ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 69r21] .

Maithim durra dána achd día. caithfead cuma ar ndána dhó
as lór liom mur dhíol ó dhía. ní bhía an cíodh um cionn nan cló
Go ndeach go rí nimhe anonn. go ttí an cridhe ar mo cheann

[f. 69v] .

gomad í críoch ceangal riom. ní frioth liom urradh badh fearr
Búdh í as buighion damh lér ndán. da mac ní muirer mo ríar
bertar leam go madh é miúl. mo triúr a cceann an té as tríar
Dom bhuighin go ríg na rann. an ghoinsin do bhí na bonn
beid sin ar an uair as fearr. uaim na cheann sa troigh do tholl
Maith an bhuighean dana duinn. na lámha an troightech san táobh
triall na ndiaigh oram san iúl. bíaidh mo triúr romam san ráon
Eisdigh mo dhán a dhé bhí. ar chách da ndéine gach draoí
a ttigh chuiridh ní cás mé. grás dé ar mo bhuighin [do above] baoí
An crann do cuiredh na chíogh. san crutsin a ttarla an táobh
ó síad nar cuiredh ar ccúl. badh buighean dhún íad ar áon
Reacaire lean dolta dhuinn. crú an croidhe as reacaire róin
cuid dom bhuighin cnedh an chígh. bean trír agus muirir mhóir
Misi ollam dé ré dán. mhé da moladh mur as dúal
dóigh nár bfolair dollam ríogh. síodh dfhaghail go hollam úadh
Do luchd dhéanta an mholta móir. leis nac moltar creuchd an chíogh
beag a thoradh ó dhía dháibh. a moladh cháigh ní bhía bríogh
On té da ndernamair dán. an deaghmac sin dé na ndúl
bíaidh an lásoin na sé slúagh. a lúagh do grasoibh dé dhún
Dúas mo dhána ní dúas mhion. an dúais le ttainic mo cion [no thol above]
críoch mo dha[l on eras.]a dol asteagh. neamh ar son mo dhána dhamh
Ní ba ní hairgiod ni hór. badh tairge damh ar mo dhán
gidhedh ní fulair mo dhíol. neamh do shíor dfaghail dob ál
Do loc topach chóra an croinn. a mholad as mó do thuill

[f. 70r] .

ón da cion go madh sáor sinn. an táobh tinn as bior an bhuinn
Mo dhán molta a dhé na ndul. ní foghtar é gan a lúagh
mo dhán na diultar do dhíol. dan ríogh do dhiultadh ní dúal
Cion mór ar moladh ó bhías. dfior an molt badh mó a ghúas
goin an croidhe cía ar bádh cás. as lía [grás above] an toighe thúas
Labair uaim ré día na ndúl. [ní hed exp.] fagh go luath ó dhía mo dhíon
dóigh nach eadh dob ál a ógh. do fledh dól gan dán do díol
Más ag agra a fhola atá. a mhuire da ttagra tú
da mbeantar neamh diom lé día. cía dar fhear an chíogh a chrú
Am fer dána ag día na ndúl. ní hedh atam riam fa ríor
más diol lé día a níoc a lámh. bíoth mo dhán ag día na dhíol
Ar fhear an croidhe da chrú. da mbeith gan luighe fan lía
mór ré a radha an chíogh san cló. mó na díol a dhána ar dhía
Mairfidh go bráth ar a breith. a gras ní caithfe as nír chaith
na trí chló sa chur fa chloich. dol a croich as mó do mhaith

//MAITHIM//