ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 61r13] .

Clú nach ccaiter clú muire. clú ris nach cneasta righe
clú as mó ina clú na cruinne. clú muire as só sas sine
INgean anna an ógh fhaoíltech. do ceapadh a ccló chrábhaidh
a clú do cho[altered from u]ra sda ríaghail. cú fíadhaigh fhola hádhaimh
Fúarus teisd na teisd fholaigh. an teisd gach tír nar shiubhail
géis gheal nach dóigh deighfhir. bean leinib na hóigh iodhain
Bean dar bfer dála an dúilimh. bean ar mbairce do sheóladh
nír chuir sí ar síodh a sínedh. ríghbhean í re díol ndeóradh
Bean na cciabh bfada bfionnchas. tríath na ttríath aice a bfoilcheas.
cóir ar sean así cheilfeas. seingchneas geal na ttrí ttoirrcheas
Muire an deór fhíorghlan aille. rear sgaoíledh ceó don cruinne
fóirfe sí cás a cloinne. moille grás ní fhuil uirre

[f. 61v] .

Luibh dhíona na sé seanshlúagh. dom fréimh dhíona ní hurlámh
do gheabh re dhíon a deibhlen. bean seingmher as ccíogh ccorrbhán
Bean na rosg mallghlas málla. maighdean nac mol ar néara
ar ccnú croidhe ar ccor síodha. tor díona fola héubha
Bean le rugad rí nimhe. bhíos go hullamh fár neire
bean do fhóir ar an uile. muire ní meadh dóigh eile
Bean leasa dhúin do déanamh. cara chúirte gach aoínfhir
cuirter lé a fhíoch fá fhíagail. íadhuigh síoth dé lé daoínibh
Bél ciúin ré déanamh deaghrúin. súd nár éusgaidh na hiomrádh
corp sáor gan óigh ar ainméin. craobh ghlainréidh na hóigh iomláin
Ógh mhín dúaislibh na healbha. as í as úaisle sas ullmha
síon na ngrás da táobh tarla. craobh ábhla ór fhás an úmhla
Muire réulta eóil ádhaim. a tréd na deóigh do dhírigh
rug dhá tri astteagh do shlúaghaibh. bean úalaigh í da ríribh
Gnúis ghlan ar léir na lile. nár ghlac béas na mban oile
bean mur tá ríamh ní raibhe. gan aire ar mhían mná oile
Buime chíogh rí an ríchigh. díon a gaoíl uirre. dfhíachaibh
na bruinne do bhí ar mbrathair. máthair sin do trí tríathoibh
Muire ógh én an toraidh. do chóidh a cclé a cinidh
an ré um nóin a séd samhail. géag tharuidh dóigh dob infhir
Fedh síodha na sé líne. as ceim ríoghna doróighne
da cloinn an ní nach naoídhe. naoídhe nár bhoing í a hóighe
Bean súd go ttréighibh tríath mhná. as cnú dom fréimhsi an rí chnú
mar mhnaoí an úair do bhí bláith beó. gan smáil cheo fúair sí síorchlú
do sgríobhus do réir mur fúarus, nó níosa mheasa

//CHLU//