ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 51r10] .

Tadg óg ceadna .cc.
Beag nach ttainig mo théarma. a oircill badh indheanmha
is cionta don té nach ttuig. dom ré ní thiocfa a ttánuig
Lá dá ttáinic ríamh roimhe. ní thiucfa ar ar ttéarmoine
ní mó as liom an lá nách ttig. ní ar mo chionn atá a ttáinig
Lá ar aisioc ní bfuighe sinn. dár caith mé maircc nach ttuiginn.
ní fhill mo ré na fhrithing. ní linn gan é doirchill
Gearr bhus comursa an chruinne. téarna an sáoghal seachuinne
a ttéarna is dom ré raghas. mé gach éunla  a namharas
Ga fios damh a dhé nimhe. anos úair na [huair exp.] haithrighe
an mbeam an úair oile ann. an úain bhus ghoire gabham
Nochan fhidir neach fá nimh. an bfuighe ón bhas beart dhoiligh
da mbé fear sa ré roimhe. do ré eadh na haitridhe
Mithe oirchill an éaga. duine dhinn ní dheirméada
suil do bréagtha úaim moige. déanta túar na trionóide
Ní léigfe an bás buan a ghoimh. mairg is ciontach fá a comhair
do luchd an bheatha is derbh dhóibh. an leanbh seacha na an seanóiR

[f. 51v] .

As ciontach nach caithid so. as giorra an téarma ata rompo
a cceadaoís ré ceard na ndúl. da bfeadaoís a fhearg diompúdh
An bior do bhí na troighthibh. as ciontach nách cceannaighthir
san crainnsin réar chuir a druim. ar a bfuil daimsir aguinn
Do luigh ar lár na húaighe. dfoirithin ar nanbhúaine
tug fréamha a cridhe dar ccionn. rug fine eabha a hifrionn
Mór an tádhbhar diomdha dho. mun badh urramach íoso
sé ar dha fhear dhéag fa dheiredh. sa mhéid do lean luichífear
Gé atád síad ag séana a lochd. gan aithrighe gan úmhlochd
na cionta gidh cía gá mbeath. mar tiogfa día ní dhingnedh
Tiocfa lúan laithe an bhrátha. mór an tádhbur ursgátha
día sa croch ré a gúaluinn gil. och cía bhús tualoing teithimh
Aigeóraidh día do dealbh neamh. ar ciontachuibh an choímdhedh
a guin sní hí na héanar. gidh cuin tí da taisbéanadh
Measfuidh athair na nuile. maith as olc gach éanduine
eagail an úair adéara. teagaibh úaibh a fhiréana
Na creuchda fhúair nár íoc me. sirim a huchd na hóighe
ar a mbeith rochosmhail ruinn. cleith na notharsain oruinn
Oíghre dé do dhiúl a cíogh. maoídhedh mathair an airdríogh
a chadladh ar a glún geal. a gradh dhún ar an dúileamh
Fogus do mhuire óigh inn. ó gháol anna agus íachim
ata mo gháol ní as neasa. dhí na mo craobh choíbhneasa
Gidh iomdha álad domhain. ar íosa nar nurchomhair
lór éadoimhne na náladh. da bféadaimne a bfriiothalamh
Móide as ciontach clann éubha. ré críosd as cúis aithmhéula
do maithfidhe a fhuil sa fheóil. domhuin aithrighe ar éindheóir
Do chúala me eachd oile. uirsgél ar an aithrighe

[f. 52r] .

do ghlór an sgrioptúir an sgél. mór is iontnúidh a naibér
Re linn críosd do chúala me. bean ré brisedh na naithne
srían ris an corp nochar chuir. fa mían badh olc da hanmuin
Do bhí muire mhaghdaléan. a naghaidh dé sa dheibhléan
tig do lár [ameanma exp.] a nderna ar dhía. a grádh a meanma maría
Lá éigin dá aithle so. do chí ar éis aisdir íosa
ag nighe a ghealbhonn do gh[e exp.]abh. cridhe a dernonn gur deargadh
Nír chomail díobh achd déara. mór an acmuinn aithmhéula
gur nigh a bhonn sa ghlún geal. mong a dhá súl ag siled
An bonn tana sa troigh bhog. an rosg do rinne a nionnlod
muire do chomail a céibh. dá bhonnaibh uile ainnséin
Ní dheárna ríamh roimhe soin. a níoc ar doirt do dhéaroibh
ní nár maithedh don mhnaoísi. sí ar ccaitheamh a céadaoísi
Do ráidh día fa díocra an teisd. mo chion do chúala an aitheisg
umhla muire mhagh daléan. damh tar na huile fhíréan
Do mhaithfedh día [do dhealbh exp.] a nderna me. ar tús a ttosach maoísi
don mhnaoísi mar do mhaith soin. sgaith a haoíse re holcoibh
Maircc da ttig a seachno so. an teaghdhaís atá íosa
go ttí dhiom túr an tighe. do chríon nó dúr maimsire
Da mbeithea ar neamh na naoí ngrádh. ó do cruthaigh día an domnán
ní mor nách éanlaithe dfior. ré glór éanlaithe is aingiol
Do gheibh teaghlach thighe an ríogh. is beatha ó nac búan imsníomh
toil a cclúas is a ccroidhe. thúas a ttoigh na trócaire
Cuid da naoíbhneas leath ar leath. luchd an tighe as día dúileach. an macsoin
dé dá dhéaghain. is é dfaicsin dfiréanuibh.// achd taithneamh ríogh an ríchigh
IS lór lé luchd an tighe. daoíbhneas aca dháiridhe. gean go bfaicfedh as fíor sin

[f. 52v] .

Teach eile aitrister dúin. tug día dainglibh an iomthnúidh
as glóir do mhúch a meadhair. tnúth dhóibh ris an dúileamhain
Do ionnarb día anúas do nimh. an deacmadh ord da ainglibh
teagh dóirche a ndíaigh na heachdra. biaidh choídhche gan cuideachda
Ar ttuitim anúas do nímh. lé hanúabur an aingil
téid gile dhóibh ar dhuibhe. slóigh thighe na trócaire
Teach ifrinn aga fheitheamh. ó soin a leith ag luichífear
mairg ga bfoil an teaghsoin tráth. easbhoidh [nach. bua canc.] ón toigh ní theastá
Atá teine ar nach ttéid smál. a mbrugh ifrinn ar fhadágh
sneachda nach sil ré teinidh. a ttigh leabtha lúichifir
Ní féadtar a fhulang sin. sneachda garbh tre ghaoíth neimhnigh
gríos na húamhad gach ré nam. bhíos na fhúaradh don anam
Gen go beith ní beag an téidhm. fuachd nó teas a ttigh ifreinn
glór na ndíabhal is a ndath. lór do phíanadh na bpeacach
Ar ifrionn go naince me. an bhos do bí fán tairnge
is an troigh do chúaidh fan ccló. do loigh a núaigh sdo éló
Ionmhuin bél do bhí na thochd. a meascc iobhal tre úmhlochd
ionmhuin bonn do bhí snoighthe. sa rí a ccronn dár cceannaichne
Do cheannaigh día re digh sheirbh. gan mo cheannach [no bheith above] a mbrugh ifeirn
rí na ndúl achd ger tháom te. as dún ro áomh a hibhe
Mór an onóir fuair muire. ar néag don fhionn fholtbuide
rug eitil anonn ar neamh. sa bonn ar eitibh aingeal
Déanadh tar ceann mo cheanadh. mathair mheic an dúileamhan
síd an ríogh do róine me. ar chíogh na hóighe dibhe
Sáor ó bhreig an bheatha cé. go rabh tádhg tráth an finné
gurab é a críoch ré ndul de. síoth dé re for a bfuíghbhe.

//BEAG NACH//