'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'
Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]
CF 14
EOCHAIRSCIATH
19ú haois. 9.9" X 7.7". 168 lch uimhrithe le peann luaidhe 1-169, ach gan 41 ann. Duilleoga bána ceangail ar tosach agus laistiar. Gan ainm, log ná dáta. Tá ‘1858’ sa mharc uisce. Seosamh Ó Longáin a scríobh de réir na peannaireachta. Túslitreacha maisithe, ach cuid díobh ar lár. Í seo ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1.
‘Manuscript. Vol XIV’ ar a cúl in órlitreacha gus a huimhir ‘14’ greamaithe di.
1 . EOCHAIRSGIATH AN AIFRINN. An réamhrá ar lár. Tos. Caib. 1. Adeir Pól san 13 caib. don Éip. ro sgrib chum na nEabhradhach nidh as a ttuigthear an t-aifreann do bheith ar gnáthúghadh. Stad. san agaisín: re linn bheith san tteidhm sin dó ní dleaghthar dho Aifrionn do rádh. f.c. As (169i.).