ISOS logo
en

MS IL 9

AISTRIÚCHÁIN AR CHLASAICÍ

19ú haois. 8.9" × 7.3". 112 lch uimhrithe gan tuathal 1-112, le duilleoga bána chun tosaigh agus laistiar. ‘Arch Prov. Hib.’ agus stampa ‘William J. Onahan, Chicago,’ ar dhuilleog chun tosaigh. Séamus Ó Scoireadh a scríobh i d Teach an Chnoic a gContae Chill Chainnigh (cf. 29 col.bm.) agus tugann sé dátaí: Lúnasa 1823 (14 col. bi.), 17-10-1823 (lch 28, 29), 29-10-1823 (35i.), 5-12-1823 (61i.), ‘December 1823’ (111i.). Tá iomlán na n-aistriúchán in ainm is a bheith ina véarsaíocht. Tá an pheannaireacht go maiseach néata. Tá an téacs go léir geall leis ina dhá cholúin go dtí lch 31. Tá nótaí mínithe i mBéarla ag bun lch 1-6. Tá an ls seo ceangailte faoi chairtchlár glas le cúl is cúinní leathair ach go bhfuil an clúdach tosaigh agus leath den chéad duilleog sractha chun siúil.

1 . Lch teidil: ‘The Eclogues of Virgil; Some of the Odes and Epodes of Horace; Some of the Epigrams of Martial; One of the plays of Terence; Some of the Fables and of the Metamorphoses of Ovid; and the Idylls of Theocritus; Translated into Irish’ (cf. Eg. 167; Flower Cat. 632). Lch 2 Bán.

3 . ‘Dánta Aodhaireada Fhirghil no Vergil’. ‘An Chéad Dán Aodhaireamhail nó Tityrus agus Melibaeus.’ Tos. tar éis ‘An Argúmhain no an Tagradh’. Melibaeus: A Thitioruis! ad chlaonluidhe fa sgáth na ffág ccraohhleathan sinneann tú.

14 col.bi. ‘Foircheann an Treud-dháin so August, 1823.’

19 . ‘Roisg agus Iar-roisg Horatii: The Odes and Epodes of Horace.’ Roghnú de 24 dán. Tos. ‘Quinti Horatii Flacii. 23 rosg, 1 leabhar. Ad Chloen’: Seachnuíghir mise, Chloe, is cosamhuil le hog-fhiaidh.

28 . ‘Finit Shaothair Horatii. An seachtmhadh lá déug den ochtmhí, Aois an Tighearna 1823.’

28 m. ‘Gearr-Dhánta Mhartialis.’ Roghnú de 12 dán. Tos. ‘De Gamello et Maronilla Martialis Epigram. II. Lib I’: Iarrann Gamellas a bheith pósta le Maronilla.

29 col.bm. ‘Finit Ghearr-Dhánta, Greannmhara Martialis. An seachtmhadh lá déug don ochtmhí aois an Tigearna 1823. Le Séamus Ó Scoireadh uadh Theach an Chnoi[c] a cContae Chille-Chainnigh, 72.’

30 . ‘Aon de Shughradhaibh Therentii.’ Tos. ‘Ex Publii Terentii Carthaginensis Andria. Actus I Scena I, Simo, Sosia’: Simo: Iomchraigh na neithe-so asteach ; gluaisigh ; gabh a leith a Shósia.

35 . ‘E Lucii Annaei Seneca Thyeste Chorus’. Tos. Fá dheoigh do chuir Ríghtheach uasal.

35 i. ‘Finit na Coda-so Therentii dhen Ochtmhí an 29 lá: 1823.’

36 . ‘E Simonidis Iambis de Mulieribus.’ Tos. Do chruthaigh Dia intinn na mná ó thúis air leith.

39 . ‘E Mimnermo.’ Créad an bheatha tá, nó creud an sólásach gan Bhénus órdha. 10 1.

39 m. ‘Amorum Libro I. Níl annso acht iarmhar neimh-iomlán de.’ Mar do dheargann neamh do dathuigheadh re mnaoí Tithonus. 28 1.

40 m. ‘Fábhuill agus Claochluighthe Óbhídíí.’ Tos. ‘Publii Ovidii Nasonis Fab. 9 Lib 1, De Daphne:’ Fain, athchuingim, a shíoghbhra Péineach, fan ; ní leannaim mar namhuid thu. Roghnú de 25 dán.

61 i. ‘Foircheann Shaothair Ovidii. December 5th. 1823.’

62 . ‘Dánta Buachailleachta Theocritus’. Tos. ‘Theocriti Syracusii Idyllion Primum. Thyrsis, Pascor et Capranus’: T. As bínn an fheadfhuigle láimh re tobar do-ghnídh an píona úd. Roghnú de 20 dán gan a bheith in ord leanúnach.

110 m. ‘Theocritii Syracusii Epigrammata 6.’ Tos. ‘I’: Na rosuidhe dearga úd, sa seirpill dubh ud do beannuigheadh.

111 i. ‘Finis. December 1823.’

112 . Blodh: ‘Publii Ovidii Nasonis Met. Lib. 1’: Do chonnarc Jupiter Íó casadh ó abhainn, a hathar. 13 1.