ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 67v] .

Líaigh mo chabharth an croch náomh. da ttí mfurtachd a héintaobh
cabhair na díaigh as deimhin. líaigh o bfaghair fóirithin
Ní faghtar einlíaigh oile. fhóirfeas mé achd a míorbhoile
don chróich naoimh do badh nár linn. slán da taoíbh muna thísinn
An croch náomh gur fhóir óirne. nír fhéad cách ar ccobhairne
sgaoilidh a chíaigh dom chroidhe. líaigh gac aoínfhir dionguire
Líaigh sáorghlan nach sirionn luibh. líaigh cabras cás gach othair
na díaigh badh fearr mo ghalur. líaigh ón[a late exp.] fearr ar ffáothug[adh late]
Fóiridh o mo chuairt ina [c exp.]ceann. ar ndul dfhisigibh éireann
an croch naomh mo nimh uile. ag sein táobh da trócuire
Gearr braithim doilgheas na díaigh. an croch náomh as í méin líaigh
líaigh mo cneidhe do chabhair. gan líaigh eile a hionnamhail
Leigheas croinn na croichthe náoimh. dar [leighius exp.] leam ní leighius diomaoín
ar an gcrannsa derbhtar dhúin. nár ceannchadh damhsa doctúir
Do leighis [géar on erasure] deacair dhi. mur nár leighis líaigh eili
ar ghein ó éubha ar nolc. mar sein do gheana ar ngúasachd
Líaigh í dárbh ionntuctha tol. an croch naom ní nárbh ióngnadh
ar a mbiorbhuile bíaidh blas. líaigh as fíorghloine fúarus
Ní luibh chiníl na cuisle. déis ar fhéuch dar nothruisne
do fhéd boing eachtra as maltuibh. achd ferta an croinn cumachduigh
Gearr an uain lér fhoillsigh me. do grásuibh croinn na croichthe
ar maghuidh go saltair sinn. cabhuir gum altuib aithnim
Ar gach aoínlíaigh beireadh breis. an croch náomh líaigh mo leigheis
tug anois sinn ar siubhal. nach tinn lem chois céimniugadh
An chroch náom bile na mbúadh. crann díona na sé sáorslúagh

[f. 68r] .

fiodhbhuidh grás nach gann toraidh. crann nar fhás a hionnamhail
Foiridh an croch naomh mo [nimh on erasure]. luibh leighis í ar ar néigin
as cóir lúach ar an luibhsi. lúath do fhóir ar notraisne
Crann ás lía duille ar domhan. croch dar fhás gac éan toradh
crann do fhóir an uile fear. ní duine cóir nach creidfedh
Crann ar mbeanta dar mbíodhbadh. crann as úaisle déinfhíodhbadh
crann ar [saoírine exp.] saoroidhne assé soin. dáonoigre dé gé deacoir
Téid a ccrann na croichthe náoimh. dar mbreith ar eolus déantaoíbh
fedh dírighthi ar nuilc tar ais. fear fírfeithme phort pharrthais
O chrandaibh cnúais an domhain. déis measta gach morthoraidh
don ghlancrois bearair barr. dfheadhaibh parrthais an priomhcrann
Géar lán reimpe mo róinim. nír chás uirre mfhóiridhin
tinneas ní dáidh na díaigh. do rinneas dáil ré deighliaigh

//LIAIGH//