ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 57r16] .

Máol muire mac an baird .cc.
Ag so an teaslán da ríribh. ag seachna an raoín roidhírigh
ré ceó ngalur is ghon mbáis. do thol fhalaidh as úathbháis
Ad chiú sunna sáobh a dhál. othar ainéignec easlán
ata ar [?c]hor ndoiligh ndocrach. fá roinimh ghon nguasachdach
Ni cneádha nach cúis gábhaidh. ata síad seachd bpriomhálaidh
gom creuchdnochadh tinn attám. sinn an teachdothar easlán
Ochd luit oile och do ghoimh. atáid is béid rem beathoidh
ag foghail óirne dom áis. do ghonuibh dhoímhne díanbháis

[f. 57v] .

Ata bhós do bharr teádhma. ar na gonaib gráineamhla
cúig dóirsi dórcha do druid. soillsi dforgla ní dhéanuid
Ní léigid so tharsa asteach. do leighios mo lot neímhnec
luibh badh tarbha dhamh no dháibh. mo char as dámhna diombháidh
Na seachd mór peacuidh márbhtha. creachda bhús cian comhartha
na seachd nálaighsi asíad soin. námhfhaigsi íad dom anmoin
Na hochd náluidh úd oile. na hochd coirthi collaidhe
gaoí gera lé ngontar sinn. ochdar sa bfréamha ó bfhuilim
As íad na dóirsi dórcha. mo ceadfadha corpárdha
nach leig líaigh an teádhma asteacch. na bearna na ndíaigh dúintear
Tú an líaigh nach leigter asteach. tú luibh na náladh néigneach
tú mo rísi a rí neamhdha. arísi as tú ar ttíghearna
O nach bfuil líaigh na lotsa. na luibh fhóirthi mháladhsa
achd thú amháin a meic muire. deit as cáir ar ccomhdhuine
Leighis mé do mhuin páirte. bráon dfhírshreib na híocshlainti
leig do cobhair mo chnedh ttrom. go ttoruidh asteacch torom
Sgaoíl an ceósa fan ccroidhe. nochd damh a rí an ríchighe
léas dod tshoillsi muscail me. osgail mo doirsi dúinte
A dhé athar na nuile. ós treisi an truaill talmhuide
trasgair í fan anam lag. lé mbí an chalann ag comhrag.

//AG//