ISOS logo
en

S13

Irisleabhar Mhá Nuad 1983.

Aguisín

Le Clár Lámhscríbhinní Gaeilge i, ii (DIAS 1978, 1980) PÁDRAIG Ó FIANNACHTA

Nuair a bhí mé ag cur síos ar na lámhscríbhinní Gaeilge i Leabharlann na nÍosánach in 35 Sr. Líosan Íochtarach. d’fhág mé trí chleite gé ar lár: seo cur síos orthu:

(a)

9 nduilleog, 12.7" × 9", uimhrithe 1–9, le scríobh ar a n-aghaidh amháin. Eoghan Ó Comhraí a scríobh; tá “E.O’C.” le breacaireacht i bpeann luaidhe lr °marg. dext. “O’Curry Papers” i ndubhach 9v°

1 . gana. Téigim toisc d'fhuasluccud Fhinn. 49 r.

(b)

19ú haois. 16 lch, 6.1" × 5.6", uimhrithe go leanúnach 1–16 ag an gclárthóir; an t-ábhar ar aghaidh na nduilleog leanúnach siar agus ansin bunoscionn ar a gcúl. Nil ainm anseo ach tá dáta “1882”. Blodh neamhiomlán ag dul ón gceathrú lá go dtí an dara lá fichead de mhí, le machnamh do gach lá, a fhormhór ar an bpeaca; an Ghaeilge lag agus leasuithe déanta le peann luaidhe.

1 . Tos. “Caoi an tSlánuighthe. An ceithre lá. Smuaineadh”. Is caol an doras tríd a dteithtear air an tslighe righidh neimhe. Stad. “An dara lá air fhichid”. Bhi é seo grádh nar thug duine ar bith do chéile on dtús domhain agus ní bhéar go bráth . . . (imeall caite) (16i.).

(c)

19ú haois. 4 lch. 9" × 7.1". Ceithre lch fillte ar a chéile amhail is dá mba litir é le tabhairt do “Daniel O’Connell Esq.” Seán Ó Conaill a scríobh ina pheannaireacht néata.

1 . Seághan Ó Conaill. Fáilte is da fhithchid dar mhíltibh laoch do bhláth na seabhac nách isiol méinn. 5v. “Chum Dómhnaill óig flaitheamhail fioruasal Uí Chonaill Ó Dharanáin”. Ina dhiaidh: “These few verses were composed for the welfare of our undaunted Patriot, Daniel O’Connell Esquire by John O’Connell” (1i.).