ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 72r13] .

Naoí roinn do rinneas do triúr. agus a roinn trían um trían
bíaidh a ttós don athair uam. nós dana dúal rathoil ríamh
A athair a rí na ríogh. ní deachaidh an gniom dot gháol
gurab tú as sgíath díona dhún. s gan rún díola tfíach ag áon
An crann idir bhois as bhonn. rér snádmadh do corp dar ccionn
na rachuir a cceill an crann. do chlann féin a athair ionn
Leis an macsa na roinnsi róm. gomad soillsi dhamh na dhún
ma tá fala ag crann an chíogh. bríogh na rann da chara ar ccúl
Mas é mac ar seathar sin. ag teachd tar a glaic do ghuin
dóigh nac é díoghail adeir. go níobhaigh fleidh as mé amuigh
Tigedh áonmac dé dár ndíon. san áonach so na sé sluagh
a fine mar soin badh sáor. slighe [rubbed] ga gháol ní fhoil úadh

[f. 72v] .

Tarr a spiorad náomh go núadh. am tháobh a ccionntaibh an chló
os do cheird ríogh cur a chlú. mur dhíol na chrú do dhol dó
Tarr eadrom as [pudur phían transp.]. trá ann gach tealaigh a ngéubh
gabh thionad am clí go cáol. a spiorad naom bí rem béul
Mo lámh a cceanaibh mo chnedh. um dheaghaidh ó táid go tiugh
in gach ionad na dáor damh. gabh a spiorad naom aniudh
Do mhuire mathair an rí. ar a grásaib ní deachaidh dlaoí
an deachmuidh rann madh lór lé. as barr é nach mór don mhnaoí

//NAOÍ//