ISOS logo
en

LS 2

LS 2

MEASCRA

Lámhscríbhinn chumaisc. 19ú haois. Páipéar. Lgh ii + 360, fara lch ceangail amháin de pháipéar trom ag an tosach agus ceann eile, den pháipéar céanna, ag an deireadh. Dhá lámhscríbhinn ar leith (b agus c) in aon leabhar amháin atá ann maille le dhá bhileog – ceann amháin i dtosach agus ceann eile i ndeireadh na lámhscríbhinne – i láimh Dhonnchaidh Ulf (a); baineann an chéad bhileog díobh sin le deireadh LS 1c ó cheart. a 4 lch, 18 × 13.5 cm; b 136 lch, 19.5 × 15.5 cm (agus stiall páipéir, [76a]–[76b], 3 × 12 cm); c 222 lch, 19 × 15.5 cm. Uimhrithe mar seo: a lgh [i]–[ii] gan uimhriú, lgh [227]–228 uimhrithe (le peann luaidhe déanach) ag leanúint órd na n-uimhreacha de réir cuid c; b lgh 1–[136] (ach [76a]–[76b]) uimhrithe (le peann luaidhe déanach) ar gach recto; c lgh [5]–226 uimhrithe ag an scríobhaí, ach lch 183 agus lch 206 tugtha faoi dhó (ós rud é go bhfuil an dara lch 183 luaite sa chlár tabharfar 183[a] air), an t-uimhriú in easnamh: lgh [5]–[6], [176]–[177], [207], [215], [224]–[225] agus salaithe in áiteanna. Scríobhaithe: (1) lgh [i]–[ii], 227–228: a Donachadh Ulf, ‘an Abhain ó cCearna’ [Droichead Abhann Ó gCearnaigh, par. Chill Fhionnachta, Co. An Chláir], 1816 (féach LS 1 réamhrá); (2) b lgh 1–[136]: Seaghan Ó Suilleabháin (Suillibháin) (John Sullivan) (lgh 45, 60, 63, 71), ‘air an Rghlán [sic]’ [Réileán, par. Achadh Bolg, Co. Chorcaí – de réir: B. Ó Conchúir, Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850 (Baile Átha Cliath 1982) 183] (lch 45), 1819 (lgh 45, 63, 101); (3) c lgh [5]–226: Tomás Ó Eigearta (Ua hEagarte) (Thomas Hegerty) (lgh 87, 88, 101, 106 142, 175, 226), ‘Ros Carbery’ [Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí] (lch 142), 1839 (lgh 87, 101, 106, 142, 175, 226).

Clúdach cairtchláir le droim d’éadach uaine. ‘Irish / Manuscripts / II’, ‘71’ ar an droim. ‘Iolscoil na Mumhan Rinn Ó gCuanach’ stampaithe le dúch gorm: b [26], 41; c [5], 55, 85. Mionsailiú / creimiú passim. Dhá cholún: b lch [122] (cuid) agus lch 123. Focail cheangail: b passim. Teidil reatha: b passim. Na lgh línithe mar seo: a agus b gan línte sofheicthe; c bior tirim. Lgh atá ceangailte isteach droim ar ais: a [i]–[ii].

Nótaí fánacha: (a) b 25, ar barr. ‘[Chuim an Léaghthóra teideal reatha cealaithe].’ (b) b [52], im. inmheánach. ‘[? ppp] / [? rrm].’ (c) b 57, ar barr, in aice leis an teideal. ‘[? Conn].’ (d) b 71, sa dá chúinne sheachtrach. Blúirí cuntasaíochta (ceann amháin díobh cliathánach). (e) b 71m. ‘John Sullivan / D Daniel.’ (f) b [76a], ar barr, ‘An Teanga.’ (g) b [76a]m, (suas, síos agus siar). Abairt Bhéarla, an tús doléite agus creimthe. ‘[. . .] Causes of [. . .]ary things.’ (h) b [76a]i, (suas, síos agus siar). ‘P Leham August 1st. / John Murphy October 21st / B Buckley November 19 1827.’ Dealraíonn sé go mbaineann an méid seo leis na nótaí ar lch 75 (b). (i) b [76b], (suas, síos agus siar). ‘take a quantity of turpentine [focal scriosta] [? and lard] and dissolve all together then pour in verdigrise. Beat ointment for a gall on a horse.’ (j) b 99i, (suas, síos agus siar). ‘[? Lomponius scriosta].’ (k) b 101.1–2, idirlínteach. ‘1819’. (l) b 125, im. íocht. ‘[? T].’ (m) c 5, im. seachtrach. [Dhá fhocal (i rúnscríbhinn ?)] / ‘David [? Porr’s] / Pouldrew / MOO.’ (n) c 21, im. seachtrach. ‘Mac [. . .] / [? náir a t r a a n] / n r a a f th g d f / [? a] i r a n f t [? u o] d / [litreacha salaithe] / [litreacha salaithe] i d r / [? n] / [? x].’ (o) c 25, im. seachtrach. Scribleáil. (p) c 31, cúinne uacht. seachtrach. ‘[dúch tréigthe: ? no Couts].’ (q) c 91, im. seachtrach. ‘[? Thomas Hegerty scriosta] / [Tomas scriosta].’ (r) c 93, im. seachtrach (cliathánach). ‘[? Caillimuin scriosta] [os a chionn: ? b scriosta] / [tamall uaidh: r ribh ribh scriosta].’ (s) c 136, cúinne uacht. inmheánach. ‘an bean.’ (t) c 154, im. inmheánach (cliathánach). ‘Modesty in youth is a pleasing accom[plishment?] / Mo’. (u) c 158, im. inmheánach (cliathánach). ‘E[. . .] Sullivan cannot make [foca(i)l c(h)ealaithe].’ (v) c 226, ar barr. ‘[dúch tréigthe: Monday 1849].’

Nótaí i lámha na scríobhaithe: (a), (b?), (c), (d), (e), (f), (g), (h), (i), (j?), (k), (l?), (m), (n?), (o?), (p?), (q), (r?), (u).

a

[ii] . [Atá smúit san spéir, fraoch is fearg nimhneach le Aodhagán Ó Raithile ar lean ó LS 1, lch [304] (an píosa seo ag léamh siar)]. Faoi seo (lch [i]): Is trúagh sin a leabhráin bhric bháin. 1 r. Lean. colafan: ‘Uair na marion an láimh is go bhfilim ar fann ansna ccré, manam do sheóla[dh] air deis láimh Dé, mo bheannachtsa do gach náon do dheanfas é, seo do léighiobh go chruidhin agus do ghuighfis le tanamin an laimh do sgríobh air na s[grío]bh le Donacha Ulf an abhain ó ccearna an tochtmh la de Shamhain [creimthe: ? 1816]’. Stiall de pháipéar trom greamaithe leis an mbileog, lch [i] (im. seachtrach).

b

1 . [FORAS FEASA AR ÉIRINN: An Díonbhrollach (cuid)]. Tos. (gan an tús) láthair easboig ollamh re déanamh feille [creimthe: ar a chéile. . .] [= Irish Texts Society IX (1902) 18.31]. Stad. (lch [24].11) ag tubhairt iomad molta seoch mair do thuilleadhur ortha agus me féin do sheannghalladh do réir bunadhusa [= ibid., 76.46].

25 . (Suas, síos agus siar). ‘An tathair Eoghan ua Cáoi cct air bhás a mhic [os a chionn: .i. Sagart] déag san bhFraingc.’ An tan ná feicim fear aig máoidhe croídhe cúmha. 7 v. ‘Críoch.’

29 . (Suas, síos agus siar). ‘Eamon do bhFál cct, air bhás Cseágháin Chláraicc’ (teideal reatha). Mo cráidhteacht mo lánchruich mo bhrón guirt. 10 v. + (‘An Feart Laoi’) 1 r. + 3 v. ‘Críoch.’ An tríú líne sa ceathrú véarsa cealaithe agus scríte arís.

[30] . Féach lch [64].

31 . Féach lch 101.

[46] . As atuirseach geair liom creachta críoch Fodla. 8 v.

[48] . ‘Comhrac na Feinne le mac Rígh na Sorrch mar gheall air inghín Rígh Tíre Fá Thuínn.’ Atá sgeal agam ar Fhionn. 40 r. Dhá líne cealaithe, lch [50].

[52].8 . ‘Laoighe Mhaoghnuis mac Rígh Lochlann sonn.’ A chléire úd do channas a tpsailm. 40 r. ‘Críoch.’

57 . ‘Oisín cct.’ Lá dá ramhamar an Dún Baoí. 40 r. ‘Finis / John Sullivan.’

61 . ‘Himn Pháttraig Sonn.’ Clointair sona feacht fial Eithne. 10 r. + 12 l. ‘Finis.’

63.10 . Sgreadaig ó chroídhe a bhuígheann do chloin a meid sin. 1 v. ‘Seaghan Ó Suillibháin / December 10th 1819’.

[64] . ‘Aogan Ua Rathaile air bhás Dhiarmuid Uí Laogharra.’ Créad an síodhbhrodh sídhe seo air Fodhla. 44 v. + (‘An Ceangal’) 2 v. ‘Críoch.’ Stad. lch [70] ar bun, tos. arís lch [30] ar barr (mar a bhfuil sé suas, síos agus siar). Roinnt véarsaí scríte cliathánach tríd síos.

71 . ‘Medicinal Cures.’ (a) ‘Antiscorbutic Ale. Take of horse-raddish roots, fresh, one pound, great water dock root, sliced & dried, two pounds; water-trefoil dried four ounces, infuse them in ten gallons of new ale. In scorbutic disorders this ale, used as common drink generally does service.’ (b) ‘Bitter Ale [scríte faoi dhó]. Take of gentian root, four ounces; Lemon-peel three ounces [,] canella alba, two ounces, ale two gallons, let the ingredients be cut small, and steeped in the ale without [. . .]. This is an agreeable stomachic ale, superior to the common purls & most other preparations of that kind.’ (c) ‘Diuretic Ale. Take of Mustard seed and juniper berries, each eight ounces; seeds of the wild carrot six ounces, new on[. . .] ale ten gallons. In gravelly complaints & drop[. . .] habits, this is an [sic] useful diet drink.’ (d) ‘Diuretic Ale. [Dealraíonn sé go bhfuil an focal ‘Diuretic’ scríte in athuair ar an im. seachtrach (salaithe).] To cure scurvy or Mortification take a cane of sulphur & scrape a teaspoonful of it for nine mornings which you take dry for 9 days more & morning for 9 day [sic] after [? for] the rheumatism, ½ lb Brown sugar, ¼ lb sulphur, 1 pennorth pepper, 1 pennyworth saltpeter work them [? together] & take one teaspoon full 3 times a day.’ (e) ‘For Warts. Antimony & the white of an egg well mixed & kept on for 15 days. Mutton, Suet, Rosin, & Beeswax to heal.’ [Lch [72] bán.] (f) (lch 73) ‘Of the stone and gravel. When small stones are lodged in the kidneys or disch[arged?] along with the urine, the patient is said to be afflicted wi[th] the gravel. If one of these stones happens to make a lodgm[ent] in the bladder for some time, it accumulates fresh matter [and] at length becomes too large to pass off with the urine. In t[his] case the patient is said to have the stone. Causes - the stone & gravel may be occasioned by high living; the use of strong astringent wines; a sedentary life; lying too hot, soft or too much on the back; the constant use of water impregnated with earthy or stony particles; [. . .]. (g) ½ Drachm of Pillecoache, ½ Drachm of Callamel, ½ Drachm of Gambuage, ½ Drachm of Bitter apple, mix them together, work the whole into 27 pills take 2 at night and one in the morning.’ Lean. nóta: ‘The above recipe is for curing the Venereal Disease’.

[74] . Bán.

75 . (a) Oideas leighis. ‘3 pence of Bitter Apple / 3 pence of [? Gumbutetus] / 3 pence of Gumarabic, Gumarabach / to be mixed on [sic] three pints of [. . .] and boiled to one, a half noggin to be taken for [? two] mornings letting the third pass. &co.’ (b) ‘Patrick Leham Commenced 17th January [. . .] / Humphry Sullivan. 14th Do. [.i. January] 18[. . .] / Johana Goggin. 12th February [. . .].’ (c) Nótaí ceimice. ‘Auripigment. Auripigmentum, a kind of ochre, the most beautiful yellow, of the colour of Gold. / [Orpin cealaithe] Arsenic. Orpin, or orpiment the most excellent that can be for the purifying of and rectifying Pewter. Lead. Silver &c[o.]' Faoi seo: ‘Mortal its fumes’. (d) Dhá oideas leighis. ‘For a Burn. The juice of the Devils-bit mixed with flour is a very good poultice. For a Bloody Flux. Boil a half-penny worth of Chip-logwood in a quart of spring water until half is consumed then strain and mix it with as much new milk, boiling it again gently and take a tumbler full three times a [day].

[76a] [76b] . Stiall páipéir le ceithre nóta air (scríte le dúigh éagsúla). Féach nótaí fánacha.

[76] . Bán.

77 . ‘AN TEANGA BHITHNUAD ann so.’ Tos. In principio cravit [sic] Deus colium [sic] et terram. Críoch. (lch 99.9) óir go bfuil se os ceann tuigsionn daoine air domhan agus sochuim le toil Dé ann. ‘Críoch.’ Faoi seo: ‘Finis’. Lgh 89–[96] suas, síos agus siar. Gluais fháin, i láimh an scríobhaí (?), ar lch [90] (im. uacht.).

[100] . Bán, cé is moite de bheagán scribleála i lár an lgh.

101 . [CAITHRÉIM CHEALLACHÁIN CHAISIL.] ‘Reimhthionnsgna air an Fhlaithchios Lochlannach agus Tóiruigheacht Cheallacháin Chaisil. sonn.’ Tos. Olcubair mac Ceannaodha mac Connaill mac Maoldúinn mac Aodha. Stad. lch [136] ar bun, tos. arís lch 31 ar barr. Críoch. (lch 45.18) go bfuair Ceallachan Caisil mac Búadhcháin bás ionmholta a cCaisioll. ‘Anno Domini 952.’ Lean. colafan: ‘Aig sin tóiruigheacht Cheallacháin Caisil mac Búadhchain air na chriochnughhadh [sic] san ccéadaoin an Chéad lá don ttara mígh don gheimhre le a ráightear December, le Seaghan Ó Suilleabháin air an Rghlán [sic] 1819’. Na mionteidil seo a leanas sa phíosa: lch 103.6, ‘Cathughadh Cheallacháin Caisil mac Buadhcháin re lochlannaicc. A:D 899’; lch 129.10, ‘Tóiruígheacht na tTaoíseach foir Cheallachán Chasil [sic] mac Buadhcháin ann so’.

c

[5] . (Gan an tús). P[ádraig:] Cuig coige Eirionn fo sheach. 69 r. Ranna cliathánacha ar lch 10 (im. inmheánach) agus lch 13 (im. seachtrach). [Cuid de phíosa filíochta a thos.: A Oisín is fada do shuan.]

15.16 . ‘Laoi do rin Patraig agus Oisin mar leanais.’ O[isín:] Se fir dhéaghadh do chuaghmuir siar. 30½ r.

20.7 . ‘Laoi Cnuic an Áir sonn.’ Cnoc an áir an cnoc so shiar. 17¾ r. ‘Críoch’ (é seo agus an rann deireanach ar an im. inmheánach, cliathánach).

23 . ‘Laoi na Seilige annso síos.’ O[isín:] A Phátruig an gcualladh tu an tseilig. 46 r. ‘Críoch.’

30 . ‘Seaghan O Conuill cctt.’ An uair smaoinim air saoithibh na hEireann. 480 l. ‘Críoch’ (ag bun lgh 47), ‘FINIS’ (im. seachtrach, cliathánach). Gluais fháin, i láimh an scríobhaí (?), lch 39 (im. seachtrach).

48 . ‘Malacht Dhonocha Dochture an [sic] cctt.’ Budh mhaith mo thata ba daithithea is ba mhin [mhin scríte os a chionn in athuair] ghlan. 52 l. ‘FINIS Críoch.’

50 . ‘Eachtra an Sgolaire mar leanas.’ Eachtra an sgolaire do bhí attríal na ttiortha. 77 l. Cuid mhaith scríte i bhfoirm phróis. ‘Finis.’ Lean. (lch 52.25): I hate that Carping Cur who loves to bite. 1 v.

53 . ‘Ioseiph Ó Caoimh do Ridire an Ghleana .i. Seaghan do fuair bas a cCorca cctt.’ Mo dhóith mo dheacur thug maireadh air ceadaibh. 20 v. (uimhrithe). ‘Crioch.’ Lean. (lch 56.14): Asé a deir hodach, re bodach go ro mhaoighteach. 1 v. Fara aist.: A clown doth midst a group of clowns exclaim. 1 v. ‘Gráin ar an mbodach mbréan.’

57 . ‘Domhnald na Tuille iar neug Diarmaid mac Tadhg na hEagailse cctt.’ Och mo núair, is truagh, na sgealla. 61½ v. (v. 1–6 uimhrithe). ‘FINIS. Crioch.’ Lean. (lch 66.18): Dá mhéid oideas agus múine. 1 r. Fara aist.: Though learning, riches, honour and renown. 1 v. Lean.: ‘Another’. Instruct the hound far as you can proceed. 2 l.

67 . ‘Séamus Mac Gearailt do Donochadh Bhaille Aodh.’ A shaoghaill mhaillighthe is mairg do snaidhim leat. 138 l. + (‘An Ceangall’) 15 l. ‘Críoch / 1839.’

73 . ‘Domhnald mhac Donchadh mhic Taidhig mhic Cairthe do Rughruidhe Ó Súilleabháin deag a cCorca cctt.’ Is trom ghoin tinntidhe nimhnidhe an sgéil sin. 35 v. ‘Crioch’ (é seo agus an véarsa deireanach ar an im. inmheánach, cliathánach).

78 . (a) ‘Rebus 1st.’ A mountain in India known. 20 l. (b) ‘Rebus 2nd.’ The noblest object in the works of art. 22 l.

79.19 . Ní truimide an loch an lacha. 1 r. Fara aist.: The bits no burthen to the foaming steed. 1 r.

80 . ‘Aogán Ó Rathille air bhas Diarmaid Ó Laoghaire cctt.’ Cread an siobhradh nimhe air Fodla. 194 l. + (‘An Ceanghall’) 20 l. ‘Críoch. Novembur 30th 1839. Thomas Hegerty. FINIS.’

88 . ‘Rebus 3rd.’ Whoever will my name explore. 20 l. ‘By T Hegerty.’

89 . ‘Diarmaid Mac Seaghain Baoi do Thiagurna Cnuic Caisill .i. Saoirbhreitheadh Mac Cairthe cctt.’ A Shaoirbreitheadh eichtig mo bhron thú. 80¾ v. + (‘An Ceanghall’) 2 v. ‘Crioch.’ (v. 1–2 uimhrithe). Gluais amháin (scriosta) ar an im. seachtrach (lch 91). Lean. (lch 101.16): A leabhar bhig beadh [sic] aimsear ann. 1 r. Fara aist.: Ah! little book the time will come. 1 r. Dhá ghluais (ceann amháin díobh i mBéarla) ar an im. seachtrach). ‘Translated by Thomas Hegerty 1839.’

102 . ‘Marbhine Hamhraighe Bawldin. S. Ó Conuill cct.’ Och mo nuar as truagh mo sgéultha. 124 l. ‘Crioch re Tomas ua hEagarte / 1839.’ An dáta ‘1799’ ar an im. inmheánach ag bun an phíosa (scaoilte ón dá líne dheireanach).

107 . ‘The Melancholy Man’s Meditation / Machtnamh an duine dhoilghiosaig air bfaicsin Manistreach Thioghmolaige.’ (‘S O. Coilean’, scríte faoin teideal). Oidhche dom go doilig dubhach. 80 l. ‘Críoch.’

110.14 . ‘Diarmuid Ó Suilliobhann cct.’ Adamhuim gur peachach me is gach slighe dhaortha. 28 l. ‘Críoch.’

112 . ‘Eachtra Chapuil an Cumion.’ A dhuine no an dith libh na sgeólta. 69 r. (uimhrithe). ‘Críoch.’ Fara aist. ar gach re lch (lch 113): ‘The Story of the Wandering Nag.’ You gentle Swains, attend, a tuneful lay. 280 l. ‘FINIS.’ Línte cliathánacha ar lch 112 (im. seachtrach) agus lch 126 (im. inmheánach agus íocht. maille le gluais amháin ar an im. seachtrach).

134.6 . ‘Plearaca na Ruarcach.’ Pléaráca na Ruarcach, a ccuímhne an uile dhuine. 36 l. (bearna fágtha ar lch 136). ‘Crioch.’ Faoi seo (lch 138.8); ‘Translated by D C[. . . scriosta]’. Fara aist. ar gach re lch (lch 135.6): ‘The Feast of O Rourke.’ O’Rourke’s noble fare, will never be forgot. 44 l. ‘[? Script] / Finis.’ Nóta (i mBéarla) faoi líne sa téacs ar lch 139.7.

138.9 . ‘Seaghan Clarach Mac Domhnaill cctt. Air mbas Cornel Dason 1739.’ Gabhaidh a chlocha fa chogailt, a cceann áit chriaidh. 16 l. ‘Crioch.’

139.9 . ‘Donchadh Caoch Ó Mathghamhna cct.’ Níor bhfiosach sin, a ccríochaibh Eibhir Mhóir. 10 v. (uimhrithe). ‘Críoch.’

141.10 . ‘Ag so mar a deir Cath Cluana an Tairbh do Mhairbadh Brian Bóirbe Mac Cineide.’ Tos. Do bhí se na phabhal ⁊ a shaltair an fhiadhnaise ⁊ a crois shighil na laimh chli, ⁊ é ag cantain a shalm. Críoch. (lch 142.12) Do rug an Chléir a corp go Sord, asin go Damhlaig, asin go Lughmagh ⁊ asin go hArdmacha mar ar hadhlachadh é. ‘Críoch.’ Lean. colafan: ‘I have transcribed the foregoing poems as I found them, and finished the 12th day of Decembur 1839. Ros Carbery. Thomas Hegerty’.

143 . ‘Coonlaoch [sic]. A Poem. The Arguments.’ Tos. In the Reign of Conor Mac Neasa King of Ulster, about the year of the World 3590 Ireland abounded with Heroes of the most shining intrepidity and valour. Críoch. (lch 147.1) thinking that Cuchulain now advanced in years might fall in the conflict.

146.5 . ‘Teacht Connlaoicc go hEirinn.’ Táinig triath an borb laoch. 46 r. (uimhrithe). An mionteideal seo ar lch 165.10: ‘The Lamentation of Cuchulainn over the dead body of his son Connlaoch’. Nótaí cuimsitheacha (i mBéarla, le ceann amháin díobh i nGaeilge) ar na him. íocht. in áiteanna tríd síos. Fara aist. ar gach re lch (lch 147.4): Coonlaoch [sic] the brave & haughty, flushed by fame. Línte cliathánacha ar lch 147 (im. seachtrach) agus lch 149 (im. seachtrach). Lean. (lch 168.5) cur síos (i mBéarla) ar Chlann Uisnigh. Tos. Naoise, Ainle and Ardan were the three sons of Uisneach. Críoch. (lch 175.14) Fergus soon raised a great hurry & accompanied with the queen of Conaught invaded Ulster with intent to dethrone Conor. ‘December 17th [18]39. Thomas Hegerty.’

[176] . ‘An Bas agus an tOthar. Duan.’ ‘Othar’ / Cé suid tháll ag teacht go ttighe me. 563 l. (i bhfoirm véarsaíochta, uimhrithe. Léimeann uimhriú na línte ó ‘110’ go ‘112’ idir lch 210 agus lch 212). ‘Críoch.’ Fara aist. ar gach re lch (lch [177]): ‘Death & the Patient. A Poem.’ ‘Patient’ / What slender form is that, what pale fac’d spright. 564 l. (i bhfoirm véarsaíochta). ‘Finis.’ Líne cliathánach, lch 183[a] (im. inmheánach), dhá líne cealaithe ag bun lgh 191.

222 . ‘The Argument of the Poem of Valour.’ Tos. One day when Patrick was worshipping God in solitude. Críoch. (lch 226.15) none of them went back alive to the lands of Lochlin. Lean. colafan: ‘[S]gríobhtha re Tomás Ó Eigearta a mblian [d]o aois Criost 1839’. Fara leagan Gaeilge ar gach re lch (lch 223): ‘Díonbrollach Laoi na Gaisge’. Neamh-iomlán. Tos. Lá dá raibh Patruig ag adhra Dé san uigneas. Stad. (lch [225].14) do cu[adh]seacht bfichid don Fheinn dá comhrach, agus [do] marbh iad uile ris.

a

227 (cliathánach). Véarsaíocht (an bhileog salaithe agus creimthe, an chéad líne soléite): Is sé thábharfach cabhair is cumhna seasaibh don ramm bhion dealbh [ . . . ]. 4 v. (?)

228.5 (cliathánach). Véarsaíocht. An téacs doléite de dheasca é a bheith salaithe agus creimthe. Stiall páipéir greamaithe leis an mbileog (im. inmheánach).

© Catalogue record by Liam Ó Riain 2022