ISOS logo
en

MS CF 6

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 6

GEINEALAIGH FHEAR MANACH

STAIR ÉAMAINN UÍ CHLÉIRIGH

19ú haois. 9.5" x 7.5". (a) 152 Ich uimhrithe le peann luaidhe 1-152, agus an dara cuid (b) 108 lch, uimhrithe ar leithrigh 1-108. Duilleoga bána ceangail chun tosaigh agus laistiar. Tá (a) gan ainm scríobhaí log ná dáta, ach tá 1842 sa mharc uisce agus is léir ón bpeannaireacht gurb é Pól Ó Longáin a scríobh; is é leis a scríobh (b) in 1842 don Athair Muiris Ó Cinneféic (cf. 107i.). An Is seo ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1. ‘Manuscript Vol VI’ in órlitreacha ar a cúl, agus a huimhir ‘6’ greamaithe ansiúd.

(a)

1 . Réamhrá: ‘An ainm Dé Amen. Atáimse Labhrás Ó thÁran mhic Tomáis mhic Pádruic . . . agus do thaobh mo mháthar .i. Siudhán Ní Luinín . . . ó threibh do mhuíntir Luinín . . . agus Matha Ó Luinin, an fear déighionach dá mhuíntir dhá raibh fios ná eólas air an teanngaidh na Ghaoídheilge aige. Air an ádhbhar sin is mise féin an t-oighre dlistionnach . . . dár dhual . . . bheith im chroinic, ag tionnsgna an leabhairsi an bhliaghain d’aoís an Tíghearna .m.dccmcix (an dara m scriosta ; 1809). As é is mian liom do thoil Dé tráchtadh air chraobhsgaoileadh maithe agus móruaisle Chondaé Fhearmanach . . . maille le cóngnamh an tseanleabhair bunadhuis . . . Dá bhrígh sin as mian liom tosoghadh aniu ann 29 lá fithchiod do mhí an Aibrain . . . paittear le anam an sgribhneóir Labhrás Ó thÁran réimhráite Ó Chondaé reimhraite Fhearmanach anois a ccathair Áth Cliath.’ Lean. ‘Gionla Righ Saxon’ (lch 3) ‘Gionladh Uí Néill’ (lch 6), agus tosaíonn an príomhábhar le ‘Gionladh Shliocht Philip Mac Guidhir’ (8m.). Roinnt bearnaí sa téacs. Críoch. ‘Sliocht Toirdhealbhaigh mac Pilib’: Clann Phádruig mhic Tomáis Óig .i. Donn, Tomas agus Rúghruídhe, iodhuin an Sagart agus Séamus. Clann tSéaghuin mic Tomais Óig .i. Brian, Proinnsias agus Rughruídhe, (148i.) (cf. Analecta Hibernica iii, 62-150).

149 -52 . Bán, ach ‘Lawrence O Aran’s Genealogies of the nobles of Fermanagh’ i bpeann luaidhe ar Ich 152.

(b)

1(153) . STAIR ÉAMUIND UÍ CHLÉIRE ‘do réir Sheághuin Uí Neachtuin.’ Tos. [D]o bhí flaith uasal onórach gaoíseach ghrinn ghéarthuigseach . . . dá mo cómhainm Eamond Ó Cléirigh. Bearnaí leathlch uachtarach 68, 69. Críoch. Asi a seachnadh aibhéile a cur mo leith, ol an buachaill, nar aithris me trian na n-iongantus ná na taisbéanadh, agus na mórdhála do bhí da ccleachtadh san Murláine etc. Finis. Colafan; ‘larna sgriobhadh air fhurálamh an Athair Muirghis Cinneféic le Pól Ó Longáin san mbliadhain d’aois Chríost 1842’ (107i.).