ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 60v12] .

Labhair liom a mhuire mathair. suidhidh sinn sa ríghtheagh [no richeagh marg.]
na tarr am aghaidh leam feitheamh. labhair dam fad dícheal
Léig an freagra as ferr réd tfaghail. liom ar eagla an ainiúil
sinn ar néag dhuit na bádh doilleir. a cruit na ttéd ttaigiúir
Do bhí do dhaonnachd fam dhíasa. ad náomhcorp naoí mhíosa
as tú an tionadh fuair na grasa. a truaill iodhan íosa
Beir manam a ógh ó sheachrán. na labhair glór guthchláon
sáor mé mur nach dúal om drochrún. a grúaidh ar ghné na subhcraobh
Sáor mo mhóid as mo mhionna. a ógh gan bhaos mbanna
cuid dod thréad gan ionnramh orra. feagh a inghean anna
Na léig mo lochd dagra ar manam. olc tagra gan turbhaidh
a grúaidh mur gréin a ghnúis shuilbhir. mo chúis féin go bfolchair
Achd an té do delbh na dúile. derbh lem cheill nach ccúala
leath do mhíorbhal a ndúil ndaonna. a úir bríoghmur bhúadha

[f. 61r] .

Bí dom dhíon ar áis no ar éigin. ar choir criosd ma fhéda
bíom ar do sgáth a sgiath dhíona. a ttrath ar bfíach dféugha
Ós [éigin exp.] eagail leam lúan an chíosa. um ceann crúaidh an cása
an chroch dheárg as éag íosa. do leanb bréag an lása
Ar ndul as an sáoghal séadmur. as mó báoghal na mbrégfledh
mairg chleachdas an toil óghbhan. a ógh dhearcghlas dhéidgheal
A chruth fíal a ghnuis as gile. rug tú día na dhuine
fagh mo dhíorgadh úadh as mfaire. thúan míngheal a mhuire
Fúair an ógh oired páisi. muire ger mor a sgíosa
is mac dé san úaidh da héisi. sa grúaidh mur ghné griosa
A mhaoír íosa a aingil iodhain. sgaoíl mainibh as an bfaluigh
sáor sinn ó díthchil iodhan. a mhichíl linn labhair.

//Labhair//