ISOS logo
en

MS IL 5

LEABHAR URNAÍ

18ú haois (?). 5.1" × 3.2". 142 lch uimhrithe, ar na corrlgh agus ar lgh eile mar áis, ag an gclárthóir. An scríbhinn ar na corrlgh amháin go lch 61. Treoracha agus teidil i ndúch dearg; an dúch dearg feoite in áiteanna; an téacs sailithe doiléir anseo agus ansiúd. Níl ainm scríobhaí log ná dáta, ach is scríobhaí oilte liteartha atá i gceist agus ní nochtann sé a chanúint puinn. Lgh ar iarraidh chun tosaigh agus laistiar agus a bhfuil fágtha ar bogadh gan clúdach. Tá sí seo i gclúdach litreach le nóta lasmuigh air sin a deir cér leis í tráth: ‘M.S. Irish Prayer Book (incomplete) ex libris P. Edm. Hogan S.J’.

1 . ‘Modh an Naomhaifrinn’ (teideal reatha; 2 líne doiléir). Tos. ‘Psalm 23’. lonalfad mo lámha a measg na neamhchiontach. Ord an Aifrinn Rómhánaigh, mar a bhí, ag lean, ar aghaidh anseo le ní na lámh. Críoch. Buidheachus do Dhia (61m.).

61 m. -4. Fágadh bán do ‘Sequence na Marbh, Dies Irae.’

65 . ‘Coróin Rosa Naoimhainm Íosa’ nó ‘Psaltair Íosa’ (teideal reatha).

84 . ‘Psaltair Mhuire’ (.i. an Choróin Mhuire).

104 . ‘Urnaighthe Naomh Brighid as ionráidhte an onóir naomhchreachta ár Slanaightheoira robheanaighthe.’ Críoch. 108i. agus tá bearna idir sin agus lch 109.

109 . ‘Urnaighthe Roimh Aifreann’ (teideal reatha; doiléir), tosach ar iarraidh. Lean. ar aghaidh: tTighearna losa Criosd ceudna an tí maille riotsa agus ris an Spioraid Naomh mhaireis agus stiuras áon Día fíor saoghal gan chríoch. Amen.

115 . ‘Urnaighthe a nAm Aifrinn’ ina foranna. Stad. ‘Re Caitheamh an Chuirp Naomhtha don tSagart’: A Íosa mhilis tabhair duinn rundiamhair neamhdha do chuirp agus t’fhola d’onorughadh ar modh go (142i.); f.c. ‘ngath’ (scriosta).