ISOS logo
en

MS CF 23

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 23

SCÉALTA RÓMÁNSACHA, RÚRAÍOCHTA, AGUS STAIRE

DÁNTA : GINEALAIGH

18ú haois. 11.2" X 7.3". 249 lgh uimhrithe, le beagán dearmad, 33-280; tá lgh 1-32, 131-2, caillte; ach tá 75, 83, 139, faoi dhó. Tá an ls ceangailte le raidhse lgh bhána (marc uisce 1821) i dtosach agus ag an deireadh. Is ceann de na lgh cheangail sin lch 280. Seán Ó Laochadh a scríobh an Is go léir, seachas an lch deireanach; rinne úinéirí beagán ceartaithe agus uimhrithe etc. agus bhreac duine acu lch 280. Scríobh Seán i mBaile Átha Cliath i 1745-7 (cf. 39m., 96m. etc.). Nuair a cheartaigh sé an dáta ar lch 127 go 1744 is é is dóichí gur ar an seanghnás a bhí sé ag cuimhneamh; ní dócha gur scríobhadh an chuid sin roimh an chuid tosaigh (ach cf. 207 col b. infra); 24-8-1747 an dáta is déanaí aige (204i.). Tá caitheamh ar lár na lch i gcuid den Is agus poll ó c. lch 56 go 102, agus a bheag nó a mhór den téacs caillte dá réir. Tá sailiú ar chuid de na Igh, ach dá ainneoin sin tá an pheannaireacht álainn inléite. Dealraíonn sé go bhfuair ‘Denis Murray’ greim ar an lámhscríbhinn agus é Má Nuad in 1825 (cf. lch 96). Eisean a chuir á ceangal í, is é is dóichí. Tá sí ceangailte ar aon dul le CF 1, ach níl aon scríbhinn ar a cúl agus tá sí beagán caite. Tá ainm úinéara faoi dhó ar an gcéad duilleog cheangail: ‘Thomas L. Murray Midleton June 24th ’46’, ‘An tAth. Tomás Ó Muireadhaigh, Sagart Paróiste Cille Seannuigh An. Rep. Sal. 1852.’ ‘Irish MS. XXIII’ greamaithe laistigh ar an gclúdach tosaigh, agus a huimhir ‘23’ greamaithe dá cúl.

33 . EACHTRADH THRIUR MAC RÍOGH NA hIORRUAIDHE (teideal reatha), ag lean. ar aghaidh Do chum in talaimh dóibh, do bhí drong oile do na mnaibh sin agus slabhraigh iarrainn lán do dhealgaibh. Críoch. Imthusa Ríogh an Domhain, Cod mac Ríogh na hlorruidhe, badh tromchonáigh binnbhéarlach na filidhe . . . et badh binnfhoclach banchuire le in tréanríogh sin no go bhfuair bás. ‘Conadh í sin Eachtra Thriar mac Ríogh na hlorruaidhe go nuigh sin arna sgríobh a mBaile Átha Cliath 1745’ (39m.). Sínithe ar lch 33: ‘Thomas L. Murray’, ‘Revd. Denis Henry Murray’s Book’. Lch 40 bán.

41 . CEISNIOMH INGHINE GHUIL. Tos. Árdríogh uasal oirdheirc onóireach cródha céillidhe ceartbhriathrach . . . ro ghabh riogh[acht] agus rotheagharnus . . . Feidhlime mac Críomhthain. Críoch. do fuar gach ní dhíobh soin ón riogh gan mhoill. ‘Gonadh í sin Ceisniomh Inghine Ghuil arna sgríobh le luas láimhe agus droichéifeacht. Finis’. Scrios léitheoir dhá líne ag bun lgh 49, agus dhá líne déag ar bharr lgh 50. Agus scríobh sé (49i.): ‘Do lean annso a ndiaigh an scríbhneora salachar cainte noch badh nár le duine galánta, et badh scrupall le haon duine debhóideach nó deaghchreidimh do labhairt do léigheadh ná do chlos.’ ‘na dh’feiscint’ (l.d.). An té a chuir ‘na dh’fheiscint’ leis na focail sin, bhreac sé (50i.): ‘Ce gur dhebhoideach agus gur dhiagasúil an ait seo shúas do bhreacadh agus dhamint, ní slán an Ceisniomh gan gach priomhfhocal do bheith inte; siud go bhfuil Forceann, agus Finit uirthi ní bhfuil si gan bheith bearnach.’

51 . BRUIGHEAN BHEAG NA hALMHUINE. Tos. Do rionadh fleadh príomhadhbhul le Fionn mac Cumhaill d’fiannuibh Éirionn. Críoch. do goireadh in fhian do láthair et do nochtadh in bhreith dhóibh, et do mholadar uile í. ‘Gonadh í sin Bruighean Bheag na nAlmhuine arna sgríobh leis an bhfear gcéadna. Finis’ (57m.).

57 m. gana. Éist lé m’aitheasc, a shagairt dá ndlighin mo mhian. 3 v. Lch 58 bán.

59 . BRUIGHEAN CEISE CORUINN. Sealg fiadhach agus fiannchosgur do comóradh le Fionn mac Cumhaill mhic Thréinmhóir Uí Bhaoisgne fá chríochaibh caomhaille in Choruinn. Críoch. do thuit le Fionn a gceann seacht mbliadhan ndéag ar in rádh gceadna. ‘Gonadh í sin Bruighean Ceise Coruin ar na sgríobh leis in bhfear gceadna. 1745 Finis’ (62i.). Beagán ceartuithe ag l.d.

63 . AN SÍOGUIDHE RÓMHÁNACH. Innsim fios is ní fios bréige. 321 1. ina véarsaí, uimhrithe ag l.d.

68 . AISTE CHBARBHAILL UÍ DHÁLA. Tos. Mara gcuala sibh ní miste dhíobh a fhiafruighe dhíom. Críoch. Sguirim fein feasta dom thaisdiol gan bhreag gan aird. 1 v. Agus do gheahhaidh mise fear eile. ‘Finit’ (83i.).

83a a. ‘Seaghan Ó Seithiochain do Dháibhí Ó Mathghamhna’ (l.d.). Cé gurbh fada mé am mháighistir, dheágathach dheasmhumhnach. 15 + 1 v. ‘An tAbharan’. ‘Finis leis an bhfear gceadna’.

85 . OÍDHEADH CHLOINNE UISNEACH. Tos. Ríogh oirdhearc ardchomhachtach ro ghabh ceannus Chóige Uladh feacht darbadh comhainm Conchubhar mac Fachta Fatha. Críoch. nach geabhadh Conchubhar ionna aon neach oile dá éis an baile sin a ndeóigh an fhéill sin. ‘Gonadh é sin Oidheadh Chloinne Uisneach gonuidhe sin arna sgríobh a mBaile Átha Cliath annsa mí January . . . 1745. Finis’ (96m.). Figiúir agus síniú: ‘Revd. Denis M. Murray, Maynooth May 12-1825’.

97 . BRISE MHUIGHE MHUIRTHEIMHME. Tos. Feacht n-aon da ttáinigiodur Ulaidh go hEamhain Mhacha go súghbhach somheanmnach agus táinigh Cuchulainn go Dún Dealgain. Críoch. do innis dó Cuchuloinn do bheith marbh et is ródhoiliosach do gabhadh sin ag Conall. ‘Gonadh í sin Briseadh Muighe Muirtheimhne et Bás Cuchuloinn, arna sgríobh a mBaile Atha Cliath. Finis’ (lch 118).

119 . DEARGRUATHAR CHONAILL CEARNAIGH AR FHEARAIBH ÉIREANN. Tos. Imthusa Conall Cearrnach mac Aimhirgin mhic Cais Triallaig mhic Cais, mhic Fachtna . . . ar tteacht ón achtra dó. Críoch. do chuir trí tromghárrtha caointe os ard as gus a coigcéile Cuchuloinn. ‘Gonadh e sin Deargruathar Chonaill Cearrnaig mhic Aimhirgín agus Bás Lúghaidh . . . arna sgríobh a mBaile Átha Cliath annsa mbliadhain d’aois an Tighearna . . . 1744’ (127i.). (Ceartú anseo aige.)

128 . Aodh Buidhe. Amháin aon bhrón ní bhí ann. 4 r. + 4 v. + (gach re ceann) + 1 v. ‘An Ceangal’. ‘Air nÉag Mhairgréige Uí Bhriain’.

129 . Uilliam Ó Dála, ‘dochtúir diadachta’. Is díopa lagadh mo sgartacha im chroidhe breoidhte. 1 v.

130 . Aodh Buidhe Mac Cruitín. A shaoi ’s a shagairt atá ag seasamh go fíorchródha. 8 v.

130 m. idem. Do chonnarc aréir rae ghlan san ard aníar. 5 v.

130 i. Ón scríobhaí: ‘Finis le Seágan Ó Laochadh’. Duilleog 131-2 caillte, a préamh fágtha.

133 . Deireadh dáin: Is fearr a mharbhadh no a shlíghe cheartughadh na bheith beo dhó. 4 1.

133 . Tadhg Dubh Ó Dabhoireann. Tá trumpa ag séide’s ag pleasgadh riomh Thadhg fhionn Dubh. 1 v. ‘Iar n-iompodh chum creidim sa Sagsan et ar mbrise a choise et é ’na Shearrach Siriaim a cCóige Uladh.’

134 m. ‘Freagra Aodha Bhuidhe.’ Clann mhear Luirc san chin ó chiontughadh Adhamh. 6 v.

135 . gana. Sgeal ciathamhuil a ccríochuibh Fáil. 8 r. + 9 v. (gach re ceann). ‘Mairenuibh air bhás Donchadh Mhagh Cárrtha’.

135 m. Tomás Ó Conduibh. Orchra daor Donchadh caomh Ó Lochlainn a ccré sínte. 4 + 1 v. ‘Ar n-éag don uasal onóireach Donchadh Ó Lochlainn Boirne,’ ‘circa A.D. 1714’ (l.d.).

135 i. Aodh Buidhe. Cúl cléire le hiath Boirne. 17 r. ‘Don Athair Seadhan Ó Caolluidhe.’

137 . TÓRUIGHEACHT ‘agus eachtra agus imtheacht’ CHEALLACHÁIN CHAISIL ‘agus díbirt agus sgrios Lochlannach.’ Tos. Do ghabh Ceallachán Caisil air féin taoiseacht an aghaidh Lochlonnaibh san mbliadhuin 899 gur eirghe seacht ttuathaibh déag Caisil ris. Críoch. do riaghluidhe sé a síth go fuinn a bheatha, go bhfuair bás Dé rígh a cCaisioll. 912. ‘Aig sin Eachtra et Imtheacht na ttaoiseach a ttóirigheacht Chealláin (sic) Caisil. Finit 1747’ (158i.).

159 . ‘Ag so anmonadh an dá bhéarladh ar seachtmodh do bhí a Magh Seanair.’ Ina dtrí gcolúin: Gaoidhiolg, Arment, Eabhrus etc.

160 . EACHTRA CHONALL GULBAN. Tos. Rígh uasal árdchomhachtach ro ghabh flaithios et forlámhas rioghacht nEirionn feacht n-aill dar badh comhainm Niall Naoighiallach. Críoch. Atá cros na Maigh Cailleadha ar shliocht Chonaill Gulban ó shoin a leith. ‘Gonadh é sin Eachtra Chonaill Gulban . . . agus Donnchadh draoi mhic Fir Feasa do sgríbh í, agus atá ar lorg file agus adhbhor leadha noch do chúm an chéad uair í .i. Maolseachloinn Buídhe Ó Léin . . . agus do sgriobhadh ’na dhiaigh sin í le Caoimhghín Ghlinne Dá Loch etc.', ‘Finit 24th August 1747’ (204i.).

206 -7-205. Ábhar leighis i mBéarla: ‘A receipt published by order of Parliament 1739 for the cure of the stone . . .’ Críoch. le nóta: ‘N.B. that Joanna Stephens upon a proper discovery by her for the use of the publick of these medecines . . . got by Act of Parliament a reward of five thousand pounds the 15th of June 1739. Finis’ (205m.),.

208 . ‘Geinealach Shíol Éiriomhóin.’ Tos. Ugaine Mór ceann a maireann do Shíol Éiriomhóin. Lean. ‘Geinealach Uí Néil' etc. ina dtrí colúin, le teidil i ndúch dearg. Críoch. le ‘Geinealach Cormaic na Formaoile’ (215m.) (cf. lch 264).

216 . gana. A Loimneach do tharladh re chéile. 28 r. + 1 v.

218 . Maolmuire Ó Moirín. Rug cabhair ar Chloinn Coiléin. 36 r.

220 . Aindrias Mac Beathadh, Bráthair. Deacair dréim re cineadh Rois. 28 r. + 1 v. ‘Do Ó Lochluinn Boirne.’

222 . Eoghan Mac Craith. Coin ardfhiaidh Clann Choiléin. 37 r. ‘Do Shíol Aodha’.

224 . Samhoirle Mac An Bhaird ‘ó Thír Chonaill’. Buaine ná a aois iomrádh Thaidhg. 40 r.

226 . Domhnall Óg Ó Maolchonaire. Anois caoínfeadsa Clann Tail. 52 r.

229 . Maoilín Óg Mac Bruaideadha. ‘A.D. 1602’ (l.d.). Tug dhamh th’aire, a Innse an Laoígh. 56 r.

232 . Tadhg mac Dáire. ‘A.D. 1600’(l.d.). Deanaidh go subhach, a shíol Adhaimh. 30 r. ‘D’oidhche Nodlag.’

234 . Seán Ó Dubhagáin. Triallom timchioll na Fodla. 167 r.

242 m. SEANCHUS GEARALTACH ‘do réir Thórna Uí Maolchonaire ó theacht Mhuiris . . . go haimsir Sheamuis mhic Gearóid an Dána.’ Tos. Muiris Mac Gearailt an chéad duine táinig air Éirinn díohh, ar bhfágail Locha Garman. Críoch. gabhadh Seamus mhic Tomáis . . . an Uaimh na Caorach Glaise a gCloinn Ghibúin le an Ridire Fionn et do cuireadh go Sagsaibh é et do éag ann’ 1601 ‘Anno Eliz. 44’ (245m.).

246 . Muireadhach Ó Dála, ‘circa annum 1600’ (l.d.). Canfuíghear leam lorg na bhfear. 95 r. Le beagán nótaí ón scríobhaí.

251 . gana. Éire ard inis na Riogh. 154 r. uimhrithe ag l.d. Nóta ar bharr lgh 251, agus cuid de gearrtha chun siúil: ‘. . . written A.D. 1072 by Giolla Caoimhghin, and is the foundation of O’Flaherty’s Chronology. M.L.’

258 . ‘Freagradh air Inse an Laoigh cheadna.’ A Innse an Laoigh na learg ttais. 14 r.

259 m. Diarmaid mac Laoisigh Mac An Bháird. ‘A.D. 1091’ (l.d.). A Chormaic, cuimhnigh an cóir. 17 r.

260 m. ‘Freagra ó Eóghan Ó Dhonghaile.’ Is nar an sgéal sa tiacht dá thighe. 30 r. Lch 262 bán.

263 . Diarmaid mac Laoisigh Dhuibh Mhic An Bhaird. Fíorchradh d’Eirinn turus Thaidhg. 20 r. ‘Do Thaidhg Ó Rodaighe an aimsir an choga. Anno Dom. 1689’.

264 . Ginealaigh. ‘Do Craobhsgaoileadh Sleachta Cormaic Cais an dara mac le hOilill Oluim.’ Na fotheidil i ndúch dearg ó 268 ar aghaidh; trí colúin ó 266 ar aghaidh. Tugtar mioneolas comhaimsireach e.g. ‘Do bhí fós Cill Ó cCinnéide .i. seisreach fearainn ag Ó Gráda a nGleann Ómra, noch atá anois i seilbh Mac Brádaigh thuas. Do bhí fós aca a Luimneach 24 tighe et is ar chuid don áit sin atá Barracks Luimnigh anois 1741 . . .' (270 col. b). Mór-roinn: ‘Do Craobhsgaoileadh Shleachta Ir Meic Milidh’ (277 col.am.). Stad. i lár ‘Geinealach Chonchobhair Corcamruadh’ (279 col.ci.).

280 . ‘Foras Focal’. Deirbhshiúr don eagna an éigse. 14 r. an chuid eile den Is bán; an lch seo ó láimh dhéanach (Donnchadh Ó Muireadha ?).