ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 53r] .

[Pilib bochd .cc. exp.]
[later hand:] Mathghamhuin mhac i uiginn
Náomhtha an obair iomrádh dé. ré lán dar las an duibhré
lámh sháortha an chogaidh ar chách. náomhtha an obair a iomrádh
IOmrádh dé díadha an obair. craobh eóil na sé slúaghphopal
gnúis gheal danab obair mfaire. sreabh thobair na trócaire
Ar tteachd thairis tuillter neamh. tigerna na ttrí muinntear
rí ar sáoroídhne ón uile fer. náomhoigre muire maíghdean
Códhnach nimhe na naoí ngrádh. tig sé eadroinn ré a iomrádh
dar bfaire ní léagthar leis. abhaile a ttéagthar thaireis
Athair miorbuileach an mhic. lúaidh é go meinic minic
rod thiomnáidh an uile chion. iomráidh a dhuine an duiliom
Sgél díadha derbhuid fáidhe. rí nimhe a núair iomráidhe
tig a dhuine anall do nimh. barr na nuile dot fheithimh
Ata riam derbadh díaghdha. ar so ag sruithibh imchíana
ní as lór da dheimhnioghadh dhamh. glór seinliobhar seanchadh
Cupla firéan fada ó shoin. do thogh día ar crúas ccrábhoidh
bheirt bhráitreach nar bhorb reachda. an ord craiptheach coisreactha
Fa mían leó a ló sa noídhche. bheith dhóibh ní dáil mhearaighthe
gnúis dhíliodhbhlá[i exp.]th go ngné ghil. ag sioriomrádh dé dhúilidh
Fá doibinn leó briatur bhinn. achd lúadh dé díaghdha an inntinn
fúaim organ ní haignedh bog. caidreamh na cómhrádh carad
Rug an inid fan amsoin. ar an mbeirt mbochd mbratarsoin
a bfhéasda fa fulachd mion. ré hurachd chéasda an coimdhedh
Nír chuimhnigh éinneach orra. don ord a nam chómhronna
da mbíathadh ré huchd noídhche. luchd na mbríathar mbeannaighthe
Do chíd chuctha um nell nóna. an cupla cháidh canonda
neach na ndeóigh ar ndul asteagh. agas feóil omh is aighean

[f. 53v] .

Fagbhais an fheóil san aighean. ann sin gon días díaghairedh
dála an fhir do chóidh ré ccuid. do sóigh don tigh ó ttánuig
Nó gomad bruithe an fheóil amh. déanam ar an dís bráthar
pór saoíriomlán na sé bfréumh. naoímhiomrádh dé sa dhéibhléan
Rí an bheatha ceann gach caingne. do níd naomtha an comairle
iomrádh thobair na ttri sreabh. ní hí an obair nár heisdedh
Fúair fonn a iomrádh orra. tornus íosa eatorra
bláth glainbhile grúaidh mur suibh. na sdúaigh ainglidhe iodhuin
O inid go cáisg nar ccionn. lá na oídhche diúl sgribhionn
nír léir dhóibh ag dul tarrsa. glóir a mbrugh na mbriatarsa
Ní dheachaidh duine ar domhan. an fedhso da bfhíafrughadh
lúadh dé da ccur tar cuímhne. as e as bun dár mbríatraibhne
Aghaigh casg da seómra soin. ceann urrama nuird chrábhuidh
lé sgéuluibh úaidh sul do fhill. do chúaidh dfheaghain an innill
Do chí sé an fheóil san aighean. do chí a ccinn nurnaighedh
cóir mhían da macuibh sámhla. tríar a mbratoibh bratarrdha
Do chí an tráthsain an treas fer. spiorad dé díadha an taíbhredh
do chí neamh úaidh ga fhaicsin. mo chean fuair an tamharcsin
Iarruis fosgladh na ainm féin. san teaghdhais thaoíbhgil shoilléir
ní fhuair mur thánuig asteach. an úair achd cáruid chléireach
Fíafraighis ar ndul asteagh. créad an fheóilsi san aighean
.b. tagair ar dhá aíghneas sinn. sul raibh na ainbfios orinn
Créd an chathaoír lúaitear libh. ar ghrádh dé a compain chléirigh
.a. guais a mhaitheamh fa dheoigh dhaoíbh. feóil do chaitheamh sa chataoír
Cataoír sunn do ní gach neach. oídhche chásg ar an cléireach
bádh deoch domlais fa dheóigh dfer. feóil an corgais do chaitheamh

[f. 54r] .

Feóil chorgais ní curthaoi a suim. tug neach ó chíanaibh chuguinn
snach bfuil sé a gnénúaidhe ghil. ré éanuaire inar neasbaidh
As í an cháisg ann más fíor dhuit. más fíor dhuinne as í an inid
a ghnúis fhionnglan cháidh connail. cáir iongnadh nar nagalluibh
Massedh ar an cléirec cáidh. féachaidhsi go fiú an chomhráidh
gach ní da raibe roinn ribh. ag boing aire don aimsir
Ní ar domhan nír lúaidhedh linn. ní raibhe nar núidh nár ninntinn
an ré iomlán go ngné ngil. achd ar iomrádh dé dhúilimh
Fíor sin ar an cleirec cáomh. as é an spiorad fhíal fhíornáomh
do bhí eadroibh ga iomrádh. an rí eagnaidh aghaidh bhláth
An úair tánac da bur ttoigh. nír léir dhaoíbh dála an tsháoghail
fiú an ruithnedh tanuig asteach. a cháruid cruithgeal cléireach
Atúsa féin dfíaghuin air. as é do connarc ó cianaibh
eadroibh a ccoluinn ní chél. a crobhuing eagnoidh fhiréan
Bar mbeith fumsa ní dúal dam. trúagh mo corsa um ceann brátar
uch as fearr sibhsi ina sinn. mo gheall libhsi do léigfinn
Líonais daithmhéile ann sin. tug tuirrsi a ccridhe an chleirigh
fa ttarla ag díandhortadh dér. niamhfholcadh anma an fhíréan
Dol ar neamh na naoí bfionngrádh. do éisd día lé deighiomrádh
do deónaighedh dhóibh leath ar leath. an beódhoiger cháidh chléireach
Déanam aithris orra so. tabhram toil diomrádh íosa
bádh cobhsaidh ar síodh mar sin. bíom cosmail ris na cléircibh
Mac ar seathar slios fionnbhláith. gach neach bhios da bhithiomrádh
téid dhóibh mar chomhaidh da chionn. glóir ar nach bfhoghair foirchionn
IOmráidh é lé hiomad ngráidh. guidh ainnséin déis iomráidh
do bratair tre ghuidhe ngloin. gnáthaigh a dhuine a dhéanoimh

[f. 54v] .

Cnú chomhdaigh dar ccrobhuing féin. an uair iomraiter eiséin
réidhe sa chách far ccinne. bláth fréimhe na fírinne
Rí grásamhail na glóire. éanmhac búidh na banóighe
ar ccoimdhe ag teachd da tuismedh. coinge na seachd soluisneamh
Tús as deiredh an domhain. airdrigh suthain síodhamhuil
ceann glóirinmhe an tighe thall. slighe fhóiridhne ar nanmann
Ré lán dar labhair dainiél. cnúas abaidh crann chumhraidh frem
grúaidh rébhán na ruithnedh sáor. éngrádh sruithnedh as seannáomh
Go ttuga a bfochair náomh nimhe. úan dé mac na maighdine
do chionn a dhaighiomráidh dhamh. do [no an above] fionn aighiodhbhláith iodhan
Aighneas manma ar iochd peadair. lór dhuinn do dhíon mairteagail
fa chúis éarca ghuine an gha. réulta na huile eagna

// NAOMTHA//