ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 71v9] .

Éisd réam fhuighlibh a athair. cuir sinn tar seól mearachaidh
sul leanus shé an chalann chuil. go mbé an tanam ar thionchaibh
A athair in mheic mhúirnigh. iarruim ort an athchuingidh
mur teagh a nanáir thoíghre. neamh dfhaghail dar nanmuinné
A athair criosd cumhdaigh me. as do laimh na leig sinne
sa mheic do chúaidh tar ar cceann. do gleic a núaidh s a nifreann
Na leig sinn tar an sligidh. libhsi as éidir mfóiridhin
da nagra cóir nar ccoinne. thagra ní fhoil agoinnne
Creidim ionnta gan easbaidh. an triúr atá a neanpersain
is creidim dhóibh mur dleaghair. creidim gur cóir creideamhain
Gach pearsa ar leith na dhía dhioph. as na rí ard os gac éinríogh
triúr as lía iúl as aithne. s an triúr na ndia ndersgnaighthe
As seindhia an tathair neamhdha. s an mac dfíodhbaidh fhíneamhna
mor [ndídion exp.] nionad ga fertaibh so. san spiorad neartmur náomhtha
IOnann íad daoís as dfhóghluim. triúr fhóirios gach aondograing
ionann iúl dóibh aderair. an triúr dar chóir creideamhain

[f. 72r] .

Ni mé do toill teachd ón tigh. ó ttucsat inn ar éigin
achd fearta an té do treoraigh. mé on eachdra naineólaigh
Créd as tús nar deiredh daibh. ní heidir a fhios dfhagháil
gíodh iad féin a bfreamha soin. sgéla go leir da leantair
Sé féin as fréamh don athair. s don mac ríogh gan freimhfhachain
don spiorad náomh íad ar áon. is íad ar áon na ríoghnáomh
Ag so amháin maithius an chuirp [no chirt above]. trí pearsain aoíndhia oirrdeirc
an tí le ttuillter gac teisd. rí ó sloinnter gach saoíthcheisd
Aigill a ógh thoígre féin. dom bhreithsi don brugh shoilléir
as an mbruighin a mbí an bheisd. guidhigh an rí agus ro éisd
Guidh a siomóin ar mo son. ísligh fearg oigre an athor
bí roinn re haghaidh mfeithimh. tabhair óigh dom foirithín

//EISD//