ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 70r17] .

Éisd rem fhaoísidin íosa. ré naiream is áibhsec lióm
mo peacaid a ccionn a chéile. deacair fa a cceann réidhe rióm
O aoís leinim ag lot manma. nir anus fós fada an rúaig
tug dot óigh méad mo docrachd. gion gur chóir me dfurtochd úaid
Féch oram a athair grádhuigh. gabh mfaoisidin go mór mion
a mic dé as deacrach mo leigheas. peacach mé cheileas a chion
Na seachd bpeacadh cona a ffreamha. peacach diom go nderna síad
tríd nach bfhuighinn grás dot ghuidhe. cuirim a ccás uile íad

[f. 70v] .

Na hochd gcoirthe mur an ccéadna. gé do char sinn sáobh an breath
grádh an da [ceatraair canc.] ceathrair um croidhe. do bheanfadh clár nime ar [no do above] neach
Na deich naithnedha as edh bhrisim. brisedh saoíre as é mo mhían
gidh bé ní nach ní dom anam. as é do ní an chalann chríadh
Deachmuidh meallaidh agus marbha. giodh olc dhíliom a dhé bhí
lugha an deachmha cnú don crobhuing. s go leanfa tú oruinn í
Fuil do bhall agus do bruinne. ní bhím lá nach lúaidhinn sinn
a fhir do tuit agus téarna. do luit sin gach eanla inn
Bim ag ithiomrádh mfir cumainn. ream comharsin ní ciuin bhím
díol id diomdha gion go ndeárnadh. iomdha gniom neamhglan do ním
Brisim aoínte a naimsir troisge. treigim tratha ar comol ccorm
ge beag mo lón lá na tagra. mór atá ré a agra orm
Dom anam as ádhbur tuirrsi. atá agaib madh áil libh
moladh bréige a dhé re a dhíoghuilt. s ní hé féige ar síoruilc sin
Cuid eile dom faoisidin bheathadh. bél craibhtheach as croidhe díosg
búdh aitreach liom lá na coinne. ata a ccionn a cloinne ag críosd
A ndóigh do trocaire a trionóid. do thochd oram olc an ciall
níor sguirios a dhé dom dóighniom. s níor chuirios é a roibríogh ríamh
Níor iarrus mfaoísidin oruibh. deisdiochd uaim tar eis gac uilc
a ghin sochair na sé ndíne. gur mothaigh mé críne an chuirp
Ciontuigim dhuit éinmhic íosa. agas don óigh ór fhas sibh
um cionntuibh a chinn an bheatha. na  cionntuigh sinn seacha sin
Absalóid a athair neamhdha. is neamh ré a chois cuingim ort
do lamh ósa mo chionn da ccuire. badh slán sinn on uile olc
Atá agam déis mo chionnta. codhladh fíadha fochain ghuil
ata a shliochd monuar ar manam. súan ar hiochd a chalann chuil

[f. 71r] .

Tugus an coisgceimsi cugad. giod cóir mobadh na hob sinn
cuimhnigh ar a ghaol ó fhuil ádhaim. cuir do tháobh an álaidh inn
Cuimhnigh an comhaltus bunaidh. sa braithreas dam a dhé bhí
ó sin dod réir gion go rabha. is siph féin dar ccara a cclí
Tú fein do cum as do cruthaidh. s do ceannaigh mé mairg nac ttuig
na diúlt mé gidh cread mo cheana. a dhé is méad mo dheala duit
Togláoch dúthchusa ní dhlighe. do dhiúltadh a rí na ríogh
ré neamh adearam ar ndúthaigh. na bean mferonn dúthaigh dhíom
Do neamh ar tús tainic meisi. a measg breighe an bheatha cé
dlighim súil ré naombrugh nimhe. ní gáolmur dhúin slighe achd sé
Beir leat sinn sa slighe cheadna. a ccuinne cháich gé cuin thi[o exp]s
dom anmuin gomadh léim luighe. céim san ádhbuidh roime arís
Anois aithnim an tiúl direc. deanam síth a dhé bhus dleachd
ma rugus céim tarsna thoraibh. s nár léir dhámhsa an chonair cert
Do bhí mé nír maith an creideamh. cuid dom fhaoísidin as edh é
gus anochd ag cleith [ceilth transp.] mo cheana. tochd ad leith gur mheula me
Mathair íosa gona hóghaibh. dom anacal ar fheirg ndé
fearg ré a brathair na bíodh uirre. mathair ríogh na cruinne ce
Míchel aingiol gona ainglibh. mfaoísidin go néisde síad
mac dé go ccuire dár ccabhair. nár chuire mé am aghaidh íad
Steapán mairtír gona mhuinntir. maith do chaithfinn cur re ndíol
nír dligh mé a mhartra do dermad. dalta dé go ndernad dhíom
Go raibh liom do leigheas manma. impidhe an dá easbal déag
da ttuiginn as trath dá nguidhe. s go ccluinim các uile ag éag
Lá na breithe go mbeid liomsa. lúcas, marcus, matha, is eóin

[f. 71v] .

úaimsi gémadh ór an almsa. as úaisle a lógh damhsa um dheóigh
Naoim as bannaoma an beatha. beith da muinnter mór bhus fiú
go ttugaid linn a lá bádha. mur tá sinn da rádha riú
Coraide damh dul ad cumann. a croch íosa ainic mé
nach raibhe liom loisi thfhéirge. a mhionn croisi deirge dé
Eisdidh re moladh mhic Alproinn. earlamh as oirrdearc teisd
ní féd cách tuireamh a theasta. ní chuiriobh fáth ceasta a cceisd

//EIST//