ISOS logo
en

MS IL 7

AMHRÁIN

19ú haois. 8.7" × 7.2". xiv + 223 lch uimhrithe gan tuathal; duilleog cheangail bhán chun tosaigh agus laistiar, agus 7 lgh bhána eile thiar chomh maith. Tá roinnt mhaith lch bán i gcorp na lse agus cuid díobh rialaithe i gcomhair ceoil, ach, mo léir, níor breacadh ach aon phort amháin. Tomás Mac Ghearailt Mac Geathagáin ón mBearnaini i gContae Luimnigh a scríobh ina pheannaireacht ornáideach, in 1835, do Uilliam Ó hAnnáin (cf. iii, vii). Bhí páirtí di scríofa roimhe sin aige (cf. lch iii); ba í sin A12 in Aberystwyth (cf. Clár na Lámhscríbhinní Gaeilge sa Bhreatain Bheag lgh 26-7). Tá ‘Arch. Prov. Hib.’ breactha ar an duilleog cheangail, agus nótaí i bpeann luaidhe ó l.d. thall is abhus. Bhi an Is seo i seilbh an Athar Eoin Mac Fhir Léinn, S.J. (cf. The Mungret Annual, iii 4 lch 288 (Iúil 1910)). Is dócha gurb eisean a chur í seo agus IL 6 á gceangal. Tá sí seo ceangailte go slachtmhar anois in éadach-chlár uaithne: ‘Duanaireacht Gaoidhilge’ órghreanta ar a cúl agus ‘W.Hannan, Cahirelly Castle 1835’ ar a haghaidh.

i . ‘William Hannan, Cahirelly Castle 1835.'

ii . Bán.

iii . Duanaireacht Ghaoidheilge.’ ‘A Léightheoir: As é seo an dara leabhar do dhánta na bhfilidhe Muímhneacha, noch do cuireadh dá sgríobhadh le Uilliam Ó hAnnáin ó Chaisleaghan Chaithir Eilidhe chaomháluinn a gCóntae ghlasaoibhinn Luimine; go fhonn nách léigfidhe abhráin áille bhinnfhriotalacha na mbárd Muímhneach amugha go huile. Agus do rineadh an saothar so, maille re céol-sgríbhinn na bhfonn, le Tomás Mac Ghearailt Mac Gheathagáin ón mBearnain, ’san gcóntae reimh-raidhte. Aois an Tiarna an tan sin MDCCCXXXV. Saor-ghrása chum anamuinn na beirte, le toil an Dúilimh. Amen.’

iv - vi . Bán.

vii . Lch teidil: ‘Duanaireacht na Gaoidhilge agus Ciuilranna Bárdaibh Éirionnacha, air a n-aithsgríobhadh chum úsáide Uilliam í Annáin ó Chaisleán Chaithir Eilidhe . . .’ 1835. ‘ “Bíonn grádh agam air dhánta ’s air cheolta”. Carolan.’ An chéad lch eile bán.

ix - xi . Clár.

xii - xiv . Bán.

1 . Mangaire Súgach. Is tréith mé seal, 's as fann. 4 v. ‘An Aingir Áluinn.’

5 . idem. Cé fada mé le haor an tsaoghail. 6 v. ‘Pé nÉirinn í, mo ghrádh í.’

10 . gana. Cois Claonghlaise ’m’aonar a’ siubhal tráith. 3 v. ‘Cois Claonghlaise.’

15 . gana. Maidion cheódhach ’nuair d’éirigheas. 7v. ‘An Bhruingioll Mheidhreach.’

21 . gana. Beir beannacht óm chroidhe go tír na hÉirionn. 6 v. ‘Bán- Chnoic Éirionn.’

24 . ‘Binshin Loughrae-penned-down’ (le peann luaidhe l.d.).

25 . Seán Ó Tuama. Am aonar seal a’ róduígheacht. 7 v. ‘Móirín Ní Chuileannáin.’

28 . ‘See page 29 of New Book Modin Coue naur arim. This (is) I think is not it’ (sic; le peann luaidhe l.d.).

29 . Séamus Ó Dála. Go mbeannuighe Dia fá thrí dhuit, a cháirdios Chríost, a Shíghle. ‘Air “Lomaire Crochda as chrann''.'

33 . Eóghan Ó Cómhraidhe. A éigse Chláir Thuadhmhainn, ’s a shaorcheap na suagaibh. 10 v. ‘Gairm na mBárd.’

41 . ‘Aisling chSéamuis Chonsaidin.’ Am aonar dom air leabain teinn. 9 v.

47 . Aogán Ó Rathaile. A phéarla gan sgamal, do léirchuir mé a gcreathaibh. 5 v. ‘A’ moladh mná.’

53 . An Mangaire. Sguir feasda dhod' phlás, ná trácht go héag arís. 5 v. 'Pé nÉirinn í.'

57 . Seaghan Clárach. A chéithlinn bhig bhéil-thana mhaoth. 4 v. ‘A’ moladh mná.’

59 . ‘Freagra thug file eile air an mnaoi.’ A spéirbhean ba ghléigile sgéimh. 4 v.

63 . Tomás Ó Gliosáin. Sin aguibh an Francach steallta, an ainnis choidhche air. 3 v. ‘A’ trácht air an gcogadh.’

64 . ‘Freagra chSheaghain Í Thuama’: A charaid, a thogha 's a rogha do m’fhearaibh díograis. 4 v.

67 . Tomás Ó Míodhcháin. A chraobha chumain na nGaodhalaoibh chumais. 4 v.

69 . ‘Séamas Ó Dála ag freagairt.’ Dfhág na flatha 's na fáige feasach. 3 v.

73 . Mícheál an Fhásaicc. Eisdig lem staruidheacht gan failíth go fóill. 5 v.

79 . Eoghan Ó Súilliobháin. Uile ó ’thoil ná goil go fóill. 10 v. le loinneog. ‘Don leanbh.’

84 . ‘Siglea Ni Guira — as in first song book.’ ‘Tis not Sighle Ní Gadhra T.F.G.’ (le peann luaidhe).

85 . S. Clárach. Éisdigh lem' ghlórtaibh a mhórshliocht Mhilésius. 5 v. ‘Sgéal leitir na Newspapers.’

91 . Aogán Ó Rathaile. A' siúbhal dom air bhruíghionta na Múmhan mor-ttímchioll. 5 v. ‘Tionól na bhfear Muímhneach.’

97 . Séamus Ó Caoindealbhain. Tá sagart glanmhéineach caoin-bhréithreach carthanach. 7 v. ‘Don Athair Uilliam Mac Ghearailt.’

103 . Maolseachlainn Ó Cómhraidhe. A' taisdiol dom maidion dom laethibh. 9 v. ‘Fonn “Cailín deas Crúite na mBó”.’

109 . Tadhg an Tarta. Is ainnis an ghláimh seo leata le spás. 3 v.

111 . S. Ó Tuama. Do tharla a Luirmieach le chéile. 23 r. ‘Eachtra an Triúr do chuaigh ag Ól.’

116 . ‘Flowers of Edinburgh penned down' (le peann luaidhe l.d.).

117 . Seoghan Loyd. Cois leasa dhom go huigneach, air uair na maidnne ’m’aonar. 4 v. ‘Cois leasa etc.

121 . Tadhg Gaodhalach. Araoir is mé am aonar cois taoibh leasa an ghaortha. 7 v. ‘Bean an Leasa.’

127 . An Mangaire. Sí an bhláthbhruingiol bhláithmhilis bheusach. 6 + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘Bláith na mBan.’

132 . ‘Pol Gordon or Bredagh Mounta’ (le peann luaidhe l.d.).

133 . Tomás Ó Míodhcháin. Tá caoinbhean suairc a bhfíghir gan ghruaim. 10 v. ‘A’ moladh Miss Harte.’

139 . Séamus Ó Dála. Créad an smúit seo ar Éire an iuil. 10 v. ‘Slan leis an Mnaoi.’

147 . Aodh Mac Cruitín. A ghéis ghartha ghléigiol, a bhéith mhaiseach bheusach. 5 v. ‘Don ríogan ró-onóireach Eisibéal Ní Bhriain.’

150 . An ceol do ‘Fatha Chill Díoma.’

151 . J. Roberts ‘1774.’ Ó bhád an Chalaith go fatha Chill Díoma. 5 v. le loinneog. ‘Bád an Chalaithe.’

155 . gana. Gile na gile do chonairc air shligh an uaignis. 9 v.

158 . ‘I believe Cold Frosty Morning. Caíne na caillighe. I think I heard. T.G.’

159 . Eoghan Ruadh. A bhile gan chealg ’s a sheabhac don fhíorfhuil. 19 v. ‘An tÁrrachdach Sean . . . Ag freagairt Mhicheál Ó Sgannail.’

171 . gana. Fágaimsi an bárr ag an nDéis-Bhrogha. 11 v.

174 . ‘The Irish caoine’ (le peann luaidhe l.d.).

175 . Réamhnótaí i nGaeilge agus i mBéarla don dán le teacht. ‘Ag so canntal bróin dubhach diomhádhach air bhás an Athar Nioclás Mac Sighthe, noch, le feillbheartadh éithicc a namhad do daoradh’ 15-3-1766 ‘agus do crochadh arna mháireach agus do díthcheannadh é; agus do cuireadh a cheann ar sparra ar mhullach tighe na cúirte.’ ‘The Revd. Nicholas Sheehy, P.P., of Clogheen, Co. Tipperary . . . Edmond (commonly called Buck) Sheehy, James (called Buck) Farrell, and James Buston were also executed at Clonmel, for the above murder . . .’

176 . gana. A’ taisdiol liom fá smúit am aonar. 69 + 1 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘An tAithir Nicolás Mac Sighthe.’

193 i . ‘Beannacht Dé le n-anam. A.M.N.’

196 . ‘A very fine old “Air”. I wish we had it. T.G.’ (le peann luaidhe).

197 . Tadhg Gaodhalach. Mo shlán le dúthracht d’Éire. 7 + 1 v. ‘An Ceangal’. ‘Slán le hÉire’.

201 . Seaghan Ó Eachiarainn. Is fada taisdiol rann Seaghan. 5 v. ‘Air: Bruingiol Meidhreach.’

208 . gana. Osna ’gus éacht na hÉirionn tríd an ttreoir. 14 v. ‘Donnacha Bhaile Aodha.’

215 . James Quinlivan. Doilbh an sgeól a gCláir Fódhla choidhche. 22 v. ‘Elegiack Poem to the honoured memory of Captain Sylvester O’Sullivan.’

223 . ‘Filidhe Muimhneacha’. Liosta: ‘Tomás Ó Conalláin, Cruitire. Aogán Ó Rathaile Sliabh Luachra. Aodha Mac Cruitín. Brian Mac Giolla Meidhir. Seaghan Mac Dhómhnuill Ráth-Triatha. Seaghan Ó Tuama Croma. Uilliam Inglis. Uilliam Ó Artnáin. Dómhnall Ó Cinnéide Cnoc Gréine. Uilliam Ó Lionnáin. Aindrias Mac Chraith. Muiris Ó Gríobhtha Eithfinne. Eoghan Ó Suilliobháin. Eamonn do bhFál. Tadhg Gaodhalach Ó Súilliobháin. Tomás Ó Miodhcháin.’ Bán as seo ar aghaidh.