ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 59v4] .

IOmdha sgel maith ar muire. fáth molta ar a míorbhuile
do ghébh ar an óigh niodhain. sgél as cóir do chreidiomain
Óglach do bí ag muire mhóir. nach ttug eiteach na honóir
leis nárbh áil don uile bhan. amháin achd muire máthar
Ar fásac a bfad ó chách. do bhí aitreabh ag an óglách
mar as gnáth duine díadha. ó chach uile a nimchíana
A riochd mná da mhealladh soin. tig oídhche dfhios an díormhoigh
an té sa ainm nach ionráidh. snaídm is é na eisiomláir
Osgladh ar cúl na cómhla. iarruis dfuighlibh banamhla
atú ar an bhean do bhaoí amuigh. gan mhnaoí gan fer am fhochair
Mná a naoíntigh ní hoircheas damh. do ráidh an togláoch iodhan
a bhean achd gidh bé thusa. mo theag ní hé theólusa
Na habair sin ar sisi. mo dhiúltadh ní dlighisi
ní misde an teagh a ttoir me. nocha bean mar sin sinne
An cuing do ghabhus oram. ní dóigh mé da miochomhall
bean riamh um teagh ní tugad. a bhean díar osglugadh
Osglad a nonóir muire. cuingis ar an ccríosdaidhe
do bhí an aghaidh go fúar fliuch. sdo labhair go truag tuirrsec
An ingean déis a ndubairt. ód chúala an chonntabairt
osgladh úaidh nír bfolair dhi. fúair a nonáir na hóighi
Le delb a haithche dfhaicsin. tug an tóglach ionnraicsin
mac a sámhla dál nár dhligh. gradh a anma don inghin

[f. 60r] .

Da dhíaghdachd nír dhéach seision. suirge ría do ríghnision
do dhruim a dháonachda soin. cuing saogalta gur sanntoigh
Críoch do chur ar an tshuirge. an úair do bí a chomhairle
do chluin guth muire amoigh. a ccruth oile san ursoin
Muire mur gach mnaoí eile. a nursain na haitreibhe
siris dfosgadh mhall amuigh. osgladh s dob am da iarraidh
As í freagra fúair muire. ó a compánach criosduidhe
san teach ata ar mfeitheamh. neach go lá ní léigfithear
An aithnidh dhuit mur bhios bhean. na haonur ar an ingean
fóir anochd ar mhuire me. nó an ccluine olc na hoidhche
Cros an dúilimh mur dleagar. cuir eadrad as aimseaghadh
foirfe sé an snaídm a bfhuile. a nainm dhé ar an díadhaire
Muire ógh do fhíarfaigh dhe. mur nach bíadh a fhios aice
cionnus do dhéanadh sí sin. nó an ní adearadh da dhéinimh
An lámh dheas da chur a cceill. tógbhuis timcheal an fhiréin
do sheól mur do dhéanadh dhi. a dhenadh ger eól úaidhe
An ingean lér fhobair feis. don céidfhéuchain tug thaireis
ní fhuair achd a hionad sin. an spiorad úaidh dimthigh
Do bhí an aghaidh sin más fíor. lán dúamhan agus dimsníomh
go ttug muire ar na mhárach. a chroidhe da chomhpánach
Tábhram uile dar naire. an taom sin da trocaire
dár ndíon ar dhoirsib na bpían. biom san óighsin ar áonrían
Cuairt na heilti dfhios a laoígh. do ní dfhortachd a hóglaoígh
mo geanur as duine dhi. muire dom dhéanadh dhisi
Mar sin rug ríogan nimhe. ó peacadh a páirtighe
cuairt na hóighe sa nursain. súairc do róighne an ríogansain

[f. 60v] .

Go ccreiter mur as dú dhamh. a ccumachdaibh muire máthar
sgéula ar an óigh is iómdha. na shéula cóir creidiomhna
Umhla ina gach óigh oile. máthair mic na trócaire
as uime ró dhíridh día. a mbruinne mhínghil mháría
Tainic día na dhía féine. na bruinn mur gha geilgréine
a naoídhean do baoí na bruinn. a mhaoidheamh mur chnaoí a ccrobhuing
Táinic na dhuine sna dhía. arís a meadhón mharía
a toirrcheas an tráth do ghein. oircheas do chách a creideimh
Da mbeinn do badh beart dhoiligh. ga ttás mé da míorbuilibh
lía ina duille as féar faichthe. sgél ar mhuire meábraighthe

//IOMDHA//