ISOS logo
en

MS CF 32

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 32

SCÉALTA FIANNAÍOCHTA

19ú haois. 7" X 5.9". 76 lch + leath duilleoige (14b). Dhá leabhar nóta beag atá anseo. Bhí ‘Unnumbered’ ar an gcéad cheann go dtí seo agus an dá cheann ar leithligh, ach gabhann siad le chéile ó thaobh ábhair, scríbhneora etc. agus táid curtha san aon chlúdach teann litreach anois agus na lgh comhairithe go leanúnach ag an gclárthóir. Tá ‘32’ ar an gclúdach sin agus ar lgh 1, 45. Níl uimhir buailte ach ar lgh dá ndéantar tagairt. Bhí 14, 36 (recte 15, 37), marcálta roimhe seo ar lgh den chéad leabhairín ach ní raibh aon uimhir ar an dara ceann. Murthy Sheehy a scríobh an t-iomlán; is mar aguisín leis an gcéad chuid a scríobhadh an dara cuid. Tugann sé 29-7-1826 mar dháta le 37m., agus 5-2-1829 le 75i.; tugann sé ‘Woodfield’ mar sheoladh (41 marg. dext.). Tá an pheannaireacht deacair le léamh agus an litriú míchruinn.

1 EACHTRA AN GIOLLADH DEACAIR AGUS A CAPUILL. Tos. Lá da raibh Fionn mac Cumhaill an Almhumhain mhór leathan luchtmhur lanaoibhin Laghean agus fiana glanaile . . . mur aon ris. Stad. san domhan iona ndeacaidh se (14m.); lean. gan bhriseadh, ar leathdhuilleog ar leithligh Foltlibhur bearad míse . . . f.c. haitristear. Ansin ar lch 45: haithristear a n-imticht gur rochtadar. Críoch. teid an fhein go hAlmhuin Liaghan agus do phós Fionn inghean Rí an Domhain. ‘Guraba i sin Eachtra an Ghiolla Deacair is a capuill. Críoch’. Colafan: ‘Concluded by me this 5th day of February 1829. For my own amusement. Murthy Sheehy’ (76i.).

15 (14) BRUIGHEAN CAORTHUINN. Tos. Ardrigh uasall oird[hea]rc crogadh cosgurthadh ro ghaibh flathus agus foirlamhus foir threachaibh Loclann. Críoch. tangadur fianna Éireann go buach cosgurtha go tAlmhuin mhorleathan Liagan mur badh ghnath leó. ‘Críoch’. Colafan: ‘Written by me Murthy Sheehy this 29th day of July in the year of our Lord . . . 1826’ (37m.).

37m ‘Ní aois na galar, na aicid do ruaig mo ghne Ach bron nach bhfeicim an tulaig re dealradh an lae’. Le haistriú: ‘Nor age nor illness marr’d this mien of mine But grief not viewing my dwelling at sun’s shine’.

38 Diarmaid mac Seaghain Bhaoi. Och mo threighid is teann do ceas me. 40 v. + 2 líne den ‘Cheangal’; an chuid eile ar iarraidh (44i.). ‘Air caillemhuint Cormaic mic Dhonchadh an Cuil a ccoga na bPleamonach agus iar n-eag Donoch an Cuil fein .i. Iarlaoi Claine Caorthe’. Sínithe etc. ar na himill: ‘Murthy Sheehy's Book’ (39 marg. dext.); ‘Murthy Sheehy of Woodfield proprietor of this book’ (41 marg. dext.); ‘Murthy Sheehy's Book’ (43 marg. dext.).