ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 56v8] .

Tuileagna rúadh o maoil conuire .cc.
Cuir srían rem corp a choimdhe. ós é as each dar nanuimne
meach iomchair ag triall re a toil. dob ionchuir srían da sheóladh
Ní sbuir iarruim don eachsoin. do chim nach é a huireasbhoigh
triall dob áil ar a haghoidh. srían as cáir da connamoin
Ní hé gach áon srían fhóghnus. don each hsanntac hsiubhalbras
cóir gallshrían do dhéanamh di. lér eirigh dainmían innte
Cuir aradhna don úmhla. a srían an eich allmhurrdha
macnus na clí do chalcaigh. bha[r canc.]cfus í da hiomarcuigh
Cuir don déirc do dhíon manma. ris an each mborb mbarbarrdha
go ttoirmeisce a meanmuin mhóir. ceannruigh ndoibriste ndeargóir
Cuir san srian a mhic muire. bélbach trom don trócaiRe
sdiúrus asteach tar a toil. an teach lé ciúnus crábhoidh
Smeicíall daithrighe géir ghloin. cuir cheangailti don [tsriansoin canc.] [cheannruigh above in late hand]
an íall gan chlaoíne gan chor. íadh gacha taoíbhe ina tiomchol
Ma tá gur chuiris srían. ream each deagla a hainmían
cía an neach dár dulta ar a druim. da socra each gan údhaim
Pillín socair do grádh ghlan. cuir a dhé ar each na hanman
dob ionchuir dhuit ar a druim. cuid a hiomchuir don údhuim

[f. 57r] .

Cuir uirrthi a rí is rí ar neamh. tíarach do dhóthchus dhaingean
as tú a rí as cubhaidh da chlódh. na tí dhi an udhuim diompódh
Uchdach dot tfirinne féin. cuir innte a úain an fhíréin
ó tá do bhreith go brath ort. bheith do ghnáth aga giollochd
Geis di miréir a marcuigh. teann fúithe a criosd cumhachduigh
túar gábhaidh a geasa sin. túar crábaidh is creidimh
Gúais leamsa nach iontaoibh meach. gnáth an groidh otruigh úaibhrec
gníomh báoghail a dhé a dóibeart. cáomhuin mé ar a marcaigheachd
Beith ar lár dhi fa dheiredh. ós é a críoch go ccaithfidhear
maircc ar ar luidh an chlí chuil. ní bhí achd ar muin a marcuigh
Mian di dul ar athaghaidh. teann isi ar a haradhain
maircc sliommharcach fúair mur each. an truaill iomarcach úaibhrec
IArruim ort mas sí do thol. go ttí dhíot a dhé athor
bheith do líaigh ar mo lotaibh. a ndiaigh an eich anshocair

//CUIR SRÍAN//