againn anseo ach an chéad cheann de cheithre ranna den saothar .i. “An institution of chirurgerie.” Gluaiseanna i Laidin (agus i nGréigis Ich ii) ar na himill.