ISOS logo
en

MS IL 6

LEABHAR URNAÍ

19ú haois. viii + 97 lch le lgh bhána laistiar, agus duilleoga ceangail bána chomh maith. Seán Ua Dreada a scríobh ó lch vii ar aghaidh, don Athair Eoin Ó Céileachair, sa Bhlarnain in 1823 (cf. lch vii). An tAthair Eoin féin a scríobh i, ii. ‘Arch. Prob. Hib.’ ar an duilleog cheangail tosaigh. Í seo úrcheangailte go slachtmhar faoi éadach-chlár uaithne, ar aon dul le IL 7: ‘1823 Leabhar Urnuighthe Ua Dreada’ órghreanta ar a cúl.

i . ‘Reverend John Keleher Muintervarriagh Parish, by the coast of Dunmanus Bay, County Cork, in ye kingdom of Ireland: June 8. 1833. Hurrah for Repeal!’ W. O’N. Daunt. O Erin! in thy early days. 3 v.

iim , - vi . Bán.

vii . Lch teidil: ‘J. Keleher’ (marg. sup.). ‘Lámhleabhar Úrnuighthe chum usaide agus seirbhise Eoin Ui Cheileochair airna scríobhadh le Seán Ua Dreada . . . na Blarnan Chorcaighe . . . 1823.’

viii . Bán.

1 . Paidreacha coitianta faoin teideal ‘An Teagusg Críosduighe.’ Lean. ‘Úrnuighthe le rádh roimhe an Aifrionn’ (5i.); ‘Teagusg le Aifrionn d’éisdíocht’ (9i.); ‘Úrnuighthe roimh Aifrionn’ (11i.); ‘Úrnuighthe an amm Aifrinn’ (teideal reatha lch 17-33); ‘Seacht Salma na hAithríghe’ (34m.); ‘Liodáin na Naomh’ (lch 47); ‘Liodáin Iosa’ (lch 57); ‘Liodáin ár Maighdinne Beannuighthe’ (lch 62).

66 . ‘Clár do bheir cúngnamh dár meamhair an tan is mian linn sin féin d’ollmhúghadh chum faoi[s]dín do dhéanamh.’ Lean. ‘Úrnuighthe iar bhfaoisidín’ (74i.).

77 . ‘Teagusc ris an cCorp Naomhtha do ghlacadh mar is cubhaidh.’ Lean. ‘Iomchar an Choirp . . .’ (79i.); ‘Úrnaithe roimh Chumaoin’ (lch 81) agus ‘Úrnaighthe iar cCumaoin’ (lch 90); ‘Teagusc iar cCumaoin’. Críoch. an tí is gáirdeachus féin, et a ccomhsamhlacht ris féin, is sonas síorruidhe’ (97m.).