ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 57v21] .

Tadg óg úa huiginn .cc.
Slán ar na mharbhadh mac dé. amhlaidh sin as sía a bhúainre
ní cás mur do cúaidh a chorp. fuair bás agus fúair furtochd
Mac dé gur doirtedh a fhuil. ní dhaíngnigh na dhúthuidh
do leasuidh bás dé an domhan do fhás sé dár slánughadh

[f. 58r] .

Deis a mhárbhtha is mó a nert. críosd ar ar cumadh ainbheart
sé ar marthain achd gé mharaidh. marbhtar é ré hiobhalaibh
An dall ar ngabháil a gha. tug ar criosd cnedh a mharbhtha
tar éis fulachduigh dé dhó. cumhachduigh an té teasdó
Rí nach bfuil rí ga rochdain. as creite da cumachdaibh
ní rí cneasda achd an tí tá. san tí teasda nach tteasda
Gé fúair bás do bhreith iodhal. ní héidir é daithríogadh
atá sé bíaidh is do bhí. ar líaigh é is ar nairdrí
Ag glacadh dhóibh día do chion. da madh áil leis ní léigfiodh
mac dé fa mac do mhaighdin. nír bhac é da easccairdibh
Maith do rinnedh a riochd uilc. marbadh dé dána an íodhbairt
beart as aille ar ttochd asteagh. beart as gráinne don ghaisgedh
Do rinnedh criosd do crochadh. tugsat trúagh an tortachadh
spéis an obair na haoíne. déis chogair na céadaoíne
Na cúig cáis deag doirbh an páis. fuair criosd do chogur iudáis
na cuig cais deag adéaruinn. sa pháis créd nach ccuimnéaguinn
An cead cás díobh sa dardaoín. deagla méabhla agus mioghaoíl
allas fola deirge dhe. bara na ceilge chuige
An dara cás cruaidh an bhreath. mur do bhí criosd a ccuípreach
mac dé nír fhéaghadair air. sdo tshéanadair é a eapstail
An treas cás adeara dhe. ceithre lot na ttri ttáirrnge
gona a ghéagbhonn gona a bhos. gona nach eattrom othros
Ní raibhe ball da bhallaibh. cás oile da íodhlannuibh
nár tairrngedh ré cois da ccur. ré cois tairrngedh dá tholladh
Gan phoinn socraidh achd sé amháin. tar éis apstail dha fhágbháil

[f. 58v] .

tarla sé ag slúagh an domhain. mur úan é idir fháolchonuibh
Tar éis a ghona don gha. do bhúail air teasbhach tarta
a íota agus mé da mheas. nár íoca mé achd lé maitheas
Domlas áe dámhna a dhighe. is fíon dob olc inibhe
othar dighe seirbhe sin. éighre nimhe aga náimhdibh
Caoíis día fa a dheacroibh féin. is fa chloinn ádhaim ainnséin
caoí sin gan dlaoí ar a dhéaruibh. do badh caoí fhir aithmheulaigh
Créd far fhág[ai exp.]bhais a athair. mé ar criosd idir ciontachaibh
a bpíanuibh [idir exp.] nach peannuid bog. fa ríaghuil neambuig namad
Adubairt día na dhíaigh soin. gap an tanamsa a athoir
id láimh atú dhá thiomna. tú ar bfháidh is tú ar ttigerna
Diúltaim dom chumhachda a cclí. do ráidh ainnséin an tairdrí
is do chlannuibh ádhuimh uile. nách ttarruidh ar ttrócaire
Ní frith na dhíaigh dér fhola. a ccorp criosd géar chomhrogha
mac dé gan anam gan fhuil. sé sa chalann na créuchduibh
Neimh na ccréchd sin crúaidh an sgeinm. ráinic an iochdar ifeirn
ráinic ar neamh seca soin. sar fedh an bheatha bráonuigh
Doímhne a chnedh do badh cás te. sgoltad chompair a chroidhe
sgoltadh learg mbán a dhá bhonn. agus clár nderg a dernonn
Nír áireamar sin go se. a chnedha ón choróin spíne
dar chuir cumhgach ar a cheann. rér mhuidh cumhdach a chuisleann
Sé gona sa deich ar dhía. sé cead lot ar mhac maría
sé líne do bhean a broid. sé mhíle cnedh ar cháogad
Más fíor deólchaibh as íad sin. cúig cáis déag an dúilimh
maitheamh na ttri ccás fa chóig. do grás go ttí ón trionóid

[f. 59r] .

An bhreath reachda rugadh air. ata ar ceann chloinne hádhaimh
da mbe an cása inar ccínne. grása dé dar ndhídinne
Ionmhuin le día na daoíne. ní grádh do cheann chumaoíne
má tá cleathrámh asé sin. leathghrádh dé dona daoínibh
A ndearnamair sa ndéanmaid. ré día cionnus chuitéagmaid
ionráidh námhad an ríogh rinn. dar ndíon [tánac on erasure] a tuitim
Níor bfiú sinn slúagh na cruinne. tuitim íosa eadroinne
ga ttám achd do thuit seision. an lámh do luit leighisiodh
Nach trúagh a dhaoíne an domhain. pairt agaibh ré híodhalaibh
trúagh an stiúradh do theachd tribh. beart iubhal ar an airdrígh
IOmháidh criosd ar bur ccomhair. as follus go bhfacabhair
ní cumhain libh clí an chéasaidh. do chí sibh na soiléusaibh
Uirísle marbhtha mhic dé. mairg ara bfhuil an fhínne
do sgaoíl cranngal na croiche. daoíbh ádhbur na hurnaithi
Ag sin ar criosd na cnédha. ag so na trí tairngedha
mór anos nimh na sompla. ag sin an chros corónta
Féach a choróin fana cheann. ní criosdaidhe nach ccreideann
as fíaghnuisi do ní nimh. an rí at fhíaghnuisi dfaixin
Ata fuinn cnedh an croidhe. nach íadhann tré fhíochmhuire
san fuil derg tar a dorus. fa bfuil ferg as faltonas
Atámaoíd trúagh an mhalairt. ar son criosd a cconntabhairt
ní féidir liom lógh na fhuil. is tám a ngioll re a ghonuibh
Mé [an above] cionntach ar cionn an sgeóil. mairg ar a bfuil an feithmheóir
mac dé na bhreitheamh léir lóm. sé féin ag feitheam orom
Go ttuga día na dhíaigh soin. do chloinn ébha agus adhaim
fáilte a ndeaghaidh gac dála. sláínti dfearaibh easlana. SLÁN.

[f. 59v] .

Slánaighter ar son muire. neach nach túar an trocaire
mairg dhúin nár dhligh a dheaslamh. súil ar nimh as neameaslán

//SLÁN//