ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 73r18] .

Tadg ón cháinte .cc.
Úadha féin do fhás íosa. an tí dána gnáth na grása
fúaire cháigh fa ainm íosa. gairm íosa as cóir fan ccássa
Do grás cleasroid an coimdhe. an bláth sin as teachd an talman
do ghrás dé dion a fhoghladh. síol róghlan é gan ádhbur
Da gras an sneachda ag snighe. dul agus teachd na thuile
líonmur da reic rér uile. gníomhradh oile mheic muire

[f. 73v] .

Fás na ndeas is na ninber. bláth na ndreas is na ndairgedh
do grás an tí fuair foígredh. ó ghoibhnedh chrúaidh trí ttairngedh
Tarr léd grásoibh um chli um chroidhe. a rí ór fhás an uile
da madh fiú dheit inn daire. thaire rinn a mheic muire
Nam tréigsi do truaill chiontaigh. a einmic fúair an ochdghoin
gan mo bhac a dhé a ndeacraibh. na beantar lat é as molcaibh
Nach gúais dóigh agra a hfine. úair thagra na ccóig ccruidhe
nírbh é a tráth deit a dhuine. sgáth guidhe a meic ar mhuire
Dul do cheilt díomdha a dhaoíne. ní thíobra ar bhreith ar mbúaidhe
cúis eagla é da hógha. freagra chóra dé úaine
Go teachd ar na tri bearaib. ní bhí re ndeachdadh ndlighidh
dáor do chóidh sé da soighin. oighidh dé a ccóir a chinidh
An tí rompa gur réidhigh. nír cronaidh cíogh an álaidh
dul tar toil ndé níor dheónaigh. gur threoraigh sé fuil ádhaimh
Deagla sháortha nír sheachain. bera na bfáobhar bfhrithir
an chli do fhás bur nothar. rothol grás do bí a hitir
Ar bhfíordhía léar hairgedh ifreann. .b. glór aithgerr é gan fhoircheann .b.
mo grían mo ré óir maifreann. .a. mo rítríath cairdec coimhtheann .a.
Rí ar nár díoghbadh cnedh croidhe. rí dar theach míonbhru muire
ga rí do bfearr trí tighe. rí nimhe as ceann na cruinne
Día iodhan mathair dhála. mo spiorat arsuidh áonda
iúl na dheóigh dhúin do dhéanta. réulta eóil na ndúil ndáonna
Ríleanabh darbh éigin úmhla. fírcheard déinmhe gach ndealbhdha
rí dár dhaoíre a cclí ar ccomdha. ri tromda naoídhe neamhdha
Áonmac ionmhuin na hóighe. sáorslat don fhíodhbhaidh fhíre

[f. 74r] .

rí is uille agas féile. rí gréine is tuinne is tíre
Rítríath is gile dhíorgha. ar bfírdhía nimhe náomhdha
rí ag nach bí achd iris óghdha. rí glórdha milis máordha
Líaigh ar ccnedh athaidh oile. ar nathair ar bfhear fine
fear ar sáortha ón lía loighe. duine as día naomtha nimhe
Leanb sáorghlan na sé líne. nar treithadh déis na húaidhe
go bfagha síodh dé a dhuine. s go ttuire ar ngniom é úaidhe

//UADHA//