ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 66r20] .

Speuclair na cruinne an croch náomh. crann súaithnidh na sleas ndonncaomh
séula an croinnsi na ccóig ccnedh. róid is soillsi re silledh
Croch íosa mionn cábra cáigh. mór ngné as a ngoirter speucláiR
don órchúanna thiorghlan thais. dfíodhbadh phórchúanna parrthais
Sliochd a mheadh an úair féuchtair. páis dé as aisde uirléaghthaiR
an rí as cinnte dar coimdhe. innte do chí ar ccobhairne

[f. 66v] .

Da táobh táinic an tshoillsi. do sgaoíl dóirche an domhainsi
ní spéucláir ar nach cóir cion. do bháith céadcóir an choimdhiodh
Cóir speacláir do rádha ría. naomhcroch chéasda mic maría
crann na slios ccomcorca ccáidh. ar slios ndorcochda an domhnáin
Mór ccioth do cuiredh impe. dfhíonfhuil dé dáil aídhmillte
do chéadtraigh folta gach fir. an spéuclair corcra croinnsin
Aoíne chásg ría do righedh. corp críosd díochra an tainndlighedh
croch ghúaisbheirthe caphra cáigh. damhna húaisleighthi dfhaghail
Ata sisi ó soin a leith. na cairt tshídhe na crois choimhde
ré slios gheagchláir caoímh chobhsaidh. na speacláir tshaoír tsholusghlain
IOmda ráon gúasachd gon. lorg gon [no cnedh above] agus áit áladh
tré chlár geal séanta sleasa. na speacla fer nainbhfeasa
Si[l exp.]ledh creuchd a cuirp chorcra. cúis trúaighe túar furtachda
dáil chábra athair dfheithiom. fachain anma dfhóirithion
Sompla ar siodh séula an grádha. fáth tuirrsi túar lúthghára
an mionn croinn geigleabhair gloin. do chloinn eadtreabhuidh Ádhoim
Cúis luthghára a ttáinic tríd. fáth tuirrsi an tráth do címíd
an slios corpghonta an chíogh dhonn. do brígh fortochda ar nanmonn
Maircc nach sill sleasa a beóghon. mairg croidhe nach ccuimhneoghadh
iúl díadha doinnleupta a chnedh. píana coimhdheacra an coimdhedh
Cnedha a thaoíbh trúagh an sompla. lorg bear a bhonn mbeoghonta
an dá creuchdláimh an chlí gheal. speacláir don tí do chífedh
A ttuigsin duinn día do cheill. an fáth fár fhulaing íaidséin
fedh sleuchdona dhín do dhligh. créuchdghona rígh an ríchigh
Da ttugtha a hinnioll dot aoíd. a fhir do chím an croch fhíornaoímh
sleuchduin ní bádh díolaimh dhuit. don iomháidh euchdaigh orrdruic

[f. 67r] .

Na sompla cabhartha cáigh. tuig ar tús mur tá an iomáigh
féuch an tarbha a ndeachaidh dhaoíbh. a mbeathaidh tanma a macaoímh
Fáth a cheangail is an ccrann. oighir dé díadha an fulang
fáidh gach aoínfer dár fhoillsigh. sgaoíledh cháigh san cheangailsin
Cíall a dhá lámh do leathadh. úan dé dalta ar ndeirbhsheathar
ro gráidh ar na fholair air. do ghabháil caigh san crannsain
Mar fairsinge da áos gráidh. fuilngis cumhgac cúis tocráidh
idir glaisrinn na ndealg ndonn. an leanb dfairsing oram
Fáth cláonta a chinn san croichsi. dumlachd duinn dál attuirrsi
.b. mar tshlighthibh dar ttochd asteagh. tre cridhthibh corcra an choimdhedh
Fáth fa ttug trúagh an cosgar. doirrsi a cneadh re a ccomhfhosgladh
.a. rí do bhi a ccumga dar ccionn. do bí an umla gan fhuighioll
Fáth fa ttug dfhurtochd cruinn. crann chéasda an óig abramhuill
dul na rann go rainic linn. ré crann tainic a tuitim
Báitter ann dfuil a croidhe. croch dé crann ar ccábhroinne
crann corcra slánaighthe ar sean. folta cánáithne an choimhdedh
Crann do lubgort puirt parrthais. mionn croiche clair leabhair thais
crann soillsi na sé ccinedh. ré an croinnsi ní caithfidhear
Cros coimhdhe chloinne hádhaimh. luibh chabhra creuchd bfíorghábhaidh
crann do thomhuis mac muire. slat thomhais na trocaire
Spéacláir cáidh [an croinn exp.] eancrann ós fhiodh. trithe connairc día ar ndídion
déis ar ccabharta tar chóir. tabhartha spéis nar speaclóir //SP//
Peador comharba an coimdedh. bíodh leam an seang séaghainngheal
fa creachdcháir na ccroidhe tholl. speacláir oile na nanmann
A nóisdin do sgriobhus [do Caiptin Samurle partly rubbed] //SPÉACLÁIR//
in .14. Iuniuari 1631