ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 68r15] .

Pilib bochd .cc.
[interlinear:] NI he achd domhnall mhac daire mheic bruaidedha
Geall ré maoínibh moladh dé. mas ar mhaoínibh moltar rí
faicsi dhamh derloicthi dé. cradh an té as neamdoichde um ní
An úaisle ar ttreigean ó atá. ream dhúanuibh breige ni bhiú
go ttí leam luidhe do dhía. nach beam ní sía ag ruighe riú
O théid an bhreag choídhche ar ccúl. do ghéan doígre na se slúagh
moladh fíre bhus ferr [leam exp.] díol. badh ríghe tshíor leam a lúagh
Da ccumtar dhó díograis rann. díolfaidh san ccuma as lór liom
ream dhíol ga háonurra as ferr. ceann na ríogh sáoghulla sionn
Molfa mé ní meanma tsháobh. deaghmac ochda dé na ndúl
rí ar a ndeaghdhoirtfeadh mo dhán. lámh a mbí a nderloicfedh dhún

[f. 68v] .

Da mhéd mholfad mac in ríogh. leath a mholta ní hé as eól
ón tí da ndingion [eras.] mo dhán. ní filliobh rádh da mbí um beól
Más daonnachd dealbhthar san dán. más dealbh más láochdhachd más lúdh
do nós gach mic roimir ríogh. reic a ghníomh ní doiligh dún
A thionnlaicthi lúatha a láimh. as úaisle as ionmholt dhúin
ní cuirthi a dhealbh caom a ccéill. an sáor féin do dealbh gach dúil
Ní bhí búaidh ccéadfaidh nó ccruidh. ar éinneach nach úaidh do gheibh
dán na súadh as é do dhligh. lúadh mur sin gidh bé do bheir
Leis na seóidsi dháilter dhuinn. leis ar dáiledh deólus uainn
oígre dé cheanncus ón chléir. s as é féin dhealbhus an dúain
Ní iarrfa mé ar aoínfer íad. maoine dé ar nach díamair fád
ní ffuil rí da réidhe um shéad. nach cead féile an tí ga ttád
Dár cceadchuma as é fa saoí. déis gach éanurra as é as rí
ní thainic achd a ndíaigh dé. atá sé bíaidh is do bhí
Leanb rígh ona soibheite sáor. rígh ar doicheilte derbh sgél
fer fuilngios lochda dhá lán. lamh chorcra thuirrnios gach trén
Do dhealbh sé réultonna as reó. thall dar ccéadaittreibh fé fía
tainic san cruine a cclí mhná. rí ata na dhuine sna dhía
Mar gheinid craobha sa ccnúas. do gheinsion ga náomhtha nós
síol túair as tioghtharoidh grás. fúair bás as biothmharaidh fós
Ní gliocus rígh rug [eras.] a bhúaidh. ní dith cumais ní cion slóigh
ní fhúair bás achd da breith féin. dár mbeith réidh dfás ón óigh
Do féd imtheachd déis a braith. réidh tre innteachd dfhed a bheith
térna an rí ar na chur fan ccloich. dul ón ccroich do bhí ar a breith
Maith an úain úaisle do iarr. glas na huamha an úair do león

[f. 69r] .

geill na cásg ní creacha ar síodh. tásg ríogh an beata ann gach beól
Agra cheirt tar ceann a thláis. do gheall dar bfís fachain sgís
deaghthóir a ghoine achd go nglúais. ni neamhchóir guais roimhe arís
Guais an fhuil lear haincedh sinn. gúais an tairrnge san troigh dhonn
gúais a cros nar chláon a cheann. an bhos tsheang san thaobh do tholl
Gúais an doinnshledh ruithnec rúadh. do foigredh a bfuil an ríogh
s go fiú téd leabhraighthe a lámh. nar slán geag dealraighthe dhíob
Teilgfidh sé na sléibhti a bfán. ar a fheirg ní heidir díon
maircc do ní a neimhreir monúar. sdúagh mur geilgréin rí na ríogh
Measfaidh sé déinbreith na slúaigh. léighfedh sé aignedh gach aoín
rígh ar nach bfuil foilcheas rúin. dob oircheas dúin feaghadh faoín
Nír féd sin ar bfeachadh faoí. mé a ccarcair gur chuir an rí
crúaidh ar bfhás ní máothghas mé. láochbhas mo dhé an sás rom sní
Ga brígh é a ccruadhglas dom chur. feadaidh mhfúasgladh más í a thol
an rí rom threoraigh asteagh. mo chean ní do dheonaigh dhamh
Mo chion cogadh mo cion síodh. thogras flaith seasmac na slúagh
mo chion gach anair bhus áil. mo cion grádh dfagháil úadh
Measca gríanda nach gabh dlaoí. mo dhía athair mo mac dé
éan naomhcholaim naomtha an rí. tri sáorcna a háoncrobhuing é

//GEALL RE//