ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 62v] .

áod mac con connachd í rúanadha .cc.
Dleagar muinnter ag máthair dhé. bú muinnter mhóR
dul dha deaghbrugh don dúain do dhíol. uaisle ina ór
Do bhean sí don creideamh ceó. creiter da crú
lia sa cách muinnter na mná. cluinter a clú
Ríoghan tháobhgheal fholt glan mur ór. as cochlach cáom
ní fhéd éinbhean a clú do chló. brú seimhgheal sháor
Fear aráon as oighir dár síair. [ar exp.] ar ceiledh cóiR
ní fhoghnann di achd fer cuirigh cáich. bean muirir mhóiR
Ní fuilair duinn a leatrom linn. an dearcmhall dhonn
cruitneachd í gan chogal na ceann. tobar tri ttonn
Turchurtha grás mur thuile a ttír. muire as dár mnáibh
ní bheanfa sé mordháil don óigh. cú chumhdaigh cháidh
Bile díona dot shealbh an óigh. go nderna ar ndíon
do gabhadh rer síair dalta duinn. lér glanta ar ngníom
Ar mbreith da mhúr meanma na mná. ní dermad dhó
bean nar cróm ar dhuine achd día. muine cróm cnó
Bel tana derg nách millsi mil. ca treimsi damh
mac tre shanas gaibríal do ghabh. banfháidh na mban
Lá fíor mheallta gach duine dhíobh. da ccluine an chóiR
beag an choibhche sinn dár síair. linn mhaíghre mhóiR
A athair nách leigionn asteach. mo long ar locH
derbhtar a bhúadha aga bhrath. derbaidh cRúadh cloch
As í ar mbuime mathair criost. do gnathaigh grásd
samhuil níamh a hochda ré hesg. grían chorcra chásg
Mar sin fúarus ón athair é. glantar a gnaoí
baramhail do mac ochda é. slat corcra a ccnaoí

[f. 63r] .

An úair rachus na slúaigh astigh. uaimsi na fan
fagh a cholann chneasbhán ót fhior. do dheaslam dam
Do dhearbhasdair. dhi deightheisd tar chách. leigeas ar lúach
do chuir do bhuime a clú ós cách. stú buinne ós brúach
Do gabh sé re muire mur mhnaoí. sgan luidhe lé
díamhair rúin ni dheachaidh dhí. eochair dhúin dé
Ingean anna ríghbhean don fhréimh. lear deargadh dhúin
ata ar neamh bean do réidhighe rinn. dreimire an dúin
As fada liom an óghsa úaim. rear hoiledh miúil
do haithlíonadh ar neamh na nell. bean an té striúir
Ata astigh ar ttoghadh a huird. cara dár cceird
ríoghan an duin airdbhládhuigh aird. deallradaigh dhéirg
Mac as athair dhi an fear fuair. slat mhuine mhoir
do rinnsed iúl tre dhoininn dhúinn. triur dfhoirinn mhóir
A nderna sé ní seachna dhuinn. creach do bí a cóir
dob athair do mhuire an fer fúair. slat mhuine mhóir
Gég chúmhra tri ttoradh súd. moltar a méd
trí slata óir a háonbhun íad. a mháthair sa ghég
Do cuir an óghsa do fhóir sinn. a cóir fa chuing
bile nach leigfedh a bharr do boing. an crann os coill
Toirrchius tarla dár síair mur sin. ar ttriall ó thoil
faghail a mhic a gceill nír chuir. mur gréin tré ghloin
Fiú an óghsa darb éided gnaoí. go léigfedh lé
mo breith asteach ní dána dhí. bean dála dé
Ainm don mhuirisi is mó dona mnáibh. ógh os gach óigh
míngrúaidh gheal gon ghéiggil mur gréin. slat éigin óir
Troightec máothbhán is mala tsheang. as cara do cum

[f. 63v] .

buime na mbochd rér suirgec sinn. folt druimnec dunn
Bean nach éisdfe re guidhe a gaoíl. as tuile gan tráigh
slat thaoíbhgheal dar suidheadh an chóir. maighdhean dár mnáibh
Do mhaith sé sní hineach dhamh. an troightheach toll
sé bheireas ó gach oilbheim inn. bas coimhréid chorr
Sibh an ógh rer deargaidhedh dhúin. seimhgeal a snúadh
ríoghan dar mnáibh an tséimhgeal ghlac. saor slat gan ghúal
Ni leigfe an óghsa misi amoigh. sa treisi astoigh
a dhé gan me da súr ó thoil. dún dé do dhligh

//DLEAGHTHAR//