ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 62r] .

Éascca ar nglanadh grás muire. a ttrath tagra dá fine
lúaithe na fás na fleidhe. bleidhe grás úaithe ar ibhe
Sreabh glan do fhás a hóighe. bean cháich do chur lé chéile
sáorfaidh do thoil dé na daoíne. ré naoídhe mur ghoil gréine
Caoínbhean ór ghein an úmhla. ré dhídin na bfer bfhóghla
díon cháich sda táobh thárla. cráobh ábhla ar cclár ccomdha
Bean dhídin cean a cinidh. a ndhídean rug do roghain
stiúir gráidh reana gáol gabhaidh. craobh tharaidh cáigh da ccabhaiR
Ni fríth meadh dfhíonfhuil eile. bean lé dídean gach duine
cía an bhean do bhí mar muire. bean toighe í don uile
Buimi ar ríogh an craobh chábhra. lear cuiredh dlaoí ar a dhiomdha
blath duille ór fhás an umhla. úbhla gras uirre as iomda
Síol éabha a néintigh ísil. go heirge an easga núasain
maithfidh cóir glac da grásaíbh. fásaidh mac ón óigh úasail
Cnú croidhe cháich as gáolmur. ór fhás a teitne órghlan
bean nách beag méd a míorbhal. séd bríoghmur na leag lóghmhar
IÚl nimhe dhuinn do dhírigh. ca siúr re fine as faoíligh
ráon na deóigh do réidhigh. cóir déinimh eóil don aoídhigh
Do dhírigh cách ar chreidiom. gras leis an ríghsin rugadh
do choisg sé cách da ccogadh. cogar dé an trath fa ttugadh
Slat réidh gan báoghal mbeime. bean lér sáoradh sé líne
báithfidh sreabh fhíorghlan óighe. fíorgal coire cnedh ccíghe
Tamhan óighe nach áosda. dar maithedh coir a chéasda
sí ag guidhe dé go ttrásda. grásda muire sí ar néascca

//EUSCCA//