ISOS logo
en

LS 6

LS 6

MEASCRA

19ú haois. Páipéar. 19 × 15 cm. Lgh 52. Uimhrithe (le peann luaidhe déanach) ar gach recto, 1–51. Gan ainm scríobhaí ná ainm loig; dealraíonn sé, áfach, go bhfuil dhá láimh éagsúil le feiscint sa lámhscríbhinn seo: (1) lgh 1–11; (2) lgh [12]–51. Gan dáta, ach ‘1824’ agus ‘1826’ sna comharthaí uisce.

Gan chlúdach. Imill na lch caite creimthe i dtosach agus i ndeireadh na lámhscríbhinne ionas go bhfuil beagán téacsa caillte in áiteanna dá dheasca san. Bileoga de thrí shaghas páipéir sa lámhscríbhinn, iad ceangailte le córda atá ag tabhairt anois. Páipéar: (a) lgh 1–[28], ceithre bhileog déag le comhartha uisce nach féidir an dáta a léamh ann; (b) lgh 29–[38], ceithre bhileog fillte (‘1824’ sa chomhartha uisce); (c) lgh 39–[52], dhá bhileog fhillte (‘1826’ sa chomhartha uisce). Dhá cholún: lgh 1 agus 3–5. Focail cheangail: lgh 13–[50]. Lch 45 línithe le bior tirim, na lgh eile gan línte sofheicithe. An lámhscríbhinn istigh i bhfillteán cairtchláir ar a bhfuil scríofa: ‘Lámhscríbhinn Uim (6) [7 ceartaithe go (6)] / Coláiste na Rinne’. Clúdach litreach istigh sa bhfillteán leis an lámhscríbhinn, an méid seo scríofa air: ‘Sonraí mar gheall ar lámhscríbhinn uim. 6’; stampa Coláiste na Rinne ar chúl an chlúdaigh (faoi dhó). Istigh ann tá an clúdach litreach ina raibh an lámhscríbhinn nuair a tugadh don Choláiste í, scríofa air seo tá: ‘MSS / Cúirt an Mhean Oíche. / (Féirín ó Seamus Ó Cléirigh dtí Leabharlann an Coláiste) / (23.1.’82)’; ‘ls (7) Ff. 26. Scrúdaithe 30-11-’91 ag Aoibheann Nic Dhonnchadha. / Clár (dréacht) istigh’, ar cúl, chomh maith le stampa an Choláiste (faoi dhó). Laistigh den chlúdach seo tá an clár réamhluaite i láimh Aoibheann Nic Dhonnchadha, Leabharlannaí Choláiste na Rinne.

Maidir le stair úinéireachta na lámhscríbhinne seo – LS XXXIV i gColáiste Eoin, Port Láirge, tráth dá raibh – féach Aoibheann Nic Dhonnchadha, ‘Leabharlann Choláiste na Rinne’ in Nioclás Mac Craith (eag.), Comóradh céad blian Iolscoil na Mumhan (Rinn Ó gCuanach 2005) 116–19.

lch

1 . ‘A Shreaduigh! [sic] / Sheperd I have lost my love.’ A shreaduigh! Do chaill me mo ghrádh. 4 v. (v. 3 agus 4, uimhrithe ‘2’ agus ‘3’ ag an scríobhaí). Fara leagan Béarla: Shepherd I have lost my love. 4 v.

[2] . ‘Carolan’s Receipt.’ [. . .]nn no slán a tharlaigheas fein. 3 v. (uimhrithe).

3 . ‘Plearaca na Rúarcach.’ Plearaca na Rúarcach a ccuímhne an uile dhuine. 72 l. ‘Finis.’ Fara aist. lena thaobh: ‘The Feast of O Rourke.’ O Rourke’s noble fare will ne’er be forgot. 88 l.

[6] . Clár Nod (in ord aibítre; ceithre cholún, lch 6, dhá cholún, lch 7).

[8] . Bán.

9 . Cuntas sanasaíochta (i mBéarla) ar na préamhacha Gaeilge atá ag ainmneacha abhainte, sléibhte agus áiteanna sa Bhreatain agus in Éirinn. An cuntas seo bunaithe, cuid mhaith, ar shaothar Edward Lhuyd, [Archaeologia Britannica]. Tos. Mr Edward Lhuyd a learned & judicious antiq[uary] solidly proves. Críoch. (lch 11.14) in honor of which they were celebrated. An chuid eile den lch bán.

[12] . ‘Cúirt an Mheadhonoidhche sunn. le Brian Mac Giollabrighe.’ Budh ghnáith me a siúbhal re ciúmhais na habhan. 970 l. Leis na mionteidil seo a leanas: ‘An Seanduine san gCúirt aig freagra don Óigmhnaoi agus aig tabhairt tarcaisne dhi’ (lch 25); ‘An Bhean arís, a Riocht Adhbhacóide, aig freagra dhon Tseanduine’ (lch [36].11); ‘An Bhainbhreithiomh, .i. Aoibhil na Craige Léithe, aig deunadh cirt agus a tabhairt breatha air Sheandaoinibh aonda’ (lch 45.5). ‘Fóircheann.’ Bearna sa téacs [= Ó Murchú, CAMO, l. 453–500 (in easnamh)] idir lch [28] agus lch 29 de dheasca bileog a bheith caillte (féach réamhrá). Línte cliathánacha ar lgh 13, 19, 21, 25, 46. Nótaí agus gluaiseanna (a bhformhór uimhrithe) i nGaeilge (agus i mBéarla ar lch 13 agus lch 18) ar na him. tríd síos. Lean. (lch [50].23) nóta: ‘Aig seo ranna do dhearmodas shuas, an ionad áirighthe ar fhagbhus comhartha’. Is minic a chímsi rainsig bhaotha. 11 l. (an méid seo fágtha ar lár, lch [46].16).

[52] . Bán.

© Catalogue record by Liam Ó Riain 2023