ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 63v11] .

Mochd roinn molta do mhuire. maith an fhíodhbadh ór fhás síad
an choill dom chobhair ón cruinne. fa croinn to[altered from a]raidh uile íad
Dfuighlibh aingiol fuair a toirrcheas. innsamhail grás do ghabh sí
féch an bféd mar sin ar séana. gég do chin ó eubha í
Cráobh thoraidh do tairrngir fáidhe. folt máothchas nach mine sról
mur chubhair cúain bhís a bráighe. grúaidh mur grís nach aille an tór
Níor thomhuis muire an mhedh comtrom. ar ccunnradh do ceangladh lé
a dhá chích corra sa gealghlac. orra síth do deaghmac dé
Fala [m exp.] criost da chur a moille. le mnaoí dheidghil na nderc mall
a colpa réidh sa troigh thana. da toil ní léir fala ann
Dá mbeire breath nac bía comtrom. ceilt a heinigh ní fhéd sí
cuirter na leit cách do chobhair. gé bheith an táth domain dí
Da ttugadh an [táth exp.] bás aghaidh oruinn. ní héidir duinn dul ón rúaig
giodh bé teagh a ttéid an chalann. a bhean na léig manam úaid
Oigre dé ar ttreigean fhola. do ullmaidh síth na sé cclann
dligidh sé a chinedh do choimhdhe. na siredh sé oirne am

//MOCHD ROINN//