ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 54v13] .

Maoilsecluinn na nuirsgéal .cc.
Túar feirge foighide dhé. biom a noirchill an fhínné
a dhiomdha ag fás ris gach fear. grás nach diongna fá dheiredh
As sí an fhearg mhall as measa. a chiall is cúis aitcheasa
tiocfa rú gan tochd fa a thoil. olc nocha dú gan díoghoil
An cheannsachd caitheas rinne. as grían a ngar dílinne
leanfa sé fós na folta. a thós ní hé as ionmholta
An eagcóir leis do locadh. do bhreagnaigh sé an seanfho[l exp.]cal
gé tá nert dé ar gach duine. a cheart as é as eaglaighe
Fogus da fhéirg a haghuint. duinn ní cuirthi a cconntabairt
lá na togharma do theachd. a chomhardha atá ag toigheachd
Deiredh don aimsir más fíor. do bfhoide ó fheirg an airdríogh
an domhan ané nó niudh. robadh don té do thuicfiud

[f. 55r] .

Tiocfaidh na síona sáobha. nach búdh aimsir iontáobha
beith dfoltaibh dé nar ndeaghaidh. nochdar é le hairgheanaibh
Sneachda nach éidir dfulang. gáoth as gairbhe uradhall
cioth teinedh na dhíaigh ga dháil. biaidh a ndeiredh an domnáin
Béid na croinn agus an chré. ar lasadh a ló an finne
geubaidh cumha na clacha. nach budh lugha a lasracha
Achd gé mór ngábadh do gheibh. ón fhuachd thall is ón teinidh
go búain a gabhol ón ghréin. an talamh ní fhúair oilbhéan
Fearfuid luibhe gacha leirge. déara fola foirrdheirge
fachan na fala duinne. fala an athar oruinne
As faide ina eadh radhairc. rachus uainn san fhiormamaint
an fairrge as a faluigh féin. raghaidh a nairde daithleim
A luchd tuilti na teinedh. ar bar ccionn do chífidhear
sgel as trúaighe da ccluinti. bel gach uaidhe osgailte
Gach anam as é a bhunadh. tiocfa as tra dhá mhothughadh
lá an tabhaigh ar ceann an chuirp. gerr ón fhalaigh a haghuint
Ní fhuigfe anam na déagla. michél máor an tigerna
a síol uile agus éabha. duine dhíobh nach dúiseagha
Suidhfidh a nellaibh nimhe. ós cionn an uird ainglidhe
gairm slúaghaidh ar chách cuiridh. fáth úamhain a nionnsoighidh
Cnedha a bhonn sna mbas ttana. ferfuidh frasa donnfhala
sreabha ainmera an ochda. badh airgeana ionganta
An ghoin do bhí na bhonnaibh. sa héuraic nár iocamair
teilgfe an ghoinsi a ló an lúain. nach bá mó a cuisle an ceadúair
Do geubha gach duine a dhúais. ón rígh do réir a chogúais

[f. 55v] .

ar chairde nocha ccuirfe. a chairde nó a chomhaighthe
Ní fheadfa an uile náomh. dom dhíon da ndeachdaoís déantaobh
san mbrath ar an mbreitheam ccóir. mfeitheamh a ttrath an tionóil
Breath dé muna dheacha linn. ní sháorfa sinn ó ifirn
sí do guidhe an dúilibh dam. ar ghlúinibh muire máthar
Measfaidh ar tus teachd a ccorp. measfaidh sé bhós an bhochdachd
athuidh gar ndé[i exp.]noimhne dho. eanoighre an athar íosa
Gach commaoín dár cuir óirne. a pháis is ar bpeacoidhne
aigéaraidh ag breith na mbreath. aidéubaidh gan bheith buidec
Leanfaidh íosa sní hé amháin. gan bhíadh gan eadach dfaghail
móide leanus é dobadh. feabus dé fá dhearlogad
Do bhreith gach eólaigh orra. difir ní bfuil eatorra
réir gach duine dha mbí bochd. as rí na nuile dfurtachd
Adéara an coimdhe ré a chloinn. ní fuarus óm áos cumoinn
ge mór da bfalaigh fúair me. cabhair a núair na héigne
Me an braighe ar a mbí árach. mur ccábhradh mo chompánach
ní háomhadh óm fhear páirti. mo tháobhadh fhedh measláinti
An cúmhgach nar cuiredh me. méad mo tharta uair eile
íocuidh thall is an teinidh. gan mhiotain ann tfóiridhín
An luchd do congaibh mé amoigh. gach uair diarroinn leaboidh
anfuid amoigh úair oile. uaim ó thoigh na trocaire
Ní fhuighe sibh ó so amach. fód da bur bfearonn cartach
teachd leamsa nocha dú dhaoíbh. a dreamsa atú do thathaoír
A briatra troma terca. léaghfidh luchd a neisdeachda
dár nionráithne na nanam. iorghártha bhán nuradhall

[f. 56r] .

Dealughadh ré día athar. déis an mheic da meadhachadh
lá seanuidh na ttrí tteaglach. bádh í an deaghail dhoimeanmnach
A mallachd cuirfidh ré a ccois. rachaid do réir a neolois
sealbh dé as a láimh an laso. ní hé amháin a mhíograsa
Bíaidh aca a nionadh an ríogh. luchífear nar loc mighníomh
a luchd cumtha ga ttám dhó. bádh lán dorcra as dannró
Sgartar re deibhléanuibh dé. ar chách mur cuirthear finné
na pobail do choill a cceart. mur boing chogail a cruithneachd
Na sé taoímsi do thaíghlis. ní cosmail san chéad aíghnis
ré a gháol béaraidh a bhuidhe. déanaimh na ttáom ttrocaire
Aris rachaidh da shlonnadh. adéara go ndeárnomar
oibreacha dé ceann a cceann. sé toibreacha nach ttraigheann
Do chúabhair fa breith na mbochd. badh libh a luchd na mbeannochd
do lúach bar ttoirbheart mór mhion. oígreachd na nógh sna naíngiol
Daoíbh do bheirim beannachd lais. ionad aingiol an díomais
a chlann dana cóir an tionadh. an ghlóir thall do thuilleabhair
Béid ar mosgladh a meanma. a ttimcioll a ttígerna
ré ttriall ina thigh cuiridh. mían gach fir da ionnsuighidh
Oirfidedh a aingiol féin. binn lé hanam an fhiréin
badh ceól clúas agus cridhe. anúas ón eón ainglidhe
Deoch milis an mhuir neamhdha. dhuinn as dámhna soimheanma
grádh síor ag gach duine [dhi above]. sgo bfuighe a dhíol don dighsi
.b. Ata in gach dhuine dhíobh. gé ata a ndíol aca déintir
meic ríogh na ríghe neamhdha. díol tíre do thíghearna
a. Ata ag ardfhlaith náomh nimhe. a ccuirt na nord nainglidhe
mairg fear do cuiredh da cionn. fledh gan fuigheall gan foircionn

[f. 56v] .

Ar ceann an bhráich biom ullamh. cairde go foill fúaramar
an athchairde ní ffuigheam. na hathgairde ionnsuigheam
Do thúir ádhamh as éabha. fearcc chriosd as cúis aithmhéula
go lá togha na ttrí slúagh. ní bhí an fhola achd go hathtúar
Da mbeidis gom breith ar neamh. bríatra ógh agus aingeal
úadh noch ar bfeirde ar tteibe. as túar feirge foighide

//TUAR//